Léirmheas an Phríomhfheidhmeannaigh

Ba bhliain an-ghníomhach a bhí in 2016 do GBCN thar raon ár sainorduithe gnó. Agus ár bhfeidhmeanna bainistithe fiach á gcur i gcrích againn leanamar ag baint leasa as na rátaí margaidh atá níos ísle ná riamh chun fiachas ar dháta ní b’fhaide a eisiúint ag torthaí ísle. D’oibrigh CISÉ le comhpháirtithe san earnáil phríobháideach chun raon infheistíochtaí straitéiseacha a spreagadh agus gníomhaíocht gheilleagrach a chur ar fáil nach dtarlódh murach sin, agus bhain GAFN roinnt garspriocanna móra amach ó thaobh bonneagar poiblí riachtanach a mhaoiniú agus a thógáil.

Croífhócas do RÉnua ab ea comhairle a thabhairt ar spriocanna díbhinne iomchuí le haghaidh comhlachtaí tráchtála Stáit ionas go mbeidh an chothromaíocht chuí idir íocaíocht díbhinní agus ath-infheistiú sa ghnó. Lean an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát lena cuid oibre ní amháin i mbainistiú éileamh, ach freisin i mbainistíocht agus anailís riosca d’fhonn na cúiseanna a bhíonn le héilimh a aithint agus líon na n-éileamh a laghdú.

I dtimpeallacht ina raibh rátaí úis íseal le tamall agus cuidiú aige sin ó chlár éascaithe chainníochtúil BCE, chuir GBCN fad le haibíocht fhiachas na hÉireann agus chuir sí costais iasachtaithe níos ísle faoi ghlas. D’eisíomar bannaí tagarmharcála arbh fhiú €8.25bn iad le linn 2016 ag meántoradh ualaithe de 0.82% agus meánaibíocht ualaithe de thréimhse 10 mbliana. Idirbheart amháin faoi leith ar fiú trácht air ab ea an chéad eisiúint riamh a rinneamar ar nóta 100 bliain, a thug deis dúinn €100m a fháil ar iasacht ag ualú 2.35%. Is léiriú é ar chomh maith is a d’éirigh le hÉirinn ó thráth nach rabhamar in ann na margaí caipitil idirnáisiúnta a rochtain in aon chor in 2011 go dtí 2016, tráth a bhfuilimid in ann iasachtaí a fháil ar feadh 100 bliain.

In ainneoin an dul chun cinn a rinneamar le roinnt blianta anuas chun an t-airgead poiblí a chur ar ais ar bhonn inbhuanaithe, tá ualach fiachais na hÉireann, ag €200bn, fós ard. Cé go bhfuil ár bhfiachas mar chéatadán de OTI tite go géar ó 120% ag an gcéim ab airde go dtí 75% ag deireadh 2016, tá sé tábhachtach cuimhneamh gurb ar éigean a bhog an dearbhfhiachas, i dtéarmaí airgid, agus go bhfuil sé os cionn ceithre huaire níos airde ná mar a bhí sé in 2007.

In 2016 gheall CISÉ os cionn €500 milliún d’infheistíochtaí straitéiseacha ar fud na hÉireann. Is é an bunphrionsabal maidir le tionchar geilleagrach a chumhdaíonn na hinfheistíochtaí CISÉ ná “breisíocht” – tá CISÉ ag féachaint chun infheistíochtaí a dhéanamh, i gcomhar le comhpháirtithe san earnáil phríobháideach, áit inar féidir lena caipiteal difear a dhéanamh agus cuidiú chun gníomhaíocht gheilleagrach a ghiniúint nach dtarlódh murach sin. Ciallaíonn príomhghnéithe difreáilte CISÉ maidir le solúbthacht thar an struchtúr caipitil agus a tréimhse infheistíochta fadtéarmaí gur féidir léi bearnaí infheistíochta a líonadh agus freagairt d’orduithe straitéiseacha ar bhealach nach bhfuil rannpháirtithe eile sa mhargadh in ann a dhéanamh. Mar gheall go bhfuil sí in ann caipiteal a mhealladh ón earnáil phríobháideach, fágann sé sin gur mhéadaigh comhinfheistíocht an t-iomlán atá tiomnaithe d’Éirinn de bharr ghníomhaíocht CISÉ go deireadh 2016 ó €2.6bn go dtí €7.5bn – 2.8 oiread thiomantas CISÉ. Sin figiúr atá níos airde ná mar a cheapamar ag an tús.

Tráth a bhfuil bac ar rialtais ar fud na hEorpa mar gheall ar rialacha buiséadacha sa mhéid is féidir leo a dhéanamh chun tacú lena ngeilleagair agus dul i ngleic le saincheisteanna straitéiseacha agus bonneagair, léiríonn CISÉ cur chuige nuálach, lena sainordú sainiúil de bhonnlíne dhúbailte maidir le “toradh tráchtála” agus “tionchar geilleagrach”. Murab ionann le gnáth-chaiteachas caipitiúil, cosúil le ciste infheistíochta, déantar athchúrsáil seachas laghdú ar acmhainní CISÉ agus bíonn siad ar fáil don Stát arís de réir mar a réadaítear infheistíochtaí.

Bhain GAFN roinnt garspriocanna móra amach maidir le tionscadail CPP a mhaoiniú agus a thógáil i rith 2016. Bhain na tionscadail CPP d’Ionaid Chúraim Phríomhúil, an chéad CPP do chúram sláinte in Éirinn, lenar forbraíodh 14 ionad cúraim phríomhúil nua ar fud na tíre céim na dtarraingtí anuas amach agus tá an obair thógála ar siúl ag gach suíomh. Cuireadh Beart CPP Scoileanna 4 ag soláthar 2,950 áit do scoláirí i gcrích in am, agus tá na scoileanna go léir i mbun oibre anois, agus bhain Beart CPP Scoileanna 5 ag soláthar 4,870 áit do scoláirí céim na dtarraingtí anuas amach freisin agus tá an obair thógála ar bun air.

Rinne mé tagairt don timpeallacht ráta úis íseal sa trácht a rinne mé ar mhaoiniú agus bainistiú fiach thuas agus mar gheall ar an timpeallacht sin bhíothas in ann tionscadail CPP a mhaoiniú ag rátaí an-tarraingteach. Tá feabhas mór ar na costais mhaoiniúcháin atá ar fáil do thionscadail CPP in Éirinn agus thit rátaí iomlána fiachais shinsearaigh ó 6.5% go luath in 2014 go dtí díreach os cionn 2% in 2016. Cé nach mór gach cás a mheas ar a fhiúntas féin, i dtimpeallacht ina bhfuil srianta buiséadacha agus ina bhfuil rátaí úis níos ísle ná mar a bhí siad riamh cheana, tairgeann tionscadail CPP bealach eile chun roinnt dár gceanglais mhóra bonneagair a mhaoiniú.

I rith 2016, chuir RÉnua le hobair a rinneadh roimhe sin maidir le spriocanna airgeadais iomchuí a leagan síos le haghaidh comhlachtaí tráchtála Stáit faoina shainchúram lena n-áirítear struchtúr caipitil, brabúsacht agus spriocanna maidir le díbhinní. Le caipiteal infheistithe €15.5bn agus os cionn 12,000 fostaí tá ról an-suntasach ag na cuideachtaí sin sa gheilleagar. Croífhócas do RÉnua is ea comhairle a thabhairt ar spriocanna díbhinne iomchuí le haghaidh comhlachtaí tráchtála Stáit ionas go mbíonn an chothromaíocht chuí idir íocaíocht díbhinní agus ath-infheistiú sa ghnó. Foilsíodh athbhreithniú bliantúil RÉnua ar na comhlachtaí tráchtála Stáit faoina phríomh-shainchúram, ina leagtar síos na príomhthéamaí straitéiseacha nó na dúshláin ó dhearcadh scairshealbhóra de, den chéad uair i mí na Nollag 2016.

Is féidir luachmhéadú faoi bhonn a dhéanamh ar an neamhchosaint ar riosca don Stát ó chostais na n-éileamh. Bhí an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát ag bainistiú beagnach 9,000 éileamh gníomhach le €2.2bn de dhliteanas measta gan íoc ag deireadh 2016. Léiríonn an figiúr sin méadú €400m ar an mbliain roimhe sin go príomha mar gheall ar laghdú ar an bhfíor-ráta toraidh a úsáideann na cúirteanna chun damáistí agus caillteanais airgid a ríomh.

Chomh maith lena cuid oibre ar bhainistiú éileamh, tugann GÉS tús áite freisin do bhainistíocht agus anailís riosca chun na cúiseanna a bhíonn le héilimh a aithint agus líon na n-éileamh a laghdú. Maidir le héilimh chliniciúla dírítear a cuid iarrachtaí go háirithe ar sheirbhísí máithreachais ina gcuimsítear 65% den dliteanas iomlán measta atá le híoc maidir le héilimh chliniciúla. Mar shampla, rinne sí anailís ar éilimh maidir le pairilis cheirbreach a bhí socraithe i rith 2016. Cuirfear torthaí na hanailíse sin ar fáil, ar bhonn “ceachtanna foghlamtha” d’ospidéil agus d’aonaid mháithreachais ionas nach dtarlóidh rudaí den sórt sin arís.

Tá GBCN ag brath go huile agus go hiomlán ar chaighdeán agus ar thiomantas ár ndaoine le go n-éireoidh linn. Tá sé mar aidhm agamsa, agus go deimhin ag an mBord, a chinntiú go n-aithnítear GBCN mar eagraíocht atá in ann tallann agus saineolas den chaighdeán is airde a mhealladh, a fhorbairt agus a choinneáil. Chuige sin d’oibríomar go dian in 2016 chun ár gcultúr corparáideach féincheannaireachta, comhoibrithe agus foghlamtha a leabú san eagraíocht. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil lenár ndaoine ar fad as an gcúnamh a thug siad chun ár spriocanna a bhaint amach le bliain anuas. Ar deireadh, ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin leis an gCathaoirleach agus leis an mBord as an tacaíocht agus an treoir a thug siad dúinn thar 12 mhí a bhí an-bhisiúil ar fad do GBCN.

Conor O’Kelly
An Príomhfheidhmeannach