Sracfhéachaint

Is comhlacht Stáit í Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) a sholáthraíonn seirbhísí bainistíochta sócmhainní agus dliteanas don Rialtas. Is é cuspóir na gníomhaireachta sócmhainní poiblí agus dliteanais phoiblí a bhainistiú ar bhonn tráchtála agus go stuama. Feidhmíonn GBCN thar chúig aonad gnó ar leithligh: Maoiniú agus Bainistiú Fiach, an Ciste Infheistíochta Straitéisí d'Éirinn, an Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta, RÉnua agus an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát.

Maoiniú
agus
Bainistiú
Fiach

Tá GBCN freagrach as iasachtaíocht thar ceann an Rialtais agus as bainistiú an Fhiachais Náisiúnta d’fhonn dóthain leachtachta don Státchiste a chinntiú agus d’fhonn costais as fónamh d’fhiachas a uasmhéadú sa mheántéarma.

Eisiúint bannaí

€8.25bn

de bhannaí tagarmharcála eisithe ag meántoradh ualaithe 0.82% agus meánaibíocht ualaithe de 10 mbliana

An chéad bhanna 100 bliain in Éirinn

€100m

díolta ag láithriú príobháideach ag ualú 2.35%

Costais as fónamh d’fhiachas ag titim

€6.7bn

d'ús íoctha ar an bhFiachas Náisiúnta i gcomparáid le €7.0 mbilliún in 2015

BREIS

An
Ciste
Infheistíochta
Straitéisí
d'Éirinn

Rialaíonn agus bainistíonn GBCN an Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn (CISÉ), a bhfuil sainordú reachtach aige infheistiú ar bhonn tráchtála ar bhealach a cheapfar chun tacú le gníomhaíocht gheilleagrach agus le fostaíocht sa Stát.

Ag Infheistiú in Éirinn

€522m

tiomnaithe le linn 2016, ag tabhairt tiomantas iomlán CISÉ go €2.6bn

Comhinfheistíocht

€7.5bn

an t-iomlán tiomnaithe d’Éirinn lena n-áirítear comhinfheistíocht ó chomhpháirtithe san earnáil phríobháideach – 2.8 oiread thiomantas CISÉ

Fáltas infheistíochta agus tionchar geilleagrach

2.9%

d'fháltas infheistíochta in 2016 le caipiteal CISÉ ag tacú le 140 cuideachta/tionscadal Éireannach agus, go díreach agus go hindíreach, le 21,900 post

BREIS

An
Ghníomhaireacht
Airgeadais
d'Fhorbairt
Náisiúnta

Agus í ag feidhmiú mar an Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta (GAFN), cuireann GBCN comhairle airgeadais, seirbhísí soláthair agus seirbhísí soláthair tionscnamh ar fáil d’údaráis Stáit maidir le tionscadail bhonneagair phoiblí.

Clár CPP

€1bn

luach caipitil iomlán measta de raon tionscadal CPP don oideachas, sláinte, ceartas agus tithíocht atá á soláthar ag GAFN

An chéad tionscadal CPP do chúram sláinte in Éirinn

14

ionad nua cúraim phríomhúil á bhforbairt ar fud na tire

Athmhaoiniú

€23m

i gcoigiltis don Stát ó athmhaoiniú rathúil scéim CPP an N17/N18 ón nGort go Tuaim

BREIS

RÉnua

Ag feidhmiú mar RÉnua, cuireann GBCN ionad tiomanta um shaineolas airgeadais chorparáidigh ar fáil don Rialtas, go háirithe i ndáil le forbhreathnú scairshealbhóirí ar mhór-chomhlachtaí tráchtála Stáit.

Díbhinní

€427m

de chomhdhíbhinní a fuair an Státchiste ó chomhlachtaí laistigh de shainchúram RÉnua in 2015/16

Comhairle - maoiniú

€3.9bn

luach na n-iarratas a bhain le maoiniú ó chomhlachtaí laistigh de sainchúram RÉnua ar a ndearna sí anailís agus moltaí airgeadais in 2016

Comhairle - caiteachas caipitiúil

€3.1bn

luach na caiteachas caipitiúil agus na n-iarratas ó chomhlachtaí laistigh de sainchúram RÉnua ar a ndearna sí anailís agus moltaí airgeadais in 2016

BREIS

An Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát

Ag gníomhú di mar an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát (GÉS), déanann GBCN bainistíocht ar éilimh i gcoinne 139 údarás Stáit, lena n-áirítear an Stát féin. Chomh maith leis sin, soláthraíonn sí seirbhísí bainistíochta riosca, ag tabhairt comhairle agus cuidiú d’údaráis Stáit lena gcuid neamhchosaintí ar éilimh a laghdú.

Dliteanas measta gan íoc

€2.2bn

ón beagnach 9,000 éileamh gníomhach a bhí á mbainistiú ag deireadh 2016

Seirbhísí máithreachais – tosaíocht bainistíochta riosca

65%

(€1.09 billiún) den dliteanas iomlán in éilimh chliniciúla atá le híoc i dtaca le seirbhísí máithreachais

Costais dlí a laghdú

€27m

an méid lenar socraíodh billí costais a fuarthas ó thríú páirtithe in 2016 – laghdú 45% ar an €49m a ndearnadh éileamh air

BREIS