Tuarascáil an Ard-Reachtaire
Cuntas agus Ciste le cur faoi bhráid Thithe an Oireachtais

Fiachas Náisiúnta na hÉireann

Tá iniúchadh déanta agam ar ráitis airgeadais Fhiachas Náisiúnta na hÉireann don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2015 faoin Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990 (mar a leasaíodh). Tá cuimsithe sna ráitis airgeadais fónamh ar an bhfiachas náisiúnta, an ráiteas ar fhiachas náisiúnta, an ráiteas ar shreabhadh airgid an fhiachais náisiúnta, an ráiteas ar ghluaiseacht san fhiachas náisiúnta agus na nótaí gaolmhara. Ullmhaíodh na ráitis airgeadais san fhoirm atá forordaithe faoi alt 12 den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990 (mar a leasaíodh).

Freagrachtaí Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

Tá Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (an Ghníomhaireacht) freagrach as na ráitis airgeadais a ullmhú, as a chinntiú go gcuirtear an t-iarmhéid gan íoc ar an bhFiachas Náisiúnta ag deireadh na bliana agus an costas a bhaineann le fónamh ar an bhfiachas don bhliain i láthair mar is ceart iontu, agus as rialtacht na n-idirbheart a chinntiú.

Freagrachtaí an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste

Is é an fhreagracht atá orm na ráitis airgeadais a iniúchadh agus tuairisciú orthu de réir an dlí is infheidhme.

Déantar m’iniúchadh trí thagairt do na léirbhreithnithe speisialta a bhaineann le comhlachtaí Stáit maidir lena mbainistíocht agus lena bhfeidhmiú.

Déantar m’iniúchadh de réir Caighdeáin Idirnáisiúnta maidir le hIniúchóireacht (an Ríocht Aontaithe agus Éire) agus ag comhlíonadh na gCaighdeán Eiticiúil d'Iniúchóirí an Bhoird um Chleachtais Iniúchóireachta.

Raon feidhme an iniúchta ar na ráitis airgeadais

Baineann iniúchadh le fianaise a fháil ar na méideanna agus na nochtaí sna ráitis airgeadais, iad a bheith dóthanach chun dearbhú réasúnach a thabhairt go bhfuil na ráitis airgeadais saor ó mhíráiteas ábhartha, cibé acu de bharr calaoise nó earráide. Cuimsíonn sé seo measúnú ar

  • cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil na beartais chuntasaíochta iomchuí ó thaobh na gcúinsí de, cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil siad curtha i bhfeidhm go comhsheasmhach agus cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil siad nochta de réir mar is cuí
  • réasúntacht na meastachán suntasach cuntasaíochta a rinneadh agus na ráitis airgeadais á n-ullmhú, agus
  • cur i láthair iomlán na ráiteas airgeadais.

Déanaim iarracht freisin fianaise a fháil faoi rialtacht na n-idirbheart airgeadais le linn an iniúchta.

Léim an t-eolas faoin bhfiachas náisiúnta i dtuarascáil bhliantúil na Gníomhaireachta lena shainaithint an bhfuil aon neamhréireachtaí ábhartha ann i dtaca leis na ráitis iniúchta airgeadais agus lena shainaithint an bhfuil aon fhaisnéis ann ar cosúil í a bheith mícheart nó neamhréireach go hábhartha, bunaithe ar an bhfaisnéis a ghnóthaigh mé le linn dom an t-iniúchadh a dhéanamh. Má thagaim ar an eolas faoi mhíráiteas nó neamhréireacht ábhartha fhollasach ar bith, breathnaím ar na himpleachtaí a bheidh i gceist do mo thuarascáil.

Tuairim ar na ráitis airgeadais

I mo thuairim, cuirtear i láthair mar is ceart sna ráitis airgeadais, a ullmhaíodh san fhoirm a forordaíodh faoi alt 12 den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990 (mar a leasaíodh), an t-iarmhéid gan íoc ar an bhfiachas náisiúnta mar a bhí an 31 Nollaig 2015 agus an costas le fónamh ar an bhfiachas don bhliain 2015.

I mo thuairim, ba leorga taifid chuntasaíochta na Gníomhaireachta le go bhféadfaí iniúchadh éasca agus ceart a dhéanamh ar na ráitis airgeadais. Tá na ráitis airgeadais ar aon dul leis na taifid chuntasaíochta.

Ábhair ar a dtuairiscím trí eisceacht

Tuairiscím trí eisceacht sa chás nach bhfuair mé an t-eolas agus na mínithe ar fad a theastaigh uaim le haghaidh m’iniúchta, nó má fheictear dom

  • aon ásc ábhartha nuair nár caitheadh airgead poiblí do na críocha a bhí beartaithe nó nuair nach raibh na hidirbhearta de réir na n-údarás atá á rialú, nó
  • nach bhfuil an t-eolas a thugtar i dTuarascáil Bhliantúil na Gníomhaireachta i dtaca leis an bhfiachas náisiúnta ag teacht leis na ráitis airgeadais, nó
  • nach léiríonn an Ráiteas ar Rialú Inmheánach Airgeadais gur chloígh an Ghníomhaireacht leis an gCód Cleachtais ar Rialachas Comhlachtaí Stáit, nó
  • go bhfuil cúrsaí ábhartha eile ann a bhaineann leis an gcaoi ar cuireadh gnó poiblí i gcrích.

Níl aon rud le tuairisciú agam maidir leis na hábhair siúd ar a dtuairiscítear trí eisceacht.

Seamus McCarthy
An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste

26 Bealtaine 2016