An Ghníomhaireacht Airgeadais d'Fhorbairt Náisiúnta

Tionscadail CPP a Sholáthar

Comhairle Airgeadais a Sholáthar

Tá GBCN ainmnithe mar an Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta (GAFN) nuair a thugann sí comhairle airgeadais d’údaráis Stáit agus iad ag tabhairt faoi mhórthionscadail infheistíochta poiblí ag a bhfuil luach caipitil níos mó ná €20m agus nuair a bhíonn sí ag soláthar agus ag seachadadh tionscadail Comhpháirtíochta Poiblí Príobháidí (CPP) in earnálacha nach iompar ná údaráis phoiblí iad.

Soláthar Tionscadail CPP

Ba é soláthar agus seachadadh tionscadail CPP príomhfhócas ghníomhaíocht GAFN in 2016. Tá GAFN freagrach as soláthar tionscadail CPP don oideachas, sláinte, dlí agus ceart agus tithíocht, a bhfuil €1bn de luach caipitil iomlán measta acu. Tá Bonneagar Iompair Éireann freagrach as soláthar tionscadail CPP éagsúla do bhóithre. Gníomhaíonn GAFN mar chomhairleoir airgeadais thar an gclár CPP iomlán.

Rinneadh dul chun cinn suntasach in 2016, lena n-áirítear céim na dtarraingtí anuas a bhaint amach ar thionscadal CPP d’Ionaid Chúraim Phríomhúil, an chéad tionscadal CPP do chúram sláinte in Éirinn, lenar cuireadh 14 ionad cúraim phríomhúla nua ar fud na tíre, agus Beart Scoileanna 5, a sholáthair 4,870 áit do scoláirí ar cheithre shuíomh. Tá tús curtha leis an tógáil agus tá sí ar siúl ag gach láthair i ndáil leis an dá thionscadal seo. Baineadh amach céim na dtarraingtí anuas ar sheachbhóthar Ros Mhic Thriúin an N25, atá á thógáil anois agus rinneadh athmhaoiniú ar scéim CPP an N17/N18 ón nGort go Tuaim, a thug coigiltis €23m don Stát.

Cuireadh Beart Scoileanna 4 ag soláthar 2,950 áit do scoláirí i gcrích de réir an sceidil in 2016, agus tá na scoileanna go léir i mbun oibre anois. Tá tógáil ag dul ar aghaidh i dtionscadal Bheart na gCúirteanna ina bhforbrófar tithe cúirte nua agus ina n-athchóireofar agus sínfear tithe cúirte reatha i seacht n-áit. Tá gach teach cúirte le bheith críochnaithe agus oibríochtúil in 2017.

Cuireadh moill ar dhul chun cinn thionscadal Champas ITBÁC i nGráinseach Ghormáin i rith 2016 mar gheall ar imeachtaí dlí, a ghlac forthairgeoir nár éirigh leis, in aghaidh an Aire Oideachas agus Scileanna, agus GBCN. Tugadh an bhreith sa chás sin i mí Dheireadh Fómhair 2016 agus cinneadh i bhfabhar an Aire agus an GBCN.

Téann GAFN i ngleic go rialta le hurraithe tionscadail, conraitheoirí, comhairleoirí agus airgeadóirí maidir le deiseanna tionscadail agus idirbheart. Leanadh leis an athéirí i margadh iasachta bonneagair na hÉireann le blianta beaga anuas i rith 2016, agus spéis shuntasach ó mhaoinitheoirí intíre agus idirnáisiúnta ag tabhairt iasachtaí do thionscadail CPP na hÉireann. Tá feabhas mór ar na costais mhaoiniúcháin atá ar fáil do thionscadail CPP in Éirinn agus thit rátaí iomlána fiachais shinsearaigh ó 6.5% go luath in 2014 go dtí díreach os cionn 2% in 2016, na rátaí is ísle ar taifead do thionscadail CPP na hÉireann.

Dul chun cinn ar Thionscadail CPP GAFN ag Deireadh 2016

Tionscadail atá á dtabhairt chun críche ag GAFN

Beart Scoileanna CPP 4
Cur Síos

Ceithre scoil, ag soláthar 2,950 áit i dTiobraid Árann, sa Chlár, i gCorcaigh agus i Lú.

Stádas

Tógáil curtha i gcrích sa chéad leath de 2016. Gach scoil in úsáid agus i mbun oibre.

Beart Scoileanna CPP 5
Cur Síos

Cúig scoil agus Institiúid Bhreisoideachais amháin ag soláthar 4,870 áit i gCeatharlach, sa Mhí, i gCill Mhantáin agus i Loch Garman.

Stádas

Baineadh amach céim na dtarraingtí anuas i mí Iúil 2016. Tá an obair thógála ar siúl ar na ceithre shuíomh agus tá na scoileanna sceidealaithe le bheith críochnaithe in 2018.

CPP Champas ITBÁC i nGráinseach Ghormáin
Cur Síos

Forbairt dhá fhoirgneamh cearnóige ag Campas ITBÁC i nGráinseach Ghormáin, ag soláthar 10,000 áit do mhic léinn sna healaíona feidhmeacha, sna heolaíochtaí agus san innealtóireacht.

Stádas

Tairgeoir Roghnaithe ceaptha i mí Feabhra 2015. I mí an Mhárta 2015, cuireadh tús le himeachtaí dlí in aghaidh an Aire Oideachais agus Scileanna, agus GBCN i ndáil leis an gcomórtas soláthair phoiblí don tionscadal seo. Cinneadh sa bhreith a fuarthas i mí Dheireadh Fómhair 2016 i bhfabhar an Aire agus GBCN.

CPP Phunann na gCúirteanna
Cur Síos

Forbairt foirgnimh nua teach cúirte i nDroichead Átha, i Leitir Ceanainn, i Luimneach agus i Loch Garman agus oibreacha athchóirithe agus sínidh ar thithe cúirte atá ann cheana i gCorcaigh, ar an Muileann gCearr agus i bPort Láirge.

Stádas

Tá tógáil ar siúl agus tá gach teach cúirte sceidealaithe le bheith i mbun oibre in 2017.

CPP d’Ionaid Chúraim Phríomhúil
Cur Síos

Forbairt 14 ionad chúraim phríomhúil ar fud na tíre, a dearadh le seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta a sholáthar i bpobail áitiúla.

Stádas

Baineadh amach céim na dtarraingtí anuas i mí na Bealtaine 2016. Tá an obair thógála ar siúl ar na 14 shuíomh agus tá na háiseanna sceidealaithe le bheith críochnaithe in 2017 agus 2018.

CPP na Tithíochta Sóisialta
Cur Síos

Forbairt 1,500 aonad tithíochta sóisialta.

Stádas

Tá an tionscadal i gcéim réamhsholáthair/pleanála.

Tionscadail arb iad GAFN an Comhairleoir Airgeadais dóibh

CPP an N17/N18
Cur Síos

Dearadh, tógáil, oibriú agus cothabháil 57km nua de mhótarbhealach i nGaillimh.

Stádas

Tá tógáil ar siúl, sceidealaithe lena críochnú in 2017. Athmhaoiníodh an tionscadal i mí na Bealtaine 2016.

CPP an M11 (Guaire go hInis Córthaidh)
Cur Síos

Dearadh, tógáil, oibriú agus cothabháil 38km nua de mhótarbhealach i Loch Garman.

Stádas

Tá tógáil ar siúl, sceidealaithe lena críochnú in 2019.

CPP an N25
Cur Síos

Dearadh, tógáil, oibriú agus cothabháil sheachbhóthar Ros Mhic Thriúin.

Stádas

Baineadh amach céim na dtarraingtí anuas i mí Eanáir 2016. Tá tógáil ar siúl, sceidealaithe lena críochnú in 2019.

CPP Athnuachan Tithíochta Shráid Charlemont
Cur Síos

Tionscadal CPP na malairte talún lena mbaineann soláthar 79 aonad tithíochta sóisialta agus áiseanna pobail i mBaile Átha Cliath.

Stádas

Tá tógáil ar siúl, sceidealaithe lena críochnú in 2018.

Ionaid Seirbhíse Mótarbhealaigh
Cur Síos

Dearadh, tógáil, oibriú agus cothabháil dhá ionad seirbhíse suite ar mhótarbhealach an M6 thoir ó Bhaile Átha Luain agus ar mhótarbhealach an M9 ó dheas de Chill Choileáin in éineacht le feistiú, oibriú agus cothabháil an tríú hionad seirbhíse ar mhótarbhealach an M11 ó thuaidh de Ghuaire.

Stádas

Tairgeoir roghnaithe ceaptha i mí na Bealtaine 2015. Cuireadh moill ar an tionscadal tar éis iarratas ar athbhreithniú breithiúnach ar bhronnadh conartha an Údaráis um Bóithre Náisiúnta. Táthar ag súil go dtiocfaidh sé chun deiridh i 2017.

An Lárionad Tionóil, Baile Átha Cliath
Cur Síos

Is í GAFN an comhairleoir airgeadais le hOifig na nOibreacha Poiblí agus thug sí comhairle maidir le díolachán scaireanna sa chuideachta CPP.

Stádas

Tá an Lárionad Tionóil ag oibriú go héifeachtúil agus tá an t-athrú úinéireachta curtha i gcrích.

CPP Dramhaíola ina Fhuinneamh Bhaile Átha Cliath
Cur Síos

Dearadh, tógáil, oibriú agus cothabháil monarcha 600,000 tona dramhaíola go fuinneamh.

Stádas

Tá tógáil ar siúl, sceidealaithe lena críochnú in 2017.

Soláthar Comhairle Airgeadais

Faoina sainordú reachtúil, cuireann GAFN comhairle airgeadais ar fáil d’údaráis Stáit atá ag tabhairt faoi mhórthionscadail infheistíochta poiblí. Áirítear le tionscadail inar thug GAFN comhairle in 2016 an Plean Náisiúnta Leathanbhanda, an tOspidéal Náisiúnta Seirbhísí Fóiréinseacha Meabhairshláinte, léasanna tithíochta sóisialta, Aonad Oinceolaíocht Radaíochta Chorcaí agus tionscadal Champas Oideachais Mhaigh Nuad. Chuir GAFN comhairle ar fáil don Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt i ndáil lena chúnamh deontais d’athfhorbairt Pháirc Uí Chaoimh. Tá seirbhísí tacaíochta tionscadail á gcur ar fáil ag GAFN don Oifig Seachadta Tithíochta sa Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil.

Clár na Scoileanna Déabhlóidithe

Tar éis 15 thionscadal scoile “dear agus tóg” (neamh-CPP) a sholáthar go rathúil in 2015 thar ceann na Roinne Oideachais agus Scileanna inar cuireadh 8,600 áit scoile ar fáil, tá GAFN sa chéim réamhsholáthair de thionscadal nua, Coláiste na Toirbhirte i mBaile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe, a chuirfidh 1,000 áit scoile ar fáil. Cuireadh isteach an t-iarratas pleanála don tionscadal sin i mí na Samhna 2016.

Seirbhísí Bainistíochta Conartha

Ar iarratas ón Roinn Oideachais agus Scileanna, ghlac GAFN freagracht as bainistíocht conartha gach scoile oibríochtúla CPP. Ag deireadh 2016, bhí GAFN ag bainistiú na gconarthaí do chúig tionscadal scoile a chumhdaigh 27 scoil. Ag obair faoi Chomhaontú Seirbhíse, baineann an tacaíocht a thugtar le monatóireacht ar na comhlachtaí bainteacha CPP i bhfeidhmiú a n-oibleagáidí faoin gconradh CPP, ag cinntiú go ngabhtar an luach fadtéarmach sna conarthaí seo.

In 2016, ar iarratas ó Oifig na nOibreacha Poiblí, thosaigh GAFN ag cur seirbhísí bainistíochta conartha ar fáil do Lárionad Tionóil Bhaile Átha Cliath.