Maoiniú agus Bainistiú Fiach

RÁTAÍ ÚIS ÍSLE AGUS AIBÍOCHTAÍ FADA A CHOINNEÁIL

  • D'eisigh GBCN bannaí €13bn le linn 2015 ag meántoradh ualaithe 1.51% agus meánaibíocht ualaithe de thréimhse díreach faoi 18 mbliana.
  • I mí Feabhra 2015 d’eisigh GBCN an chéad bhanna tagarmhairc 30 bliain in Éirinn, Cruinníodh €4bn san iomlán ag ualú 2.09%.
  • I Márta 2015, chuir GBCN i gcrích athíocaíochtaí luatha iasachtaí a fuair Éire ón CAI. Aisíocadh díreach os cionn €18bn d’iasachtaí CAI ar ais go luath a ghin coigiltis úis os cionn €1.5bn thar shaolré bunaidh na n-iasachtaí.

DINIMICÍ FIACHAIS A FHEABHSÚ

  • Thit Fiachas Ginearálta Rialtais chuig níos lú ná 94% de OTI ag deireadh 2015. Beagán os cionn 120% ag deireadh 2012 an figiúr ab airde.
  • Nuair a chuirtear airgead tirim agus sócmhainní eile san áireamh, thit Glanfhiachas Ginearálta an Rialtais chuig níos lú ná 80% de OTI ag deireadh 2015.
  • Ba é 12.3 bliain ag deireadh 2015 meánaibíocht ualaithe mheasta fi achas fadtéarmach, sodhíolta agus oifigiúil na hÉireann.

COSTAIS ÚIS A LAGHDÚ

  • Thit ús ar an bhFiachas Náisiúnta go dtí díreach faoi €7bn in 2015, ó bheagnach €7.5bn in 2014 – an chéad titim bliain ar bhliain ó 2008.

Athbhreithniú ar an Margadh

Thit torthaí bannaí deich mbliana na hEorpa go luath in 2015 nuair a bhíothas ag dúil le tabhairt isteach bhearta éascú cainníochtúla BCE i mí an Mhárta. Bhí torthaí luaineach le linn mhíonna an tsamhraidh agus tharla leasú praghsála. 1.78% i Meitheamh an figiúr is airde ag torthaí deich mbliana na hÉireann, sular thosaigh an treocht chun laghdaithe arís ag deireadh na bliana. Druideadh iad ag 1.15% ag deireadh mhí na Nollag.

Torthaí Bannaí Rialtais 10 mBliana 2015

I measc théamaí na bliana bhí teannadh i raoin difríochta na hÉireann i gcroímhargaí san Eoraip. Thosaigh rannpháirtithe margaidh, ó thug siad faoi deara téarnamh agus fás stóinsithe na hÉireann, ag praghsáil bhannaí na hÉireann níos gaire do thíortha amhail an Fhrainc agus an Bheilg.

Raoin Difríochta 10 mBliana na hÉireann
% Deireadh 2014 % Deireadh 2015
An Ghearmáin 0.71 0.52
An Fhrainc 0.43 0.16
An Bheilg 0.43 0.18
An Spáinn -0.36 -0.62

Gníomhaíocht Mhaoinithe

Maoiniú Fadtéarmach

D'eisigh GBCN bannaí ar fiú €13bn iad le linn 2015 ag meántoradh ualaithe de 1.51% agus meánaibíocht ualaithe de thréimhse díreach faoi 18 mbliana. Cuirtear é seo i gcomparáid le 2.84% de mheántoradh ualaithe agus díreach faoi bhun 12 mbliana in 2014. Chuir dálaí fabhracha margaidh agus éileamh daingean infheisteoirí ar pháipéar fad-dáta ar chumas GBCN aibíochtaí níos faide a ghnóthú ag rátaí ísle úis.

Chuaigh GBCN i gceann dhá shindeacáitiú bannaí in 2015. Sa chéad cheann eisíodh banna seacht mbliana i mí Eanáir. Cruinníodh €4bn san iomlán ag ualú 0.87%. Ina dhiaidh sin i mí Feabhra eisíodh banna nua 30 bliain agus cruinníodh €4bn san iomlán ag ualú 2.09%.

Ba é seo an chéad bhanna tagarmharcála 30 bliain ag Éirinn agus léirigh réimse d’infheisteoirí spéis shuntasach ann. As an €4bn a cruinníodh, is infheisteoirí eachtracha a thug 95%. Ba iad bainisteoirí sócmhainne, bainisteoirí cistí, cistí pinsin agus comhlachtaí árachais na príomhchatagóirí infheisteoirí.

Sindeacáitiú Banna 30 Bliain de réir Ceantar Geografach
  • RA 26%
  • An Ghearmáin 24%
  • An Fhrainc 13%
  • SA 7%
  • Tíortha Nordacha 7%
  • Éire 5%
  • An Áise 2%
  • Mórthír na hEorpa eile 14%
  • Neamh-AE eile 2%

Bhí 6 cheant bannaí ag GBCN le linn na bliana agus cruinníodh suim iomlán de €5bn.

Ceantanna Bannaí GBCN 2015
Dáta an
Cheant

Ainm an Bhanna


Méid an
Cheant
€m*
%
Toraidh

Cóimheas
Tairiscint
/Clúdach
12 Feabhra Banna Státchiste 2.4% 2030 500 1.56 3.15
12 Márta Banna Státchiste 2% 2045 1,000 1.31 2.07
14 Bealtaine Banna Státchiste 0.8% 2022 750 0.81 2.70
11 Meitheamh Banna Státchiste 2.4% 2030 750 2.22 2.85
10 Meán Fómhair Banna Státchiste 2.4% 2030 1,000 1.82 2.75
8 Deireadh Fómhair Banna Státchiste 2.4% 2030 1,000 1.65 2.28

* níl fáltais ó cheantanna neamhiomaíocha áirithe anseo

Aisíocaíocht Iasacht CAI

Fuair Éire cead i mí na Samhna 2014 chun aisíocaíocht luath a dhéanamh ar an gcion d'iasachtaí CAI atá faoi réir an ráta úis is airde.

Idir Nollaig 2104 agus Márta 2015, rinne Éire aisíocaíochtaí luatha dar suim iomlán beagán os cionn €18bn nó 81% den €22.5bn bunaidh a bhí in áis iasachta CAI a tugadh faoi chlár AE/CAI. Baineadh feidhm as €1.6bn den na fáltais ó dhíol agus fuascailt scaireanna tosaíochta Bhanc na hÉireann CISÉ chun cuid den aisíocaíocht a mhaoiniú.

Dá thoradh seo, comhlíonadh na dualgais sceidealaithe aisíocaíocht bunairgid CAI a bhí le bheith dlite idir Iúil 2015 agus Eanáir 2021. Tá an chuid is costasaí d’iasachtaí CAI íoctha ar ais go hiomlán rud a ghin coigiltis úis os cionn €1.5bn thar shaolré bunaidh na n-iasachtaí agus, dá thoradh, tá tuilleadh feabhsúcháin ar inbhuanaitheacht fiachais.

Maoiniú Gearrthéarmach

Leanadh de chlár Billí Státchiste GBCN i rith 2015 agus tionóladh trí cheant le le linn na bliana. De thoradh bheartais fáis airgeadaíochta BCE, bhí Éire in ann fiachas gearrthéarmach a eisiúint ag rátaí diúltacha úis. Ní raibh billí státchiste ar bith gan íoc ag deireadh 2015.

Chloígh GBCN fosta le clár Páipéar Tráchtála Ilairgeadra na hÉireann in 2015. Bhí €1bn fós gan íoc ag deireadh 2015. Eisíodh fiachas gearrthéarmach fosta i bhfoirm Nótaí Státchiste agus Nótaí Lár-Chisteáin, d’infheisteoirí baile institiúideacha go príomha.

Coigilteas Stáit

Is é State Savings (Coigilteas Stáit) an t-ainm branda a úsáideann GBCN maidir leis an réimse táirgí coigiltis a thairgtear do choigilteoirí pearsanta. Le linn 2015, bhí glan-insreafaí €0.4bn isteach i dtáirgí Coigilteas Stáit agus ag deireadh 2015, ba é €19.5bn an tsuim iomlán a bhí fós gan íoc.

Táirgí Coigiltis Stáit
Iomlán
Gan íoc ag
Deireadh 2015
€m

Insreabhadh
Glan/
(Eis-sreabhadh)
in 2015
€m
Bannaí Coigiltis 4,366 (744)
Bannaí Náisiúnta
Dlúthpháirtíochta
3,445 869
Cairteacha Coigiltis 5,915 (126)
Tráthchoigiltí 485 4
Duaisbhannaí 2,481 305
Cuntais Taisce 2,764 94
Iomlán 19,456 402

D’fhéadfadh sé nach dtiocfadh na figiúirí leis an suimiú iomlán de bharr slánú uimhreacha.

Próifíl Fiachais

Is é is Fiachas Rialtais Ghinearálta (FRG) ann ná tomhas ar ollfhiachas comhdhlúite iomlán an Stáit. Is é an tomhas a úsáidtear chun críocha comparáide ar fud an Aontais Eorpaigh é.

€201.3bn nó 93.8% de OTI a bhí FRG na hÉireann ag deireadh 2015. Tá an cóimheas FRG/OTI tite go mór ón bhfigiúr is airde, 120%, ag deireadh 2012, agus táthar ag tuar go dtitfidh sé a thuilleadh sa mheántéarma.

Cóimheas FRG/OTI 2009 go 2021

Foinse: CSO (2009-2015) agus Uasdátú Aibreán 2016 na Roinne Airgeadais (réamhaisnéisí 2016-2021)

Is olltomhas é FRG agus ní féidir iarmhéideanna airgead tirim na sócmhainní eile airgeadais a ghlanluacháil. Mar sin féin, cruthaíonn an CSO meastachán ar Ghlanfhiachas FRG agus ag deireadh 2105 is €171.4bn nó 79.8% de OTI a bhí ann.

Is ionann an Fiachas Náisiúnta agus an glanfhiachas atá tabhaithe ag an Státchiste tar éis iarmhéideanna airgid agus sócmhainní airgeadais eile a chur san áireamh. Is é an príomhchuid de FRG ná an Ollfhiachas Náisiúnta. Ní bhaineann freagrachtaí GBCN ach le bainistíocht an Fhiachais Náisiúnta.

Ollfhiachas Náisiúnta ag deireadh 2015
€bn
Bannaí Rialtais 125.1
Maoiniú Chlár AE/CAI 49.7
Fiachas Eile Meántéarmach agus Fadtéarmach (MLT) 1.2
Scéimeanna Coigiltis Stáit* 16.7
Fiachas Gearrthéarmach 3.9
Ollfhiachas Náisiúnta 196.6
Lúide Airgead agus Sócmhainní Airgeadais Eile 13.6
Fiachas Náisiúnta 183.1
Ollfhiachas Náisiúnta 196.6
Coigeartuithe Fiachas Rialtais Ghinearálta 4.6
Fiachas Rialtais Ghinearálta 201.3

D’fhéadfadh sé nach dtiocfadh na figiúirí leis an suimiú iomlán de bharr slánú uimhreacha.

* Áirítear le Scéimeanna Coigilteas Stáit freisin airgead a chuireann taisceoirí i mBanc Taisce an Phoist (BTP) nach bhfuil ina chuid den Fhiachas Náisiúnta. Tugtar na cistí sin ar iasacht don Státchiste go príomha mar airleacain ghearrthéarmacha agus trí Bhannaí Rialtas na hÉireann a cheannach. Nuair a chuirtear san áireamh Taiscí POSB, €19.5bn Coigilteas Iomlán Stáit ag deireadh 2015.

Foinse: GBCN agus an Phríomh-Oifig Staidrimh

Ollfhiachas Náisiúnta ag deireadh 2015

  • Bannaí Státchiste Ráta Sheasta 51.6%
  • Clár AE/CAI 25.3%
  • Bannaí Ráta Chomhlúthaigh 11.5%
  • Bannaí Amúchta 0.5%
  • Táirgí Coigiltis Stáit 8.5%
  • Fiachas Gearrthéarmach 2.0%
  • Eile 0.6%
Suim Meánaibíocht
Bannaí Státchiste Ráta Sheasta
Eisithe d’infheisteoirí Éireannacha agus idirnáisiúnta, go príomha trí shindeacáitithe agus ceantanna rialta.
€101.5bn 6.8 bliana
Clár AE/CAI
Iasachtaí a cuireadh ar fáil faoi chlár AE/CAI in 2010.
€50.3bn* 13.9 bliana
Bannaí Ráta Chomhlúthaigh
Eisithe don Bhanc Ceannais mar mhalairt ar na Nótaí Gealltanais a cuireadh ar fáil do CÉRB tar éis leachtú CÉRB in 2013.
€22.5bn 33 bliana
Bannaí Amúchta
Bannaí a íocann suim chomhionann gach bliain ina gcuimsítear an phríomhshuim agus ús. Eisithe le riar ar riachtanais thionscal pinsean na hÉireann.
€1.1bn 15.4 bliana
Fiacha Fadtéarmacha Indíolta agus Oifigiúil Iomlána €175.4bn 12.3 bliana
Coigilteas Stáit
Táirgí coigilteas miondíola arna gcur ar fáil don phobal i gcoitinne trí Oifig an Phoist.
€16.7bn
Páipéar Gearrthéarmach
Eisithe d’infheisteoirí Éireannacha agus idirnáisiúnta faoi chláir éagsúla le 12 mhí aibíochta nó níos lú.
€2.3bn**

* Lena n-áirítear €0.5bn de chorrlach réamhíoctha maidir leis an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais.

** Nach n-áirítear iasachtaí ó chistí faoi smacht an Aire Airgeadais.

Táirgeacht Fónaimh d’Fhiachas

Is iad bunchuspóirí GBCN i leith bainistiú fiach ná leachtacht leordhóthanach a chinntiú don Státchiste agus costais fónaimh d’fhiachas a bharrfheabhsú thar an meántéarma.

€6,979m glanchostas ús airgid thirim an Fhiachais Náisiúnta in 2015, breis bheag agus 6.5% níos lú ná suim chomhfhreagrach 2014. Ba é seo an chéad laghdú bliain-arbhliain ó bhí 2008 ann. Toisc shuntasach sa laghdú bliainar- bhliain sa bhille úis ab ea aisíocaíocht luath bhunús na hiasachta CAI agus maoiniú níos saoire, bunaithe ar an margadh a chur ina háit.

B’ionann agus 15.3% d’ioncam cánach an Státchiste an Fiachas Náisiúnta in 2015 i gcomparáid le 18.1% in 2014.

Margadh Bhannaí Rialtais na hÉireann

Tá réimse aibíochtaí, a fhad le 2045, ag cuartha bhannaí tagarmharcála na hÉireann. Le cois sindeacáitithe agus ceantanna rialta, chuaigh GBCN i mbun roinnt bheag gníomhaíocht mhalairte i rith na bliana, mar chuid de ghnáthoibríochtaí margaidh. Chomh maith leis sin, rinne sé €1.5bn den bhanna 2038 ráta comhlúthach agus €1.5bn den bhanna 2041 ráta comhlúthach a bhí i seilbh an Bhainc Ceannais a cheannach ar ais agus a chealú.

Bannaí Státchiste Ráta Sheasta Rialtas na hÉireann
Banna



An Dáta Aibíochta



Gan Íoc ag
Deireadh
2015
€m*
Banna Státchiste 4.6% 2016 18 Aibreán 2016 8,132
Banna Státchiste 5.5% 2017 18 Deireadh Fómhair 2017 6,389
Banna Státchiste 4.5% 2018 18 Deireadh Fómhair 2018 9,256
Banna Státchiste 4.4% 2019 18 Meitheamh 2019 7,700
Banna Státchiste 5.9% 2019 18 Deireadh Fómhair 2019 6,767
Banna Státchiste 4.5% 2020 18 Aibreán 2020 11,609
Banna Státchiste 5.0% 2020 18 Deireadh Fómhair 2020 8,252
Banna Státchiste 0.8% 2022 15 Márta 2022 4,863
Banna Státchiste 3.9% 2023 20 Márta 2023 5,480
Banna Státchiste 3.4% 2024 18 Márta 2024 8,137
Banna Státchiste 5.4% 2025 13 Márta 2025 11,745
Banna Státchiste 2.4% 2030 15 Bealtaine 2030 7,928
Banna Státchiste 2.0% 2045 18 Feabhra 2045 5,101

gan athshealbhuithe san áireamh

€245bn láimhdeachas iomlán i luach bhannaí Rialtas na hÉireann in 2015, arna thuairisciú ag Stocmhalartán na hÉireann, i gcomparáid le €257bn in 2014. Bhí an láimhdeachas ag tús na bliana go tréan, go háirithe i mí Eanáir agus mí Feabhra de thoradh na heisiúna nua. Laghdaigh sé seo le linn mhíonna an tsamhraidh nuair a bhíothas ag meas go raibh margaí níos luainí gan bheith chomh leachtach. Mar sin féin, bhí méideanna láidre le sonrú arís ag deireadh na bliana agus tuairiscíodh gur €965m an méanláimhdeachas laethúil in 2015.

Forbairtí dearfacha i ngeilleagar na Éireann agus feabhas i ndinimicí fiachais ba chúis le huasghrádú creidmheasa go dtí A+ ó Standard and Poor’s i Meitheamh 2015.

Rátálacha Chreidmheas Flaithiúnais na hÉireann ag Deireadh 2015
Gníomhaireacht
Rátála
Rátáil
fhadtéarmach
Rátáil
ghearrthéarmach
Ionchas

Standard & Poor’s A+ A-1 Cobhsaí
Moody’s Baa1 P-2 Dearfach
Fitch Ratings A- F1 Dearfach

Feidhmeanna Eile

Le cois iasachtaí a fháil don Státchiste agus bainistíocht fiachais, bíonn GBCN i mbun roinnt feidhmeanna bainteacha.

Seirbhís Lárnach Cisteáin

Tógann Seirbhís Lárnach Cisteáin GBCN taiscí ó chomhlachtaí neamhthráchtála Stáit le cois údaráis rialtais áitiúil, Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus ó bhoird oideachais agus oiliúna agus tugann airleacain dóibh. Is é an cuspóir atá ann malairt iomaíoch ar earnáil na baincéireachta a thabhairt do na comhlachtaí sin agus iad i mbun gnó cisteáin agus, dá bhrí sin, coigilteas a bhaint amach don Státchiste ag an am céanna.

Ciste na gCuntas Díomhaoin

Cuirtear ar ais chuig an Stát ar bhonn bliantúil iarmhéideanna i gcuntais díomhaoine i mbainc, cumainn tógála agus An Post agus luach in airgead polasaithe áirithe árachais saoil agus aisíoctar iad ar chúiseanna carthanachta nó cúiseanna leasa pobail. 15 bliana ón idirbheart deireanach a thionscain an custaiméir an tréimhse chun díomhaointeas a shocrú. I gcás polasaithe árachais saoil lena ngabhann téarma sonraithe, is í an tréimhse ná cúig bliana tar éis dheireadh an téarma sin. Féadann sealbhóirí cuntais agus polasaí a gcuid airgid a éileamh ón institiúid airgeadais ábhartha am ar bith.

Ar feitheamh íoc amach, déanann GBCN bainistíocht ar an airgead i gCiste na gCuntas Díomhaoin. Bhí €242m faoi bhainistíocht GBCN ag deireadh 2015. Aistríodh €53.9m chuig an Chiste in 2015 agus éilíodh €17.4m de chistí a bhí díomhaoin roimhe. Aisíocadh suim iomlán €8.9m ón gCiste in 2015.

Gníomhaíochtaí Eile

Bíonn GBCN i mbun na bhfeidhmeanna seo a leanas fosta:

  • Oibritheoir scéime ar Scéim na nInstitiúidí Creidmheasa (Ráthaíocht Dliteanas Incháilithe) 2009 inar foráladh do ráthaíocht dliteanas áirithe bainc. Scoradh Scéim RDI maidir le dliteanais nua le héifeacht ó mheán oíche 28 Márta 2013.
  • Maoiniú a thabhairt don Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe faoina Chlár Nóta Ráthaithe €5bn gearrthéarmach agus meántéarmach.
  • Dul i gceann oibríochtaí bainistíochta laethúla gearrthéarmacha airgid thirim le leibhéal iarmhéideanna airgead tirim an Rialtais a rialú ag Banc Ceannais na hÉireann. Tugtar faoi seo mar chuid den bhainistíocht iomlán ar leachtacht i limistéar an euro ag an mBanc Ceannais Eorpach.
  • Bainistíocht Chiste Carbóin na hÉireann.