Tuarascáil an Ard-Reachtaire
Cuntas agus Ciste le cur faoi bhráid Thithe an Oireachtais

An Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát

Tá iniúchadh déanta agam ar ráitis airgeadais na Gníomhaireachta um Éilimh ar an Stát (an Ghníomhaireacht) don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2015 faoin Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990 (arna leasú). Cuimsíonn na ráitis airgeadais an ráiteas ioncaim, an ráiteas maidir leis an staid airgeadais agus na nótaí gaolmhara. Ullmhaíodh na ráitis airgeadais san fhoirm atá forordaithe faoi alt 12 den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990 (arna leasú).

Freagrachtaí Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

Tá Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta freagrach as na ráitis airgeadais a ullmhú san fhormáid shainithe agus as rialtacht na n-idirbheart a chinntiú.

Freagrachtaí an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste

Is é an fhreagracht atá orm na ráitis airgeadais a iniúchadh agus tuairisciú orthu de réir an dlí is infheidhme.

Déantar m’iniúchadh trí thagairt do na léirbhreithnithe speisialta a bhaineann le comhlachtaí Stáit maidir lena mbainistíocht agus lena bhfeidhmiú.

Déantar m’iniúchadh de réir Caighdeáin Idirnáisiúnta maidir le hIniúchóireacht (an Ríocht Aontaithe agus Éire) agus ag comhlíonadh na gCaighdeán Eiticiúil d'Iniúchóirí an Bhoird um Chleachtais Iniúchóireachta.

Raon feidhme an iniúchta ar na ráitis airgeadais

Baineann iniúchadh le fianaise a fháil ar na méideanna agus na nochtaí sna ráitis airgeadais, iad a bheith dóthanach chun dearbhú réasúnach a thabhairt go bhfuil na ráitis airgeadais saor ó mhíráiteas ábhartha, cibé acu de bharr calaoise nó earráide. Cuimsíonn sé seo measúnú ar

  • cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil na beartais chuntasaíochta oiriúnach do chúinsí na Gníomhaireachta, agus cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil siad curtha i bhfeidhm go comhsheasmhach agus cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil siad nochta go cuí.
  • réasúntacht na meastachán suntasach cuntasaíochta a rinneadh agus na ráitis airgeadais á n-ullmhú, agus
  • cur i láthair iomlán na ráiteas airgeadais.

Déanaim iarracht freisin fianaise a fháil faoi rialtacht na n-idirbheart airgeadais le linn an iniúchta.

Léim an t-eolas faoin nGníomhaireacht i dtuarascáil bhliantúil Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta lena shainaithint an bhfuil aon neamhréireachtaí ábhartha ann i dtaca leis na ráitis iniúchta airgeadais agus lena shainaithint an bhfuil aon fhaisnéis ann ar cosúil í a bheith mícheart nó neamhréireach go hábhartha, bunaithe ar an bhfaisnéis a ghnóthaigh mé le linn dom an t-iniúchadh a dhéanamh. Má thagaim ar an eolas faoi mhíráiteas nó neamhréireacht ábhartha fhollasach ar bith, breathnaím ar na himpleachtaí a bheidh i gceist do mo thuarascáil.

Tuairim ar na ráitis airgeadais

I mo thuairim, tugtar léargas fírinneach cóir sna ráitis airgeadais, a ullmhaíodh mar is ceart de réir an Achta um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta 1990 (arna leasú), maidir le staid chúrsaí na Gníomhaireachta amhail an 31 Nollaig 2015 agus maidir lena hidirbhearta don bhliain 2015.

I mo thuairim, ba leor taifid chuntasaíochta Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta le go bhféadfaí iniúchadh éasca agus ceart a dhéanamh ar na ráitis airgeadais. Tá na ráitis airgeadais ar aon dul leis na leabhair chuntais.

Ábhair ar a dtuairiscím trí eisceacht

Tuairiscím trí eisceacht sa chás nach bhfuair mé an t-eolas agus na mínithe ar fad a theastaigh uaim le haghaidh m’iniúchta, nó má fheictear dom

  • aon ásc ábhartha nuair nár caitheadh airgead poiblí do na críocha a bhí beartaithe nó nuair nach raibh na hidirbhearta de réir na n-údarás atá á rialú, nó
  • nach bhfuil an t-eolas faoin nGníomhaireacht a thugtar i dTuarascáil Bhliantúil Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta ag teacht leis na ráitis airgeadais, nó
  • nach léiríonn an Ráiteas ar Rialú Inmheánach Airgeadais gur chloígh an Ghníomhaireacht leis an gCód Cleachtais ar Rialachas Comhlachtaí Stáit, nó
  • go bhfuil cúrsaí ábhartha eile ann a bhaineann leis an gcaoi ar cuireadh gnó poiblí i gcrích.

Níl aon rud le tuairisciú agam maidir leis na hábhair siúd ar a dtuairiscítear trí eisceacht.

Seamus McCarthy
An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste

26 Bealtaine 2016