An Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát

Punann Éileamh Chasta agus Ilghnéitheach a Bhainistiú

Éilimh Chliniciúla a réiteach

Seirbhísí Máithreachais – Tosaíocht Bainistíochta Riosca

Costais Dlí a Laghdú

Bainistíocht Riosca a Fheabhsú

Tá GBCN sainithe mar an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát (GÉS) nuair atá sí ag bainistiú éilimh in éadan an Stáit agus údaráis Stáit agus ag tabhairt faoi fheidhmeanna gaolmhara bainistithe riosca chun costais dlíthíochta in éadan an Stáit amach anseo a laghdú.

Clúdaíonn sainchúram GÉS rioscaí um dhíobháil phearsanta agus dochar do réadmhaoin tríú páirtí agus éilimh a bhaineann le 139 údarás Stáit lena n-áirítear an Stát féin, Airí Rialtais, an tArd-Aighne, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, an earnáil chúraim sláinte dheonaigh, an Garda Síochána, Seirbhís Phríosúin na hÉireann, Óglaigh na hÉireann agus scoileanna pobail agus cuimsitheacha. Bainistíonn sí costais tríú páirtí a eascraíonn ó Bhinsí Fiosrúcháin áirithe agus éilimh le haghaidh costais dhlíthiúla ag páirtithe a bhfuil agra déanta go rathúil acu ar an Stát maidir le díobháil phearsanta agus caingne eile a bhaineann le díobháil neamhphearsanta.

Bainistíocht Éileamh agus Dlíthíochta

Is é cuspóir bainistíochta éileamh GÉS, agus í ag feidhmiú ar son leas is fearr na gcáiníocóirí i nithe a bhaineann le dlíthíocht díobhála pearsanta agus damáiste réadmhaoine, feidhmiú go cothrom agus go heiticiúil ina gnóthaí le daoine a d’fhulaing gortuithe agus/nó damáiste agus a ghlacann caingean dlí in aghaidh an Stáit nó comhlachtaí Stáit, agus lena dteaghlaigh. I gcásanna ina dtagann imscrúdú GÉS ar an gconclúid go dtiteann cuid den dliteanas nó an dliteanas ar fad ar an údarás ábhartha Stáit, féachann sí le héilimh a réiteach go gasta agus ar théarmaí córa réasúnacha. Má mheasann sí nach dtiteann aon dliteanas ar an Stát, is é beartas GÉS leas a bhaint as gach acmhainn is gá chun cosaint ar na héilimh sin.

Éilimh Ghníomhacha ag Deireadh 2016

Bhainistigh GÉS 8,898 éileamh gníomhach le dliteanas measta gan íoc €2.2bn ag deireadh 2016.

Éilimh

Dliteanas Measta Gan Íoc
€m
Cliniciúil 3,021 1,671
Ginearálta 5,877 530
Iomlán 8,898 2,201

B’ionann éilimh seirbhísí máithreachais agus €1.09bn nó 65% den dliteanas measta gan íoc iomlán d’éilimh chliniciúla ag deireadh 2016. Baineann an dliteanas measta ard a bhaineann le héilimh maidir le seirbhísí máithreachas go príomha leis an gcostas ard ar chásanna naíonán le gortú inchinne tubaisteach a réiteach.

Cuireann an dliteanas measta iomlán gan íoc €2.2bn Cinneadh na Cúirte Achomhairc in Gill Russell v Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte san áireamh, agus lorg GÉS cead chun Achomharc a dhéanamh leis an gCúirt Uachtarach ina dhiaidh. Dheimhnigh an Chúirt Achomhairc gur cheart go mbeadh 1% mar Fhíor-ráta Toraidh maidir le ríomh damáistí cúraim speisialta sa todhchaí. Dheimhnigh sí chomh maith gur cheart go mbeadh 1.5% mar Fhíor-ráta Toraidh maidir le gach caillteanas tairbhiúil. Ba é 3% an Fíor-ráta Toraidh a úsáideadh roimhe sin chun méid an dliteanais mheasa gan íoc a ríomh. Dhiúltaigh an Chúirt Uachtarach, ina cinneadh an 1 Feabhra 2017, Cead chun Achomhairc a thabhairt ar chinneadh na Cúirte Achomhairc.

Fuair GÉS 2,889 éileamh nua agus réitigh sí 2,306 éileamh in 2016. Spreagadh an méid éileamh nua ginearálta a fuarthas ag éilimh chaingne mhóra agus, go príomha, an líon ard éileamh a bhaineann le sláintíocht de chuid príosúnach i gcillíní atá á ndéanamh ag príosúnaigh reatha agus ag iarphríosúnaigh in éadan Sheirbhís Phríosúin na hÉireann. Tá méadú mór ar an líon éileamh a fuarthas ó 2014 mar gheall air sin. I gcodarsnacht leis sin, tá an líon éileamh cliniciúil nua fanta mórán mar a chéile. Baineann an méadú ar an líon éileamh sna blianta níos luaithe, a chonacthas in 2012 agus 2013, go príomha, le dlíthíocht simfiseatóime.

Ba é an glanchostas ar éilimh ghníomhacha leanúnacha a réiteach agusa bhainistiú in 2016 €251.5m i gcomparáid le €221.7m in 2015. Léiríonn táirgeacht 2016 coigilteas 8.8% i gcoinne an mheasúnaithe achtúirigh neamhspleách de €275.7m.

Éilimh Chliniciúla a réiteach

Réitíonn GÉS formhór na n-éileamh trí shocraíocht a idirbheartú, go díreach le foireann dlí an ghearánaí nó trí phróiseas eadrána: Socraítear 98% de chásanna faillí cliniciúla a láimhseálann GÉS gan gá le héisteacht cúirte chonspóidte. I rith 2016, chinn na cúirteanna i bhfabhar GÉS sna trí éileamh chliniciúla a conspóideadh sa chúirt.

Athchóirithe Reachtúla agus Éilimh Chliniciúla á Réiteach

San Acht um Rialáil Seirbhísí Dlí, 2015 tá trí fhoráil shuntasacha le cuidiú le cásanna faillí cliniciúla a bhainistiú agus líon na gcásanna a théann chun trialach a laghdú. Ba iad sin:

  • Foráil le haghaidh cumhacht Aireachta le rialacháin a dhéanamh le haghaidh Prótacal Réamhchaingean le cumarsáid thráthúil a éascú idir an gearánaí agus an cosantóir agus na saincheisteanna atá san aighneas a shainaithint go luath le socraíocht luath a spreagadh.
  • Foráil nach hionann leithscéal ó chleachtóir leighis agus admháil dliteanais.
  • Méadaíodh tréimhse Reacht na dTréimhsí le héileamh cliniciúil a dhéanamh ó dhá bhliain go trí bliana ó dháta an teagmhais ab údar leis an éileamh nó ó dháta an eolais (más moille)

Táthar ag súil go dtabharfar na rialacháin do Phrótacail Réamhchaingean isteach do chásanna faillí leighis in 2017.

Tabharfaidh an tAcht um Dhliteanas Sibhialta (Leasú), nuair a achtaítear ina dhlí é, cumhacht do na cúirteanna, mar mhalairt ar chnapshuim damáistí a bhronnadh, chun na horduithe íocaíochta tréimhsiúla comhthoiliúla agus neamh-chomhthoiliúla a dhéanamh le páirtithe díobhálaithe i gcásanna díobháil thubaisteach ina bhfuil gá le cúram buan fadtéarmach. Tá an Bille an-tábhachtach do theaghlaigh naíonán a bhfuil gortú inchinne tubaisteach ag gabháil dóibh ar tharla a ngortuithe mar thoradh ar imeacht faillí cliniciúla.

Costas na nÉileamh a Réitíodh

Tá roinnt beart déanta ag GÉS le táillí dlí a bhaineann le héilimh a laghdú. Áirítear leo:

  • Painéil abhcóidí agus dlíodóirí GÉS a cheapadh le soláthar a dhéanamh le haghaidh tairiscintí iomaíocha seirbhísí dlí do GÉS.
  • Scrúdú géar ar chostais ionadaithe dlí gearánaithe agus an laghdú is mó agus is féidir a lorg trí idirbheartaíocht nó, más gá, trí chinneadh Máistir Fómhais.
  • Ranníocaíochtaí tríú páirtithe/comhchosantóra a lorg.

De thoradh na mbeart sin tharla laghdú suntasach ar mheánchostais a bhaineann le héilimh chliniciúla in 2014, 2015 agus 2016 i gcomparáid leis an dá bhliain roimhe sin. Bhí socrú líon cásanna faoi ghortú tubaisteach naíonán trí Orduithe Íocaíochta Tréimhsiúla ina ghné shuntasach freisin i dtitim na meánchostas éileamh cliniciúil i dtéarmaí airgid thar an tréimhse seo – ar ndóigh, sna cásanna seo, leanfar le híocaíochtaí leanúnacha do na gearánaithe i mblianta amach anseo.

Tá meánchostas na n-éileamh ginearálta méadaithe sna cúig bliana ó 2012, beag beann ar na bearta a rinne GÉS chun costais dlí a laghdú. Tharla sé sin mar gheall ar an líon níos mó éileamh tromchúiseach atá á socrú, le haird ar thionchar aosaithe na punainne, go háirithe éilimh a bhaineann le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Costas na nÉileamh a Réitíodh 2012-2016
Éilimh Chliniciúla 2012
€000
2013
€000
2014
€000
2015
€000
2016
€000
Costas na n-Éileamh Uile a Réitíodh
Íocaíochtaí/Socraíochtaí 35,357 35,974 44,726 44,467 53,018
Táillí Dlí – GÉS 8,637 9,503 8,861 8,712 8,635
Táillí dlí – Gearánaí 12,964 15,410 13,853 15,592 17,633
Eile 963 1,247 1,188 1,511 1,707
Iomlán 57,921 62,135 68,628 70,283 80,993
hidden cell
Meánchostas in Aghaidh an Éilimh a Réitíodh
Dámhachtainí/Socraíochtaí ar an meán 101 103 93 91 81
Táillí Dlí – GÉS 25 27 18 18 13
Táillí dlí – Gearánaí 37 44 29 32 27
Eile 3 4 2 3 3
Meán Foriomlán 165 178 142 144 124
Éilimh Ghinearálta 2012
€000
2013
€000
2014
€000
2015
€000
2016
€000
Costas na n-Éileamh Uile a Réitíodh
Íocaíochtaí/Socraíochtaí 8,184 11,249 16,082 17,870 24,087
Táillí Dlí – GÉS 2,493 2,940 3,154 3,796 4,500
Táillí dlí – Gearánaí 3,454 4,310 5,711 6,567 8,595
Eile 553 827 870 1,050 1,273
Iomlán 14,684 19,327 25,817 29,283 38,455
hidden cell
Meánchostas in Aghaidh an Éilimh a Réitíodh
Dámhachtainí/Socraíochtaí ar an meán 5 8 11 13 15
Táillí Dlí – GÉS 2 2 2 3 3
Táillí dlí – Gearánaí 2 3 4 5 5
Eile 0 1 1 1 1
Meán Foriomlán 9 13 18 21 23
Caingne Móra

Tá GÉS ag bainistiú roinnt caingne móra éagsúla in éadan an Stáit. Bainistítear gach caingean mhór trí thagairt do shainstraitéis dhlíthiúil lena chinntiú go gcoinnítear dliteanas an Stáit ag an leibhéal is ísle is féidir.

Éilimh Ghníomhacha ar Chaingne Móra
Caingean Mhór


Gníomhach
Deireadh
2016
Faighte 2016 Curtha i gCrích
2016
Sláintíocht Príosúnach i gCillíní
Cásanna is ea iad seo a chuireann príosúnaigh (príosúnaigh reatha nó iarphríosúnaigh) in éadan Sheirbhís Phríosún na hÉireann ag líomhain, i measc nithe eile, gur sáraíodh a gcearta bunreachtúla mar gheall ar ghanntanas sláintíochta i gcillíní.
1,263 253 1
Mí-Úsáid i Scoileanna Lae
Is cásanna iad seo a ghlac daoine ag líomhain gur mhí-úsáid daoine iad go fisiciúil agus/nó gnéasach nuair a bhí siad ar scoil. Cuireadh tús leis an gcuid is mó de na cásanna tar éis bhreithiúnas na Cúirte Uachtaraí um Chearta an Duine in Louise O’Keeffe v na hÉireann.
167 30 78
Simfiseatóime
Is cásanna iad seo a ghlac mná a ndearnadh gnáthamh cnáimhseach máinliach orthu lena bpeilbheas a leathnú.
129 1 2
Eitinn Phríosúnbhunaithe
Tá cásanna glactha ag príosúnaigh reatha agus ag iarphríosúnaigh agus ag oifigigh phríosúin ag líomhain gur thástáil siad dearfach le haghaidh eitinne agus/nó ag tolg eitinne.
80 4 1
Pandemrix/Narcaléipse
Is cásanna iad seo a ghlac gearánaithe ar naíonáin a mbunús ag líomhain gur fhorbair siad narcaléipse agus cataipléis tar éis vacsaíniú in éadan an víris fliú H1N1.
52 12 0
Lariam
Is cásanna iad seo a ghlac baill reatha agus iarbhaill d’Óglaigh na hÉireann, ag líomhain comharthaí de chineál géarshíocóise, tar éis dóibh Lariam a ionghabháil, druga próifiolacsach frithmhaláireach a ordaíodh dóibh a úsáid agus iad ar dualgas san Afraic fho-Shahárach.
44 4 1
Tailídimíd
Is cásanna iad seo a ghlac daoine a rugadh le míchumais fhisiciúla agus ar ionghabháil a máithreacha an ullmhóid Tailídimíd le linn a dtoirchis.
34 9 0
Ionchlannáin Ortaipéideacha Miotal ar Mhiotal
Is cásanna iad seo a ghlac daoine ag líomhain díobháil phearsanta tar éis do mháinlia ionchlannáin ortaipéideacha a chur iontu.
28 11 210

Cás Tosaíochta GÉS 2016

Teresa Wall (Gearánaí) v na Seirbhíse Náisiúnta Páirceanna agus Fiadhúlra (Cosantóir)

I mí Aibreáin 2016 mhaígh an Chúirt Chuarda go raibh cosantóir an Stáit faillíoch in imthosca inar bhain gortuithe don ghearánaí nuair a bhí sí ag siúl ar Shlí Chill Mhantáin i mí Lúnasa 2013 tráth ar baineadh tuisle aisti agus ar thit sí ar chlárchosán ina raibh plainc iarnróid a bhí ceangailte le chéile. Mhaígh an Chúirt gur mainníodh an clárchosán a chothabháil go sábháilte agus gur mar gheall air sin go díreach a gortaíodh an gearánaí. Bronnadh €40,000 i ndamáistí ginearálta ar an ngearánaí.

Rinne an cosantóir achomharc ar bhreithiúnas na Cúirte Cuarda agus éisteadh an t-achomharc san Ard-Chúirt ag deireadh mhí na Samhna/ag tús mhí na Nollag 2016. Thug an Ard-Chúirt breithiúnas sa chás sa deireadh thiar an 17 Feabhra 2017. Mhaígh an Ard-Chúirt, i mbreithiúnas fasach tábhachtach, nach raibh an cosantóir faillíoch nuair nár líon sé isteach na bearnaí nó nuair nár chuir sé plainc nua in ionad na bplanc adhmaid. Go háirithe, ina léirmhíniú ar Alt 4(iv) den Acht um Dhliteanas Áititheoirí, 1995, mhaígh an Ard-Chúirt nach dualgas absalóideach ná dian é an dualgas arna fhorchur ar Áititheoir de réir an ailt sin den Acht agus gurbh é an dualgas cúraim a bhí ann an struchtúr a choimeád i riocht shábháilte, agus aird ar a shuíomh agus ar fhóntas sóisialta iompar an chosantóra..

Tá tábhacht mhór fasaigh ag an gcás áirithe sin d’úinéirí talún, idir phoiblí agus phríobháideach.

An tAonad um Chostais Dlí

Bunaíodh Aonad um Chostais Dlí (ACD) laistigh de GÉS in 2013 chun déileáil le costais tríú páirtí a eascraíonn ó Bhinsí Fiosrúcháin áirithe (Binsí Fiosrúcháin Mahon, Moriarty, Morris agus Smithwick). In 2015 leathnaigh an Rialtas freagrachtaí ACD go bainistíocht gach costais dhlíthiúil maidir le héilimh in éadan an Stáit.

Déantar scrúdú cúramach ar leibhéal na gcostas dlí a íoctar le hionadaithe dlí na ngearánaithe agus, nuair is féidir é, déanann GÉS iarracht an laghdú is mó agus is féidir a bhaint amach ar chostais dlí trí idirbheartaíocht. Mura n-éiríonn le GÉS leibhéal na gcostas dlí a íocfar le hionadaithe dlí na ngearánaithe a aontú, is é an Máistir Fómhais a dhéanfaidh an cinneadh sin.

In 2016, shocraigh GÉS 284 bille costais. B’ionann an méid iomlán a éilíodh agus €49.2m. Socraíodh na billí seo ar chostas €27.2m – laghdú 45% ar an méid a éilíodh. Comhaontaíodh na héilimh seo go léir gan an gá le cáin, ag seachaint mar sin moill i socrúcháin agus muirir dhleachta stampála ag 8% den dámhachtain faoi cháin.

Bainistíocht Riosca

Is é cuspóir bainistíochta riosca GÉS cláir oibre riosca dírithe ar dhíobháil phearsanta agus ar dhamáiste réadmhaoine a chur i bhfeidhm chun riosca dlíthíochta a mhaolú, in údaráis Stáit agus i bhfiontair chúraim sláinte, d’fhonn costais dlíthíochta in aghaidh an Stáit amach anseo a laghdú. Is mór an “chruinne riosca” a dhéanann an Stát a shlánú agus a ndéanann GÉS bainistiú uirthi. Mar shampla, cuimsíonn sé breis agus 200,000 fostaí de chuid an Stáit agus úsáideoirí uile na seirbhísí cúram sláinte poiblí (déanann cúram sláinte poiblí teagmháil leis an bpobal thart ar 7 milliún uair in aghaidh na bliana). Cuimsíonn sé freisin seirbhísí poiblí lena ngabhann gníomhaíochtaí riosca níos airde de bharr a gcineáil, amhail cúram cliniciúil a sholáthar in ospidéil, pearsanra Óglaigh na hÉireann atá ar oibríochtaí thar lear, baill den Gharda Síochána atá ar dhualgas oibríochtúil, cigireachtaí custaim, seirbhísí práinnfhreagartha agus coimeád príosúnach.

Díríonn clár GÉS um bainistíocht riosca chliniciúil ar chomhoibriú le bainisteoirí riosca agus le pearsanra eile i bhfiontair chúram sláinte chun tacú le sábháilteacht othar. Díríonn an clár bainistíochta riosca ar chomhairle agus tacaíocht a chur ar fáil d’údaráis Stáit agus d’fhiontair chúraim sláinte maidir le struchtúir bainistíochta riosca, cothabháil foirgneamh, sábháilteacht dóiteáin, sláinte agus sábháilteacht agus bainistíocht comhshaoil.

Éilimh ar Chostais Dlí a Socraíodh in 2016
Líon na nÉileamh ar
Chostais a
Idirbheartaíodh
Luach
€m

Éilimh Chostais a
Comhaontaíodh
€m
Coigilteas Costas
Dlí %

Binse Fiosrúcháin Mahon 39 7.1 2.7 61.3
Binse Fiosrúcháin Moriarty 1 0.3 0.2 53.5
Binse Fiosrúcháin Morris 11 1.8 1.0 47.0
Éilimh Eile 233 39.9 23.4 41.3
Iomlán 284 49.2 27.2 44.5

D’fhéadfadh sé nach dtiocfadh na figiúirí leis an suimiú iomlán de bharr slánú uimhreacha.

Riosca Cliniciúil

Is tosaíocht bhainistíochta riosca iad seirbhísí máithreachais laistigh den chlár um bainistiú riosca chliniciúil. I rith 2016, lean GÉS lena hathbhreithniú ar thrí ospidéal máithreachais agus 16 aonad máithreachais eile. Rinneadh iarracht san athbhreithniú sin comparáid agus codarsnacht a dhéanamh idir na hospidéil agus na haonaid mháithreachas ó thaobh na bainistíochta riosca.

I measc gníomhaíochtaí suntasacha eile i leith bainistíocht riosca chliniciúil in 2016 bhí an méid seo a leanas:

  • Rannpháirtíocht leis an bhFóram Riosca Chliniciúil a bunaíodh i gcomhar le Stiúrthóireacht Náisiúnta Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, agus cruinnithe rialta le príomhpháirtithe leasmhara eile lena n-áirítear an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte, comhlachtaí oiliúna iarchéime, lucht na hardbhainistíochta agus foireann ospidéil ar an líne thosaigh.
  • Ceapadh agus soláthar cúrsaí riosca chliniciúil ag an leibhéal fochéime do Choláiste Ríoga Lianna na hÉireann agus Scoil Leighis Choláiste na Tríonóide.
  • Rinneadh anailís ar éilimh dlí-liachta dhúnta maidir le pairilis cheirbreach i rith 2016. Cuirfear torthaí na hanailíse seo ar fáil, ar bhonn “ceachtanna foghlamtha”, do pháirtithe leasmhara ábhartha le gur féidir foghlaim chuí a chur i bhfeidhm le himeachtaí comhchosúla a bheadh ina gcúis le níos mó éileamh a chosc, chomh fada agus is féidir
Riosca Fiontair

Gach bliain ceapann GÉS clár oibre bainistíochta riosca le cabhrú le húdaráis Stáit le forbairt agus cur i bhfeidhm beartais agus nósanna imeachta maidir le bainistíocht riosca. I measc gníomhaíochtaí suntasacha i leith bainistiú riosca fiontair in 2016 bhí an méid seo a leanas:

  • D’fhoilsigh GÉS mór-athbhreithniú ar ionsaithe príosúnaithe in Éirinn ar fhoireann príosúin oibríochtúla. Cuireadh tús leis an athbhreithniú in 2015, tar éis roinnt ionsaithe fisiciúla foréigneacha a rinne príosúnaithe ar fhoireann Sheirbhís Phríosúin na hÉireann. Rinneadh scrúdú san athbhreithniú ar eachtraí ionsaí lena gcúis bhunaidh a fháil amach, le trácht a dhéanamh ar an bhféidearthacht go dtarlóidh siad arís sa todhchaí agus chun moltaí a dhéanamh maidir le feabhsúcháin. Ghlac Seirbhís Phríosúin na hÉireann le tuarascáil GÉS ina hiomláine.
  • Sheol GÉS, i gcomhar leis an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta agus Líonra Bainistíochta ar an Strus a Leanann Teagmhais Chriticiúla Éireann, creat nua nuálach ar líne chun sláinte agus sábháilteacht shíceolaíoch a chosaint i ngrúpaí gairme oibrithe ar dóchúil go mbeidís nochta le heachtraí tromchúiseacha mar chuid dá gcuid oibre. Cuireann an creat aiseolas ar fáil maidir le strusairí san ionad oibre, folláine shíceolaíoch fostaithe agus nochta le heachtraí tromchúiseacha san ionad oibre. Tugann sé treoir struchtúrtha freisin a chuireann ar chumas eagraíochtaí plean gníomhaíochta a fhorbairt chun na strusairí seo a mhaolú.

Sheol GÉS an leagan nua den Chóras Náisiúnta Bainistíochta Teagmhas (CNBT), a tháinig in ionad an chórais STARSWeb, i mí an Mheithimh 2014. Córas rúnda, an-slán agus gréasánbhunaithe atá in CNBT. Uirlis uileghabhálach bainistíochta riosca atá ann a chuireann ar chumas fiontar teagmhais a bhainistiú thar an tsaolré ar fad. Áirítear leis sin:

  • Tuairisciú teagmhas (lena n-áirítear Imeachtaí Intuairiscithe Tromchúiseacha).
  • Bainistíocht imscrúduithe.
  • Taifeadadh torthaí imscrúdaithe.
  • Taifeadadh moltaí.
  • Cuntas a choinneáil ar mholtaí go dtí an deireadh.
  • Anailís a dhéanamh ar shonraí maidir leis an teagmhas, leis an imscrúdú agus leis na moltaí, i dteannta feidhmeanna eile.

Cuireann CNBT anailís chasta ar fáil do bhainisteoirí riosca na n-údarás Stáit agus do shaineolaithe GÉS féin ar shonraí teagmhas díobhálach le treochtaí, baill the agus ceachtanna foghlamtha, ag éascú mar sin freagairtí bainistithe agus maolaithe a chinnteoidh sábháilteacht lucht úsáidte seirbhísí, othar, fostaithe Stáit agus, sa deireadh, a laghdóidh costas éileamh in éadan an Stáit amach anseo.

In 2016, lean GÉS le rolladh amach CNBT ar fud údaráis Stáit. Taifeadadh 160,000 teagmhas i rith 2016, sin méadú 13% ar an mbliain roimhe sin agus tháinig méadú go dtí thart ar 800 ar líon na n-úsáideoirí gníomhacha ó 300 ag deireadh 2015. Forbraíodh céad tuarascáil maidir le príomhfhaisnéis bainistíochta le haghaidh údaráis Stáit a raibh riosca níos airde ag baint leo agus cuireadh feabhas mór ar CNBT féin ag an am céanna.