Ráiteas an Chathaoirligh

I rith 2016, rinne GBCN dul chun cinn mór thar a sainorduithe gnó de réir mar a d'oibrigh sí chun luach fadtéarmach a chur ar fáil don Stát. D'eisíomar os cionn €8 billiún i mbannaí Rialtais ag torthaí ísle – ag leanúint lenár straitéis rátaí úis ísle agus aibíochtaí níos faide a ghlasáil. Chuir CISÉ leis an dul chun cinn a rinneadh sa chéad bhliain, 2015, ag gealladh os cionn €500 milliún do raon infheistíochtaí tráchtála a ceapadh le tacú le gníomhaíocht gheilleagrach agus le fostaíocht ar fud na hÉireann. D'éirigh le GAFN céim na dtarraingtí anuas a shroicheadh maidir le mórthionscadal CPP don tsláinte agus oideachas ar rátaí ísle go stairiúil.

Fágann dul chun cinn leanúnach CISÉ in 2016 go bhfuil punann infheistíochta atá breá éagsúil aici anois agus caipiteal CISÉ ag tacú le 140 cuideachta nó tionscadal agus, go díreach agus go hindíreach, le 21,900 post. Cé go bhfuil feabhas mór tagtha ar an timpeallacht maicreacnamaíoch in Éirinn le blianta beaga anuas agus go bhfuil an fháil atá ar chaipiteal príobháideach méadaithe go mór, tá bearnaí ábhartha fós le brath sa mhargadh. Tá CISÉ dírithe ar na hearnálacha airgeadais, i gcomhar le páirtithe san earnáil phríobháideach, is mó ina bhfuil na bearnaí sin suntasach iontua mhaoiniú.

Ceapadh i gcónaí go dtiocfadh athrú de réir a chéile ar straitéis infheistíochta tosaigh agus ar dhearadh punainne CISÉ agus go mbeadh solúbthacht agus oiriúnacht ina ngnéithe criticiúla dá samhail ghnó. Chuige sin, nuair a cuireadh Straitéis Infheistíochta tosaigh CISÉ i gcrích i lár 2015, aontaíodh go ndéanfaí athbhreithniú foirmiúil ar an Straitéis tar éis ocht mí dhéag agus go n-áireofaí leis sin comhairliúchán leis an Aire Airgeadais agus leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Tá an t-athbhreithniú, ina gcuimsítear breithmheas ar chomh maith is a d'éirigh le sainordú CISÉ go dtí deireadh mhí na Nollag 2016, ar siúl faoi láthair.

Ina cuid gníomhaíochtaí gnó go léir, féachann GBCN le cur chuige tráchtála stuama a ghlacadh. Sa réimse a bhaineann le maoiniú agus le bainistiú fiach, ciallaíonn sé sin ár mbonn infheisteoirí a éagsúlú de réir réigiúin agus cineáil, ag cinntiú go gcoinnímid cúlchiste airgid stuama i gcónaí agus go bhfuilimid ag obair chun ár bpróifíl fuascailte bannaí a bhainistiú agus a chothromú go gníomhach. Tá an straitéis sin tábhachtach go háirithe do gheilleagar beag oscailte cosúil le hÉirinn agus ghlacamar léi ó chuamar ar ais isteach sna margaí i ndiaidh dúinn an clár AE/CAI a scor in 2013. Meabhraíonn na mórimeachtaí polaitiúla idirnáisiúnta a tharla in 2016, go háirithe reifreann an Bhreatimeachta i mí an Mheithimh, dúinn chomh tábhachtach is atá sé dearcadh stuama a choimeád agus a bheith réidh i gcónaí le haghaidh imeachtaí gan choinne.

Ag leibhéal Boird agus coiste tharla roinnt athruithe i rith na bliana. D'éirigh Brendan McDonagh as a ról mar chomhalta Boird agus d'éirigh John Herlihy as mar chomhalta seachtrach den Choiste Infheistíochta. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghlacadh le Brendan agus le John as a gcuid oibre le GBCN. I gcás Brendan is fiú a rá gur fhreastail sé roimhe seo mar chomhalta de Choiste Comhairleach GBCN sular bunaíodh an Bord agus ba mhór againn a thaithí nuair a bhíomar ag aistriú chuig an struchtúr nua rialachais. Ba mhaith liom freisin fáilte a chur roimh ár gcomhalta nua Boird, Gerardine Jones, agus ár gcomhalta seachtrach ar an gCoiste Infheistíochta, Mark Ryan.

I rith 2016, rinneamar ár gcéad athbhreithniú ar éifeachtacht an Bhoird agus, ag éirí as sin, tá struchtúr ár gcoiste athchumraithe againn i bhfianaise na taithí a fuaireamar thar ár gcéad 18 mí. Shocraíomar go mbeadh sé níos éifeachtúla agus go gcruthófaí sineirgí níos fearr dá ndéanfaí cónascadh idir na Coistí Riosca agus Iniúchóireachta agus d'aontaíomar freisin go mbeifí in ann leas a bhaint as bunú Coiste Straitéise le haghaidh na Gníomhaireachta um Éilimh ar an Stát (GÉS), ina gcuimseofaí saineolas seachtrach ábhartha, de bharr ghné speisialaithe ghnó GÉS agus na dúshláin ar leith atá le sárú aici. Tá an Coiste Iniúchóireachta agus Riosca cónasctha i mbun oibre anois agus táimid ag súil go mbunófar Coiste Straitéise GÉS go foirmiúil sna míonna beaga seo amach romhainn.

Mar a luaigh mé i dTuarascáil na bliana seo caite, go luath in 2016 d'fhorbraíomar straitéis chorparáideach fhoriomlán le cur agus tacú lenár sainorduithe gnó agus lena gcuspóirí straitéiseacha gnó. Tiomnaíonn sé an t-eagras do cheithre sprioc straitéiseacha chun tacú lena sainorduithe gnó. Is é sprioc fhadtéarmach GBCN luach fadtéarmach a chur ar fáil don Stát. Mar gheall ar thrí sprioc thacaíochta – ár gclú a choinneáil agus a fheabhsú, ár gcumais a fhorbairt mar eagras oiriúnaitheach, agus ár ndaoine a chumasú lena n-acmhainn a bhaint amach – beimid in ann luach fadtéarmach a chur ar fáil agus feidhmíocht ghnó inbhuanaithe a thógáil ag an am céanna.

Mar eagraíocht, creidim go ndearnamar dul chun cinn maith le bliain anuas chun cultúr a chothú lena gcinnteofar go mbainfear na spriocanna sin amach agus go leanfar ag cur ár sainorduithe gnó i gcrích go rathúil. Mar fhocal scoir, ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le mo chomhghleacaithe ar an mBord agus ar an gcoiste, leis an bhfoireann bhainistíochta agus leis an bhfoireann as a gcuid oibre ar feadh na bliana agus táim ag tnúth lena ndíograis agus lena dtacaíocht leanúnach sa todhchaí.

Willie Walsh
An Cathaoirleach