Comhaltaí na Gníomhaireachta

Willie Walsh | An Cathaoirleach

(ceaptha ar feadh tréimhse cúig bliana ón 22 Nollaig 2014)

Comhalta den Choiste Luach Saothair

Tá Willie Walsh ina Phríomhfheidhmeannach ar International Airlines Group (IAG), máthairchuideachta Aer Lingus, British Airways, Iberia agus Vueling. Bhí sé ina Phríomhfheidhmeannach ar British Airways agus ar Aer Lingus roimhe sin. Is é Uachtarán Chomhlachas Tráchtála agus Tionscail Londan é.

Maeve Carton | comhalta Gníomhaireachta

(ceaptha ar feadh tréimhse trí bliana ón 22 Nollaig 2014)

An Coiste Iniúchóireachta agus Riosca
Cathaoirleach den Choiste Luach Saothair

Is í Maeve Carton an Stiúrthóir Airgeadais ar CRH. Ó chuaigh sí isteach in CRH in 1988 tá roinnt ról sinsearach comhlíonta aici, go príomha an Stiúrthóir Airgeadais agus roimhe sin an Stiúrthóir Grúpa. Sular thosaigh sí ag obair le CRH, bhí sí ag obair ar feadh roinnt blianta mar chuntasóir cairte le cuideachta idirnáisiúnta cuntasaíochta.

Gerardine Jones | comhalta Gníomhaireachta

(ceaptha ar feadh téarma cúig bliana ón 8 Márta 2017)

Comhalta den Choiste Infheistíochta

Is cuntasóir cairte í Gerardine Jones a bhfuil breis is 30 bliain taithí gnó agus ceannaireachta sinsearaí aici. Tá sí ina Stiúrthóir ar Sharpsburg Consultants Limited faoi láthair agus tá roinnt ról aici freisin mar stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin, lena n-áirítear le BNY Mellon Fund Services (Éire) DAC, agus ITG Limited. Bhí sí ina Leas-Phríomhfheidhmeannach agus ina Ceannaire Riosca ag Cantor Fitzgerald Ireland roimhe seo, agus ina Stiúrthóir Liostaithe ag Stocmhalartán na hÉireann.

Derek Moran | comhalta Gníomhaireachta

(de bhrí oifige)

Is é Derek Moran Ard-Rúnaí na Roinne Airgeadais agus tá sé freagrach as cúrsaí beartais um sheirbhísí geilleagracha, buiséadacha agus fioscacha, baincéireachta agus airgeadais agus as maoirseacht a dhéanamh ar infheistíochtaí na hÉireann i mbainc chlúdaithe agus ar thacaíocht do bhainc chlúdaithe. Is comhalta é de Choimisiún an Bhainc Ceannais agus de Bhord Bainistíochta na Státseirbhíse agus is comhalta comhairle é den Fhondúireacht um Staidéir Fhioscacha.

Martin Murphy | comhalta Gníomhaireachta

(ceaptha ar feadh tréimhse ceithre bliana ón 22 Nollaig 2014)

Cathaoirleach den Coiste Iniúchóireachta agus Riosca
Comhalta den Choiste Luach Saothair

Bhí Martin Murphy ina Stiúrthóir Bainistíochta agus ina Chathaoirleach ar Hewlett Packard Fiontraíocht Éireann tráth. Tá sé mar chomhalta boird ar Bhanc Uladh agus ar Scoil Ghnó Smurfit UCD. Tá sé ina chathaoirleach freisin ar Chomhairle an Mhargaidh Saothair, sainghrúpa a thugann comhairle don Rialtas ar bheartas an mhargaidh saothair agus a thugann ionchur maidir le mórcheisteanna fostaíochta i gcoitinne. Bhí sé ina Uachtarán ar Chumann Lucht Trádála Bhaile Átha Cliath tráth.

Conor O’Kelly | comhalta Gníomhaireachta

(de bhrí oifige)

Is é Conor O’Kelly Príomhfheidhmeannach GBCN. Is iar-Leaschathaoirleach é ar Investec Holdings (Ireland) Ltd. Roimhe sin bhí sé ina Phríomhfheidhmeannach ar NCB Group, a fuair Investec plc ina dhiaidh sin. Sula ndeachaigh sé ag obair le NCB mar Cheannasaí Ioncaim Sheasta, chaith sé 11 bhliain le Barclays Capital, áit a raibh roinnt post bainistíochta sinsearaí aige.

Mary Walsh | comhalta Gníomhaireachta

(ceaptha ar feadh tréimhse cúig bliana ón 22 Nollaig 2014)

An Coiste Iniúchóireachta agus Riosca

Is cuntasóir cairte í Mary Walsh, agus iarpháirtí cánach idirnáisiúnta in PricewaterhouseCoopers i mBaile Átha Cliath. Oibríonn sí mar stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin neamhspleách ar roinnt bord san earnáil phríobháideach agus ar bhoird neamhbhrabúis. Bhí roinnt post aici san earnáil phoiblí in Éirinn agus san Aontas Eorpach.

Robert Watt | comhalta Gníomhaireachta

(de bhrí oifige)

Comhalta den Choiste Luach Saothair

Tá Robert Watt ina Ard-Rúnaí ar an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le freagracht as beartas caiteachais phoiblí, as caiteachas caipitiúil agus as Comhpháirtíochtaí Poiblí Príobháideacha agus bainistiú foriomlán agus as athchóiriú na seirbhíse poiblí in Éirinn. Eacnamaí atá ann agus tá taithí aige sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha araon.

Susan Webb | comhalta Gníomhaireachta

(ceaptha ar feadh tréimhse ceithre bliana ón 22 Nollaig 2014)

An Coiste Iniúchóireachta agus Riosca
Cathaoirleach den Choiste Infheistíochta

Is iar-Stiúrthóir Bainistíochta í Susan Webb ar ionad cisteáin idirnáisiúnta Pfizer lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Tá sí ina stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin neamhspleách ar Wells Fargo Bank International Unlimited Company agus Depfa Bank plc.