Ráiteas ar Fhreagrachtaí na Gníomhaireachta

Ceanglaítear leis an Acht um Chuntais Dhíomhaoine, 2001 (arna leasú ag an Acht um Polasaithe Árachais Saoil Neamhéilithe, 2003, ag an Acht um Chuntais Dhíomhaoine [Leasú] 2005 agus ag an Acht um Chuntais Dhíomhaoine [Leasú] 2012) ar Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (“an Ghníomhaireacht”) ráitis airgeadais a ullmhú i leith oibríochtaí Chiste na gCuntas Díomhaoin i ngach bliain airgeadais.

Agus na ráitis sin á n-ullmhú, déanann an Ghníomhaireacht:

  • beartais oiriúnacha chuntasaíochta a roghnú agus ansin iad a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach;
  • breithiúnais agus meastacháin atá réasúnta agus críonna;
  • na ráitis airgeadais a ullmhú ar bhonn an ghnóthais leantaigh, ach amháin má tá sé míchuí sin a dhéanamh;
  • aon imeacht ábhartha ó chaighdeáin bhainteacha chuntasaíochta a nochtadh agus a mhíniú.

Tá an Ghníomhaireacht freagrach as coimeád, maidir le Ciste na gCuntas Díomhaoin, i cibé foirm a cheadóidh an tAire Airgeadais, na gcuntas go léir is cuí ar an airgead go léir a gheobhaidh an tÚdarás nó a chaithfidh siad, agus, as cothú taifid chuntasaíochta iomchuí a nochtann, go réasúnta cruinn ag aon am, mar a sheasann cúrsaí airgeadais an Chiste.

Tá an Ghníomhaireacht freagrach freisin as sócmhainní faoina smacht a chosaint agus, dá bhrí sin, as céimeanna réasúnta a ghlacadh chun calaois agus mírialtachtaí eile a bhrath agus a chosc.

Conor O'Kelly, Príomhfheidhmeannach
Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

Willie Walsh, Cathaoirleach
Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

24 Bealtaine 2016