Comhaltaí na Gníomhaireachta

Willie Walsh | Cathaoirleach

(ceaptha ar feadh tréimhse cúig bliana ón 22 Nollaig 2014)

Comhalta den Choiste Luach Saothair

Tá Willie Walsh ina Phríomhfheidhmeannach ar International Airlines Group (IAG), máthairchuideachta Aer Lingus, British Airways, Iberia agus Vueling. Bhí sé ina Phríomhfheidhmeannach ar British Airways agus ar Aer Lingus roimhe sin. Tá sé ina Uachtarán ar Chomhlachas Tráchtála agus Tionscail Londain.

Maeve Carton | comhalta Gníomhaireachta

(ceaptha ar feadh tréimhse trí bliana ón 22 Nollaig 2014)

Comhalta den Choiste Iniúchóireachta

Is í Maeve Carton an Stiúrthóir Airgeadais ar CRH. Ó chuaigh sí isteach in CRH in 1988 tá roinnt ról sinsearach comhlíonta aici, is iad sin Stiúrthóir Airgeadais agus roimhe sin an Stiúrthóir Grúpa. Sular thosaigh sí ag obair le CRH, bhí sí ag obair ar feadh roinnt blianta mar chuntasóir cairte le cuideachta idirnáisiúnta cuntasaíochta.

Brendan McDonagh | comhalta Gníomhaireachta

(ceaptha ar feadh tréimhse trí bliana ón 22 Nollaig 2014)

Cathaoirleach den Choiste Infheistíochta
Cathaoirleach den Choiste Luach Saothair

Is iar-chathaoirleach agus príomhoifigeach feidhmiúcháin ar Bank of Butterfield & Son Limited, Hamilton, Beirmiúda é Brendan McDonagh. Roimhe seo bhí sé ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin in HSBC Holdings North America Inc, ina Stiúrthóir Bainistíochta Grúpa in HSBC Holdings Inc agus ina chomhalta de Bhord Bainistíochta Grúpa HSBC. Tá sé ag freastal mar stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin in UK Asset Resolution agus mar chomhalta boird in Trinity College Business School.

Derek Moran | comhalta Gníomhaireachta

(de bhrí oifige)

Is é Derek Moran Ard-Rúnaí na Roinne Airgeadais agus tá sé freagrach as cúrsaí beartais um sheirbhísí geilleagracha, buiséadacha agus fioscacha, baincéireachta agus airgeadais agus as maoirseacht a dhéanamh ar infheistíochtaí na hÉireann i mbainc chlúdaithe agus ar thacaíocht do bhainc chlúdaithe. Is comhalta é de Choimisiún an Bhainc Ceannais agus de Bhord Bainistíochta na Státseirbhíse agus is comhalta comhairle é den Fhondúireacht um Staidéir Fhioscacha.

Martin Murphy | comhalta Gníomhaireachta

(ceaptha ar feadh tréimhse ceithre bliana ón 22 Nollaig 2014)

Cathaoirleach an Choiste Iniúchóireachta
Comhalta den Choiste Bainistíochta Riosca
Comhalta den Choiste Luach Saothair

Is é Martin Murphy an Stiúrthóir Bainistíochta, Hewlett Packard Fiontraíocht Éireann. Roimhe seo bhí sé ina stiúrthóir bainistíochta ar HP Ireland. Tá sé ina chathaoirleach ar Chomhairle an Mhargaidh Saothair, sainghrúpa neamhspleách a dhéanann maoirseacht ar straitéis an Rialtais, Bealaí chun na hOibre, agus a thugann ionchur maidir le mórcheisteanna beartais fostaíochta. Tá sé mar chomhalta boird ar Scoil Ghnó Smurfit UCD. Is iar-Uachtarán é ar Chumann Lucht Trádála Bhaile Átha Cliath.

Conor O’Kelly | comhalta Gníomhaireachta

(de bhrí oifige)

Ceapadh Conor O’Kelly ina Phríomhfheidhmeannach ar GBCN in Eanáir 2015. Is iar-Leaschathaoirleach é ar Investec Holdings (Ireland) Ltd. Roimhe sin bhí sé ina Phríomhfheidhmeannach ar NCB Group, a fuair Investec ctp ina dhiaidh sin. Sula ndeachaigh sé ag obair le NCB mar Cheannasaí Ioncaim Sheasta chaith sé 11 bhliain le Barclays Capital, áit a raibh roinnt post bainistíochta sinsearach aige.

Mary Walsh | comhalta Gníomhaireachta

(ceaptha ar feadh tréimhse cúig bliana ón 22 Nollaig 2014)

Cathaoirleach an Choiste Riosca

Is Cuntasóir Cairte í Mary Walsh, agus iarpháirtí cánach idirnáisiúnta in PricewaterhouseCoopers i mBaile Átha Cliath. Is comhalta neamhspleách den Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta í agus is athbhreithneoir seachtrach í do na Coimisinéirí Ioncaim. Bhí roinnt post aici san earnáil phoiblí in Éirinn agus in AE.

Robert Watt | comhalta Gníomhaireachta

(de bhrí oifige)

Comhalta den Choiste Bainistíochta Riosca
Comhalta den Choiste Luach Saothair

Tá Robert Watt ina Ard-Rúnaí ar an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le freagracht as beartas caiteachais phoiblí, as caiteachas caipitil agus as Comhpháirtíochtaí Poiblí Príobháideacha agus bainistiú foriomlán agus as athchóiriú na seirbhíse poiblí in Éirinn. Eacnamaí atá ann agus tá taithí aige sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha araon.

Susan Webb | comhalta Gníomhaireachta

(ceaptha ar feadh tréimhse ceithre bliana ón 22 Nollaig 2014)

Comhalta den Choiste Iniúchóireachta
Comhalta den Choiste Infheistíochta

Is iar-Stiúrthóir Bainistíochta í Susan Webb ar ionad cisteáin idirnáisiúnta Pfizer lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Tá sí ina stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin neamhspleách ar Wells Fargo Bank International agus Depfa Bank ctp.