Ráiteas ar Fhreagrachtaí

Ceanglaítear leis na hAchtanna um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta 1990 go 2014 ar Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (“an Ghníomhaireacht”) ráitis airgeadais a ullmhú i leith a hoibríochtaí do gach bliain airgeadais.

Agus na ráitis sin á n-ullmhú, déanann an Ghníomhaireacht:

  • beartais oiriúnacha chuntasaíochta a roghnú agus ansin iad a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach;
  • breithiúnais agus meastacháin atá réasúnta agus críonna;
  • na ráitis airgeadais a ullmhú ar bhonn an ghnóthais leantaigh, ach amháin má tá sé míchuí sin a dhéanamh;
  • aon imeacht ábhartha ó chaighdeáin bhainteacha chuntasaíochta a nochtadh agus a mhíniú.

Tá an Ghníomhaireacht freagrach as coimeád, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, na gcuntas go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh an tÚdarás nó a chaithfidh siad, agus, as cothú taifid chuntasaíochta a nochtann, go réasúnta cruinn ag aon am ar bith, mar a sheasann cúrsaí airgeadas na Gníomhaireachta, a cistí agus an Fiachas Náisiúnta.

Tá an Ghníomhaireacht freagrach freisin as sócmhainní faoina smacht a chosaint agus, dá bhrí sin, as céimeanna réasúnta a ghlacadh chun calaois agus mírialtachtaí eile a bhrath agus a chosc.

Conor O'Kelly, Príomhfheidhmeannach
Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

Willie Walsh, Cathaoirleach
Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

24 Bealtaine 2016