Tuarascáil an Ard-Reachtaire
Cuntas agus Ciste le cur faoi bhráid Thithe an Oireachtais

Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta – Cuntas Riaracháin

Tá iniúchadh déanta agam ar chuntas riaracháin Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2015 faoin Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990 (arna leasú). Cuimsíonn an cuntas riaracháin an ráiteas ioncaim agus caiteachais agus ioncam cuimsitheach eile, ráiteas maidir leis an staid airgeadais, ráiteas ar athruithe ar chothromas, ráiteas ar shreabhfaí airgid agus na nótaí gaolmhara. Ullmhaíodh na ráitis airgeadais san fhoirm atá forordaithe faoi alt 12 den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990 (arna leasú) agus i gcomhréir le cleachtas cuntasaíochta a bhfuil glacadh forleathan leis in Éirinn.

Freagrachtaí na Gníomhaireachta

Tá an Ghníomhaireacht freagrach as an gcuntas riaracháin a ullmhú, as a chinntiú go dtugtar léargas fírinneach cóir agus as rialtacht na n-idirbheart a chinntiú.

Freagrachtaí an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste

Is é an fhreagracht atá orm an cuntas riaracháin a iniúchadh agus tuairisciú air de réir an dlí is infheidhme.

Déantar m’iniúchadh trí thagairt do na léirbhreithnithe speisialta a bhaineann le comhlachtaí Stáit maidir lena mbainistíocht agus lena bhfeidhmiú.

Déantar m’iniúchadh de réir Caighdeáin Idirnáisiúnta maidir le hIniúchóireacht (an Ríocht Aontaithe agus Éire) agus ag comhlíonadh na gCaighdeán Eiticiúil d'Iniúchóirí an Bhoird um Chleachtais Iniúchóireachta.

Raon feidhme an iniúchta ar an gcuntas riaracháin

Baineann iniúchadh le fianaise a fháil ar na méideanna agus na hábhair nochta sa chuntas riaracháin, iad a bheith dóthanach chun dearbhú réasúnach a thabhairt go bhfuil an cuntas riaracháin saor ó mhíráiteas ábhartha, cibé acu de bharr calaoise nó earráide. Cuimsíonn sé seo measúnú ar

  • cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil na beartais chuntasaíochta oiriúnach do chúinsí na Gníomhaireachta, agus cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil siad curtha i bhfeidhm go comhsheasmhach agus cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil siad nochta go cuí.
  • réasúntacht na meastachán suntasach cuntasaíochta a rinneadh agus an cuntas á ullmhú, agus
  • cur i láthair foriomlán an chuntais.

Déanaim iarracht freisin fianaise a fháil faoi rialtacht na n-idirbheart airgeadais le linn an iniúchta.

Ina theannta sin, léigh mé tuarascáil bhliantúil na Gníomhaireachta chun aon neamhréireacht ábhartha leis na ráitis airgeadais iniúchta a shainaithint agus chun aon fhaisnéis ar cosúil í a bheith mícheart go hábhartha nó a bheith neamhréireach a shainaithint, bunaithe ar an bhfaisnéis a ghnóthaigh mé le linn dom an t-iniúchadh a dhéanamh. Má thagaim ar an eolas faoi mhíráiteas nó neamhréireacht ábhartha fhollasach ar bith, breathnaím ar na himpleachtaí a bheidh i gceist do mo thuarascáil.

Tuairim ar an gcuntas riaracháin

I mo thuairim, tá na nithe seo fíor faoin gcuntas riaracháin

  • tugann sé léargas fírinneach cóir ar shócmhainní, dliteanais agus ar staid airgeadais na Gníomhaireachta amhail an 31 Nollaig 2015 agus ar a hioncam agus caiteachas don bhliain 2015, agus
  • rinneadh é a ullmhú mar is ceart i gcomhréir le cleachtas cuntasaíochta a bhfuil glacadh forleathan leis.

I mo thuairim, ba leorga taifid chuntasaíochta na Gníomhaireachta le go bhféadfaí iniúchadh éasca agus ceart a dhéanamh ar an gcuntas riaracháin. Tá an cuntas riaracháin ar aon dul leis na taifid chuntasaíochta.

Ábhair ar a dtuairiscím trí eisceacht

Tuairiscím trí eisceacht sa chás nach bhfuair mé an t-eolas agus na mínithe ar fad a theastaigh uaim le haghaidh m’iniúchta, nó má fheictear dom

  • aon ásc ábhartha nuair nár caitheadh airgead poiblí do na críocha a bhí beartaithe nó nuair nach raibh na hidirbhearta de réir na n-údarás atá á rialú, nó
  • nach bhfuil an t-eolas atá le sonrú i dtuarascáil bhliantúil na Gníomhaireachta ag teacht leis an gcuntas riaracháin bainteach nó leis an eolas a fuair mé agus an t-iniúchadh á dhéanamh agam, nó
  • nach léiríonn an Ráiteas ar Rialú Inmheánach Airgeadais gur chloígh an Ghníomhaireacht leis an gCód Cleachtais ar Rialachas Comhlachtaí Stáit, nó
  • go bhfuil cúrsaí ábhartha eile ann a bhaineann leis an gcaoi ar cuireadh gnó poiblí i gcrích.

Níl aon rud le tuairisciú agam maidir leis na cúrsaí sin.

Seamus McCarthy
An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste

26 Bealtaine 2016