RÉnua

Athbhreithniú Bliantúil Punainne

Spriocanna Airgeadais a Shocrú

Comhairle Tráchtála agus Airgeadais

Is é an croí-ról atá ag RÉnua comhairle airgeadais agus tráchtála a chur ar fáil d’Airí Rialtais i ndáil le roinnt mórchomhlachtaí tráchtála Stáit: Bord na Móna, Coillte, EirGrid, Ervia (lena n-áirítear Líonraí Gáis Éireann), BSL agus Uisce Éireann (an Phunann). Nuair a iarrann na hAirí Rialtais ábhartha é, síneann ról RÉnua chuig comhlachtaí nó sócmhainní eile Stáit. Mar ionad tiomanta de shaineolas airgeadais, tugann RÉnua fócas tráchtála breise le forbhreathnú fiontair faoi úinéireacht Stáit.

Cur chuige RÉnua: Úinéireacht Ghníomhach

Is é an cur chuige atá RÉnua leibhéal breise d’úinéireacht ghníomhach ag an Stát mar scairshealbhóir sna comhlachtaí Punainne a éascú. Tá sé seo comhsheasmhach leis an gcur chuige a nglactar leis in go leor tíortha OECD. Chuige seo, tá Creat um Ionchais Scairshealbhóirí forbartha aige chun soiléire agus treoir fhoirmiúil a thabhairt do na comhlachtaí seo maidir le tosaíochtaí straitéiseacha, cuspóirí beartais, ceanglais feidhmíochta agus tuairiscithe airgeadais an Rialtais. Cuirtear iad seo in iúl do Chathaoirleach agus do Bhord gach comhlachta trí litreacha bliantúla/débhliantúla (Creat-Litreacha) ó na hAirí Rialtais ábhartha.

Sna Creat-Litreacha a eisíodh go dáta, ba iad na trí phríomhréimse fócais do RÉnua ó dhearcadh feidhmíochta airgeadais:

  • Tomhas ar fheidhmíocht airgeadais: ag leagan amach modheolaíocht RÉnua a chuirfear i bhfeidhm trí thomhas agus monatóireacht ar fheidhmíocht airgeadais na Punainne ag an Stát ina ról mar scairshealbhóir a fheabhsú. Chun é sin a dhéanamh, i rith 2016, chuir RÉnua modheolaíochtaí i gcrích agus chuir sé in iúl iad chun toradh ar chaipiteal infheistithe agus meánchostas ualaithe caipitil a ríomh ar bhonn comhsheasmhach ar fud na Punainne.
  • Luachálacha cothromais tráchtála: chun tomhas torthaí scairshealbhóirí a éascú, áirítear sa Chreat, riachtanas do na comhlachtaí Punainne le tabhairt faoi luacháil cothromais tráchtála ar bhonn bliantúil. Faoi dheireadh 2016, bhí luachálacha cothromais réitithe ag cúig cinn de na sé chomhlacht2.
  • Spriocanna airgeadais: spriocanna airgeadais a cheapadh i gcomhar le comhlachtaí Punainne, agus é mar chuspóir a chinntiú go gcruthaíonn na spriocanna cothromaíocht idir luach a chruthú agus bainistíocht airgeadais stuama, go n-éascaítear leibhéil chuí d'infheistíocht bhonneagair agus go bhfuil siad sainithe go maith agus gur féidir monatóireacht a dhéanamh orthu ar bhonn leanúnach.

Croífhócas do RÉnua is ea comhairle a thabhairt ar spriocanna díbhinne iomchuí le haghaidh comhlachtaí Punainne ionas go mbíonn an chothromaíocht chuí idir íocaíocht díbhinní agus ath-infheistiú sa ghnó. Tá spriocanna díbhinne i bhfeidhm anois leis na comhlachtaí ábhartha. Cuireann na spriocanna díbhinne sin soiléireacht níos fearr ar fáil do na comhlachtaí féin agus don Stát mar scairshealbhóir.

Fuair an Státchiste comhdhíbhinní dar luach €427m do 2015/16. Is é a bhí sna díbhinní sin €304m ag éirí as fáltais ó dhíol sócmhainní agus €123m a bhain le gnáthdhíbhinní. D’íoc Bord na Móna díbhinn €10m, d’íoc Coillte díbhinn €4m agus d’íoc EirGrid díbhinn €3m. D’íoc Ervia (bunaithe ar fheidhmíocht Líonraí Gáis Éireann agus dáileadh fáltais díolacháin tar éis Bord Gáis Energy a dhíol) díbhinní iomlána €151m. De réir a bheartais agus sprice díbhinne, mhéadaigh íoc díbhinne BSL go 35% ó 30% de bhrabúis normalaithe agus, mar aon le dáileadh díbhinní speisialta, fuair an Státchiste díbhinní iomlána €259m ó BSL.

Feidhmeanna Comhairleacha RÉnua

Seirbhísí Comhairleacha faoi Airgeadas Corparáideach

Punann RÉnua

Le linn na bliana 2016, thug RÉnua anailís mhionsonraithe airgeadais agus moltaí (nuair ba chuí) d’Airí maidir le 74 aighneacht san iomlán le haghaidh bhreith agus thoiliú an Aire, arna ndéanamh ag na comhlachtaí Stáit tráchtála faoina shainchúram. San áireamh leis sin bhí €3.9bn in iarratais a bhaineann le hairgeadas (lena n-áirítear eisiúint bannaí, áiseanna creidmheasa rothlacha, Banc Infheistíochta na hEorpa agus áiseanna fiachais tráchtála), €2.8bn maidir le hiarratais bhuiséid ar chaiteachas caipitil agus €0.35bn in iarratais shonracha ar chaiteachas caipitil. D’oibrigh RÉnua go dlúth leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus a ról comhairleach á dhéanamh maidir le ceapacháin bhoird.

Comhlachtaí/Tionscadail Stáit eile

Tháinig fás suntasach in 2016 ar líon agus go deimhin ar chastacht na sannachán a d’iarr Airí ar RÉnua maidir le comhlachtaí/tionscadail eile Stáit. Cumhdaíodh raon leathan earnálacha iontu sin, lena n-áirítear iompar, foraoiseacht, agus gníomh ar son na haeráide.

Tionscadail Chomhairleacha Roghnaithe RÉnua 2016
Tionscadal Cur Síos
Thug RÉnua anailís airgeadais do na hAirí scairsheilbhe maidir le pleananna gnó na n-aonán ábhartha i nGrúpa CIÉ – Bus Éireann agus Iarnród Éireann.
Rinne RÉnua athbhreithniú agus anailís airgeadais ar An Post, agus tugadh cúnamh leanúnach d’Airí scairsheilbhe maidir le monatóireacht ar a staid airgeadais.
Tá athfhorbairt saoráidí reatha calafoirt ag Rinn an Scidígh, Co. Chorcaí riachtanach chun ligean do Chalafort Chorcaí an ceann is fearr a fháil ar na bacainní fisiciúla reatha a bhaineann le soithí móra a láimhseáil agus chun dul in oiriúint do ghníomhaíochtaí calafoirt atá ag athrú. Cuireadh tús le hathbhreithniú agus le hanailís airgeadais RÉnua ar struchtúr maoinithe thionscadal infheistíochta Rinn an Scidígh in 2016.
Cuireadh tús le hathbhreithniú airgeadais ar Chalafort Bhaile Átha Cliath thar ceann na nAirí scairsheilbhe i rith 2016 agus díríodh ar cibé ar cheart machnamh a dhéanamh ar bheartas díbhinne athbhreithnithe, mar gheall, go háirithe, ar mhórphleananna infheistíochta caipitil do Chalafort Bhaile Átha Cliath.
Rinneadh athbhreithniú agus anailís airgeadais ar ÚABÁC cpt agus tugadh é do na hAirí scairsheilbhe agus díríodh go háirithe ar an struchtúr caipitil agus breithníodh beartas díbhinne athbhreithnithe.
Tugadh faoi athbhreithniú agus anailís airgeadais ar IAA agus tugadh é do na hAirí scairsheilbhe agus díríodh ar bheartas díbhinne athbhreithnithe.
Gníomh ar son na hAeráide agus Fuinneamh In-Athnuaite
Sholáthair RÉnua athbhreithnithe ó thaobh airgeadais de ar an samhaltú airgeadais a d’fhorbair na Ranna Rialtais agus gníomhaireachtaí iomchuí maidir le bearta gníomhartha ar son na haeráide. Bhí RÉnua rannpháirteach freisin i roinnt tionscadal sa réimse sin lena n-áirítear an scéim nua tacaíochta le haghaidh leictreachas in-athnuaite atá beartaithe, an dreasacht teasa in-athnuaite agus an measúnú ar chostais agus na buntáistí atá le bithghás agus le bithmheatán.
Foraoiseacht
Chuir RÉnua comhairle ar Choillte maidir le hiasacht fhadtéarmach €90m chun costas curadóireachta, bainistithe foraoise agus tógála agus cothabhála bóthair foraoise ar eastát Choillte a mhaoiniú. Bhí RÉnua páirteach freisin i dtionscnaimh faoi Chlár Foraoiseachta an Rialtais atá dírithe ar infheistíocht san earnáil a mhéadú. D’oibrigh RÉnua le Coillte agus le Bord na Móna agus leis na Ranna Rialtais iomchuí i rith na bliana chun dul chun cinn a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí BioEnergy Ireland.

Athbhreithniú Airgeadais Bliantúil RÉnua 2015/2016

Gach bliain réitíonn RÉnua Forbhreathnú ar Phunann Airgeadais ar na comhlachtaí tráchtála Stáit faoina phríomh-shainchúram. Foilsíodh an forbhreathnú is déanaí, Athbhreithniú Airgeadais Bliantúil RÉnua 2015/16, i mí na Nollag 2016 agus tá sé ar fáil ag ntma.ie/publications. Leagtar amach príomhfhaisnéis airgeadais agus méadracht san Athbhreithniú don Phunann ina hiomláine agus do gach aonán. Áirítear leis na príomhthéamaí straitéiseacha ag teacht as an Athbhreithniú:

  • Úsáid Caipiteal Stáit: Tá caipiteal suntasach infheistithe ag an Stát trí chomhlachtaí faoi úinéireacht an Stáit agus is gá é sin, ag amharc air i gcomhthéacs an chaipitil atá ar fáil, a úsáid go héifeachtach agus go héifeachtúil i réimsí tosaíochta a aithníonn an Rialtas. Sa chomhthéacs seo, d’fheadfadh sé a bheith cuiditheach don Stát creat uileghabhálach prionsabal a fhorbairt lena ndéanfadh comhlachtaí faoi úinéireacht an Stáit breith ar úinéireacht agus infheistíocht ar bhonn comhsheasmhach.
  • Athrú Margaidh agus Teicneolaíochta sa Mhargadh Fuinnimh: Tá athrú suntasach ag tarlú faoi láthair san earnáil fuinnimh, an earnáil ina bhfeidhmíonn formhór na n-aonán sa Phunann, (cosúil le comhtháthú mhargaí fuinnimh an Aontais Eorpaigh, an bogadh i dtreo sochaí dhícharbónaithe, fás ar fhoinsí breosla neamhghnácha, éabhlóidiú teicneolaíochtaí le húsáid le cuidiú leis an mbogadh seo agus dualgais faoi éifeachtúlacht fuinnimh). Meastar go gcruthóidh sé seo dúshláin shuntasacha do roinnt comhlachtaí sa Phunann.
  • An Breatimeacht: Is dóchúil go mbeidh tionchar ag an mBreatimeacht ar an bPunann mar gheall ar raon infheistíochtaí na Punainne sa Ríocht Aontaithe (reatha agus pleanáilte) agus méid thrádáil déthaobhach na Punainne leis an Ríocht Aontaithe.
  • Cúrsaí a bhaineann le Pinsin: Dúshlán i ndáil le scéimeanna pinsin le sochar sainithe a fheidhmíonn an Phunann ba ea an timpeallacht ráta úis íseal a mhéadaigh luach reatha na ndliteanas.

Mhéadaigh láimhdeachas agus brabúsacht chomhiomlán chomhlachtaí na Punainne in 2015/16 ón mbliain roimhe, agus mhéadaigh corrlach brabúis agus toradh ar chaipiteal infheistithe. Tá leithdháileadh suntasach den bhrabús oibriúcháin fós díorthaithe ó líonraí leictreachais agus gás rialaithe na Punainne (2015/16: 58%, 2014/15: 60%). Mhéadaigh an ghlanghiaráil (tomhas ar fhéichiúnas) de bheagán a léirigh infheistíocht chaipitil leanúnach, a mbaineann leithdháileadh mór di le BSL agus Uisce Éireann. Íocadh díbhinní iomlána €441m; íocadh €427m díobh leis an Státchiste agus íocadh an t-iarmhéid le pleananna úinéireacht scaire fostaithe na n-aonán ábhartha (BSL agus Bord na Móna).

Buaicphointí Airgeadais
2015/16 2014/15 ∆ bliain ar bhliain meán 5 bl.
Príomhfhaisnéis Airgeadais €m €m €m €m
Láimhdeachas 6,100 5,812 +288 5,816
Brabús Oibriúcháin 1,044 813 +231 896
PAT (coigeartaithe) 623 367 +256 503
Dliteanais Phinsin 1,009 1,240 -232 1,150
Glanfhiachas 7,421 6,582 +839 6,799
Glansócmhainní 6,631 6,421 +210 6,692
Caipiteal Infheistithe 15,537 14,841 +696 15,499
Gross Capex 1,572 1,743 -172 1,406
Díbhinní a Íocadh (iomlán) 441 476 -35 270
Príomh-mhéadracht % % % %
Corrlach de Bhrabús Oibriúcháin 17 14 +3 15
Corrlach PAT 10 6 +4 9
Toradh ar Chaipiteal Infheistithe 6.1 4.8 +1.3 5.1
Glanghiaráil 53 51 +2 50

Foinse: Tuarascálacha Bliantúla, Anailís RÉnua

  • De bharr chéim na forbartha i gcás Uisce Éireann, aontaíodh nárbh ghá d’Uisce Éireann luacháil cothromais a dhéanamh.