Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn

AG INFHEISTIÚ IN ÉIRINN

  • Le linn 2015, thug CISÉ gealltanais dar suim €759m d’infheistíochtaí a thacóidh le gníomhaíocht eacnamaíochta agus le cúrsaí fostaíochta.
  • Ba é €2.2bn suim iomlán infheistíochtaí geallta CISÉ in Éirinn ag deireadh 2015 agus tarraingíodh anuas €1bn de sin faoi dheireadh 2015.
  • Méadaíonn comh-infheistíocht ó chomhpháirtithe san earnáil phríobháideach an t-iomlán tiomnaithe d’Éirinn go €5.4bn – 2.5 oiread thiomantas CISÉ.

TIONCHAR SUNTASACH EACNAMAÍOCH A CHRUTHÚ

  • Le linn 2015 thacaigh infheistíochtaí CISÉ le 108 gcuideachta/dtionscadal Éireannach, rud a chruthaigh:
    • €1,229m de chomhioncam.
    • €358m in easpórtálacha.
    • €505m i bpá agus i dtuarastail.
  • Tacaítear le beagnach 18,000 post go díreach nó go hindíreach trí infheistíochtaí CISÉ.
  • Chuir infheistíocht CISÉ beagnach €538m d’Oll-Luach Breise le geilleagar na hÉireann in 2015.

AISTRIÚ CHUIG SAINORDÚ NUA INFHEISTÍOCHTA

  • Lean CISÉ dá chlár ina leachtaítear de réir a chéile a shócmhainní domhanda le díriú ar infheistiú in Éirinn agus, i rith an ama agus ar aon dul lena shainordú reachtúil, ag iarraidh brabús a ghiniúint san fhadtéarma atá níos mó ná costas fhiachas Rialtas na hÉireann.
  • Tá Straitéis Infheistíochta ísealriosca feidhmithe ag CISÉ lena shócmhainní domhanda le linn na tréimhse aistrithe ar toradh dó brabús infheistíochta 1.1% do Phunann Lánroghnach CISÉ in 2015.

Straitéis Infheistíochta

Sainordú ar leith

I mí na Nollag 2014, aistríodh sócmhainní an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean (CNP) chuig Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn (CISÉ). Tá sainordú ‘bonnlíne dhúbailte’ ag CISÉ infheistiú a dhéanamh in Éirinn ar bhonn tráchtála agus ar bhealach a cheaptar chun tacú le gníomhaíocht gheilleagrach agus le fostaíocht sa Stát. Cuireadh Punann Lánroghnach an CNP ar fáil don CISÉ lena chur ar a chumas infheistíochtaí a dhéanamh a chomhlíonann an sainordú bonnlíne dhúbailte seo. Leanfar de bhainistíocht Phunann Lánroghnach an CNP – go príomha infheistíochtaí polasaí poiblí sna bainc – faoi threoir an Aire Airgeadais.

Mar gheall ar shainordú bonnlíne dhúbailte CISÉ, tá sé ar an mbeagán cistí saibhreas flaithiúnais ar domhan a bhfuil sainordú acu cur le gníomhaíocht gheilleagrach agus fostaíochta, le cois brabúis tráchtála a sholáthar. Tá d’iallach ar CISÉ brabús a ghiniúint san fhadtéarma atá níos mó ná costas fhiachas Rialtas na hÉireann agus tá sprioc feidhmíochta mheántéarmach +4% in aghaidh na bliana socraithe aige.

Sainordú Infheistíochta CISÉ

Bonnlíne Dhúbailte

Agus sinn ag féachaint le tacú le gníomhaíocht eacnamaíoch agus le fostaíocht chomh maith le toradh tráchtála a ghiniúint, tá riachtanas “Bonnlíne Dhúbailte” ag CISÉ don Chiste, a éilíonn go nginfidh infheistíochtaí uile an Chiste torthaí infheistíochta agus chomh maith leis sin tionchar eacnamaíoch dearfach a bheith aige in Éirinn.

Torthaí Infheistíochta

Laistigh de chomhthéacs bonnlíne dhúbailte CISÉ, caithfidh gach infheistíocht bheith ina n-infheistíochtaí tráchtála. Cé go mbeidh infheistíochtaí éagsúil maidir le torthaí ionchais, próifílí riosca agus frámaí ama, caithfidh gach ceann acu toradh ionchais a bheidh coigeartaithe go cuí de réir riosca a sholáthar maidir le gach infheistíocht.

Tionchar Eacnamaíoch

Ag díriú ar bhreisíocht gheilleagrach, tá fócas infheistíochta CISÉ ar infheistíochtaí a mhéadaíonn cumas táirgeachta gheilleagar na hÉireann agus a chuireann chun cinn a hearnáil fiontair. Mar gheall ar thréithe uathúla CISÉ – méid, dearcadh fadtéarmach, solúbthacht – is féidir leis díriú ar infheistíochtaí ar bhealach nach féidir le hinfheisteoirí agus airgeadaithe eile.

Tosaíochtaí Infheistíochta

I mí Iúil 2015 d’fhoilsigh GBCN Straitéis Infheistíochta CISÉ, tar éis comhairliúcháin leis an Aire Airgeadais agus leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Straitéis Infheistíocht CISÉ – Príomhghnéithe

Punann le Bonn Leathan

  • ar fud earnálacha, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta d’fhuinneamh, uisce, eastát réadach, tithíocht, bia agus talmhaíocht, teicneolaíocht, cúram sláinte agus airgeadas.
  • de réir cineálacha infheistíochta lena n-áirítear gnóthais bheaga agus mheánmhéide, fiontair agus bonneagar.
  • de réir láthair réigiúnach a chuid infheistíochtaí.
  • de réir aicme sócmhainne lena n-áirítear fiachas, maoiniú idirurláir, infheistíochtaí cothromais agus tionscadail.
  • ina ndéantar iarracht tionchar athraitheach éigin a bhaint amach trí infheistíocht i “smaoineamh mór” amháin nó níos mó.

Bearnaí Infheistíochta a Líonadh

Tairbhe a bhaint as príomhghnéithe difreáilte CISÉ, solúbthacht, fráma ama fadtéarmach agus inchreidteacht mar pháirtí infheistíochta flaithiúnais chun bearnaí infheistíochta a líonadh agus idirbhearta a chumasú nach mbeadh indéanta go héasca dá uireasa.

Comhinfheistíocht

Comhpháirtithe comhinfheistíochta a mhealladh nuair is féidir ionas go n-iolrófar tionchar infheistíochtaí i ngeilleagar na hÉireann.

Toradh

Rátaí toraidh oiriúnaithe coigeartaithe de réir riosca ceaptha le haghaidh saintréithe gach infheistíochta aonair.

Toradh iomlán fadtéarma punainne os cionn mheánchostas fhiachas an Rialtais

Infheistíochtaí in Éirinn

Infheistíochtaí go deireadh 2015

Lena n-áirítear infheistíochtaí déanta ag a réamhtheachtaí (CNP) thiomnaigh CISÉ €2.2bn d’infheistíochtaí comhsheasmhacha lena sainordú infheistíochta faoi dheireadh 2015. Lena n-áirítear €3.2bn de cheangaltais ó thríú páirtithe, bhí €5.4bn san iomlán tiomnaithe d’Éirinn tríd an CISÉ.

Caipiteal CISÉ tiomnaithe d’Éirinn faoi Dheireadh 2015

In 2015 thiomnaigh an CISÉ €759m san iomlán do dheich n-infheistíocht nua ar fud réimse ilghnéitheach cineálacha idirbheartaíochta agus earnálacha.

Infheistíochtaí CISÉ in Éirinn 2015
Ainm

Infheistíocht CISÉ
€m
Cur Síos

50 Infheistíocht chloch choirnéil in IPO €325m Malin Corporation, cuideachta phoiblí theoranta Éireannach a chuireann saineolas caipitil agus oibríochta i bhfeidhm i ngnólachtaí príobháideacha, réamh-IPO, réamhdhíolachán trádála i gcodanna dinimiciúla ardfháis den tionscal eolaíochtaí beatha.
11 Tiomantas do Frontline Ventures I, ciste caipiteal fiontair €50m luathchéime a infheistíonn i gcuideachtaí luathchéime teicneolaíochta faisnéise an-nuálach, in Éirinn go príomha.
6 Infheistíocht i mbabhta maoiniúcháin €45m le tacú le forbairt idirnáisiúnta AMCS atá lonnaithe i Luimneach. Is ceannaire domhanda é AMCS i réitigh bogearraí chomhtháite don tionscal dramhaíola agus athchúrsála.
325 Comhfhiontar €500m le KKR Credit le díriú go heisiach ar iasachtaí a thabhairt do thionscadail forbartha cónaí in Éirinn.
10 Tiomantas Highland Europe Fund II, ciste €330m fáis gnáthscaireanna a infheistíonn i gcomhlachtaí ardfháis idirlín, móibíleacha agus bogearraí in Éirinn, sa RA agus ar fud na hEorpa.
50 Tiomantas €50m, le cois €50m ó chliaint institiúideacha Quadrant Real Estate, atá lonnaithe i SAM, le tionscadail forbartha oifige a chistiú in Éirinn.
150 Áiseanna iasachta dar suim iomlán €450m, rud is ionann agus athchistiú na háise €300m reatha de chuid an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean agus áis nua iasachta €150m.
11 Infheistíocht chun tacú le straitéis forbartha idirnáisiúnta do chomhlacht bogearraí Swrve, ceannaire domhanda in earnáil ardfháis an uathoibrithe margaíochta in aipeanna a bunaíodh i mBaile Átha Cliath in 2007.
54 Maoiniú Fadtéarmach €54m a chuidíonn le soláthar cóiríochta mac léinn, a éascaíonn soláthar mhaoiniú comhthreomhar BIE agus a chumasaíonn Clár Forbartha Campais €230m de chuid DCU.
92* Infheistíocht chloch choirnéil $100m in Leeds Equity Partners Fund VI, infheisteoir ceannaireachta domhanda sna tionscail oideachais/eolais. Táthar ag súil go soláthróidh sé seo buntáistí fadtéarmacha, lena n-áirítear ceangailteacht dhomhanda, don mhórearnáil oideachais in Éirinn.

* Tiomantas faofa, doiciméid dhleathacha arna gcomhaontú faoi réir faomhadh leaganacha forghníomhaithe agus ag brath ar thiomantais iomlána $400m ar a laghad san iomlán á ngnóthú ag Leeds.

Cás-Staidéar Infheistíochta

Clár Forbartha Champas DCU

Tá DCU ag dul trí thréimhse ardfháis agus forbartha faoi láthair agus tá líon na mac léinn le méadú faoi bhreis agus 30% in 2016/2017 nuair a chónascfaidh sé le Coláiste Phádraig, Institiúid Oideachais Mater Dei agus Coláiste Oideachais Eaglais na hÉireann i nDroim Conrach.

D’fhonn an fhorbairt seo a éascú, tá tús curtha ag DCU ar phlean forbartha €230m ar aidhm dó eispéireas na mac léinn ag an ollscoil a athrú go fisiciúil ar bhonn céimneach go ceann 2-3 bliana. Cuimsítear sa phlean tionscadail amhail foirgneamh nain-bhithanailíseach atá dírithe ar T&F, campas nuálaíochta a bheidh dírithe ar thráchtálaíocht, campas spóirt, ceannach coláistí atá ar na gaobhair agus cóiríocht nua do mhic léinn.

Tá maoiniú fadtéarmach €54m geallta ag an CISÉ le cuidiú leis an ollscoil breis agus 3,200 aonad lóistín mac léinn a sholáthar ar deireadh thiar agus iad ar fud champais na hollscoile.

Soláthraíonn maoiniú CISÉ fiachas fadtéarmach a bhfuil próifíl aibíochta aige nach bhfuil ar fáil faoi láthair i margadh baincéireachta na hÉireann. Tá bonn agus taca faoin maoiniú ag cás stóinsithe tráchtála a bhaineann leis an iomad bloc lóistín mac léinn ar na campais lena mbeidh sreafaí seasta airgid thirim fadtéarmacha. Scaoilfidh maoiniú den sórt seo maoiniú comhthreomhar fadtéarmach €76m ón BIE a thacaíonn le clár leathan infheistíochta DCU agus a chinntíonn go mbeidh an maoiniú caipitil atá de dhíth air le fáil ag ceann d’ollscoileanna ceannais na hÉireann lena n-aidhmeanna taighde, teagaisc agus foghlama a sholáthar sna blianta atá romhainn.

Tionchar Eacnamaíoch

Is mian le CISÉ an chuid is mó dá chaipiteal a leithdháileadh ar earnálacha agus infheistíochtaí tosaíochta mar ar dóichí na tionchair is fearr eacnamaíochta agus, lena chois sin, a chinntiú go sásaíonn gach infheistíocht a chuspóirí brabús tráchtála.

San fhadtéarma, tá 80% de chaipiteal CISÉ dírithe ar infheistíochtaí inar dócha na tionchair is airde agus is inbhuanaithe ó thaobh na heacnamaíochta de. Tá an 20% eile dírithe ar infheistíochtaí a thabharfaidh gnóthachain ghearrthéarmacha eacnamaíochta, a chuirfidh borradh faoi ghníomhaíocht mhargaidh nó a rachaidh i ngleic le teagmhais de dhífheidhmiú margaidh. Ag deireadh 2015, bhí 62% de chaipiteal tiomanta in idirbhearta ardtionchair eacnamaíochta, agus 38% in idirbhearta ísealtionchair eacnamaíochta.

Tionchar Geilleagrach CISÉ 2015

18,000
post

Tacaíonn infheistíochtaí CISÉ le beagnach 18,000 post go díreach nó go hindíreach.

108
gcuideachta

Ghin 108 gcuideachta €1,229m de láimhdeachas don bhliain airgeadais 2015 le 29% dá láimhdeachas ginte ó onnmhairí.

€505m i bpá/tuarastail

Shaothraigh fostaithe na gcuideachtaí seo €505m i bpá/ tuarastail in 2015.

€538m
OLB

€538m d’Oll-Luach Breise ó infheistíochtaí CISÉ.

Feidhmíocht agus Punann

Tuairiscítear feidhmíocht ar dhá leibhéal, (i) an Phunann Lánroghnach, an infheistíocht a bhfuil freagracht ar GBCN aisti, agus (ii) an Phunann faoi Threoir – infheistíochtaí beartais phoiblí a dhéantar faoi threoir an Aire Airgeadais.

Punann Lánroghnach

Ghnóthaigh an Phunann Lánroghnach toradh +1.1% in 2015 agus tá toradh +1.4% ginte aici gach bliain ó thráth a tionscanta an 22 Nollaig 2014.

Mhéadaigh luach na Punainne Lánroghnaí faoi €688m go €7.859bn in 2015. Áirítear leis an méadú seo:

  • €280m ón bPunann Faoi Threoir i ndiaidh díbhinn scaire tosaíochta ó AIB a íoc.
  • €335m a thug an Státchiste i gcomhair Ciste nua Ceangailteachta laistigh den Phunann Lánroghnach, i ndiaidh dhíol na scairsheilbhe a bhí ag an Stát in Aer Lingus. Tá an Ciste Nua Ceangailteachta curtha in áirithe i gcomhair Infheistíochta i dtionscadail a fheabhsaíonn ceangailteacht fhisiciúil, fhíorúil nó fuinnimh na hÉireann.

Le linn 2015, d’fheidhmigh an CISÉ straitéis caomhnaithe caipitil inar cuireadh teorainn lena neamhchosaint gnáthscaireanna ar an taobh thíos – trí cheannach roghanna agus neamhchosaint laghdaithe gnáthscaireanna. Is é aidhm na straitéise caomhnaithe caipitil a chinntiú go mbíonn caipiteal ar fail in Éirinn de réir mar is gá agus riosca a mhaolú go mór le cois leanúint de shócmhainní a shealbhú a chruthóidh feidhmíocht dhearfach i margaí fáis gnáthscaireanna agus sócmhainní réadacha.

Ag deireadh 2015 thosaigh GBCN ar bhogadh i dtreo Straitéis Aistrithe Punainne Domhanda meántéarmach a bheidh mar bhonn chun CISÉ a aistriú thar thréimhse de bhlianta ó phunann dhomhanda den chuid is mó go dtí punann Éireannach de réir mar a chuirtear i bhfeidhm agus mar a tharraingítear anuas deiseanna infheistíochta in Éirinn. Is é an cuspóir foriomlán a chinntiú go mbíonn airgead tirim ar fáil faoi mar is gá d’infheistíochtaí Éireannacha i rith thréimhse tháscach ceithre go cúig bliana, agus ionchur suntasach a dhéanamh i dtreo chuspóir brabúis infheistíochta CISÉ.

Tugann feighlí domhanda CISÉ, BNY Mellon, feidhmeanna feighlí agus cuntasaíochta ar fáil do GBCN. Tá BNY Mellon freagrach as socrú idirbheartaíochta agus coinneáil shócmhainní na margaí poiblí faoi úinéireacht dhíreach CISÉ.

Leithdháileadh Sócmhainní Punainne Lánroghnaí amhail an 31 Nollaig 2015
Leithdháileadh Sócmhainní


Punann Éireannach
€m

Punann Aistrithe
Dhomhanda
€m
Iomlán
€m

Ualach an Chiste
(%)

Cothromas Luaite 53 1,015 1,068 13.6
Bannaí & Fiachas 422 1,181 1,602 20.4
Airgead Tirim & Infheistíochtaí Airgid Thirim 3,594 3,594 45.7
Roghanna Cothromais 11 11 0.1
Sócmhainní Iomlána Airgeadais 422 4,785 5,207 66.3
Cothromas Príobháideach 381 4 385 4.9
Eastát Réadach 18 218 236 3.0
Tráchtearraí 30 265 295 3.8
Bonneagar 125 241 366 4.7
Cistí Dearbhthoraidh 302 302 3.8
Sócmhainní Iomlána Eile 554 1,030 1,584 20.2
Punann Lánroghnach Iomlán 1,028 6,831 7,859 100.0

D’fhéadfadh sé nach dtiocfadh na figiúirí leis an suimiú iomlán de bharr slánú uimhreacha.

Punann faoi Threoir

Baineann na figiúirí sa chuid seo le hinfheistíochtaí CISÉ amháin agus ní áirítear leo infheistíochtaí beartais phoiblí in institiúidí airgeadais na hÉireann a rinne an tAire Airgeadais tríd an Státchiste.

Le linn na géarchéime airgeadais, infheistíodh suim iomlán €20.7bn in AIB agus i mBanc na hÉireann faoi threoir an Aire Airgeadais agus ar chúiseanna beartais phoiblí. Aistríodh na Sócmhainní chuig an CISÉ nuair a bunaíodh é.

Ag deireadh 2015 ba é a bhí sa Phunann faoi Threoir:

  1. Gnáthscaireanna i mBainc Aontas Éireann dar luach €4.51 an scair.
  2. Gnáthscaireanna i mBanc na hÉireann ar phraghas margaidh €0.34 an scair.
  3. €240m in airgead tirim geallta do Chorparáid Bhaincéireachta Straitéiseach Na hÉireann.

Ag deireadh 2015, 99.9% agus 13.9% faoi seach scairshealbhú CISÉ in AIB agus Banc na hÉireann. Ós rud é nach bhfágann sealúchas scaireanna in AIB ach 0.1% de chomhlúthacht shaor, d’iarr GBCN ar chomhlacht seachtrach airgeadais chorparáidigh luach neamhspleách cóir margaidh a sholáthar amhail an 31 Nollaig 2015 d’fhonn an infheistíocht seo a luacháil ar aon dul le prionsabail chuntasaíochta a nglactar go ginearálta leo.

Bhí luacháil €14.0bn ag an bPunann Faoi Threoir ag deireadh 2015. Tugadh €1.6bn de na fáltais ó dhíol agus fuascailt scaireanna tosaíochta Bhanc na hÉireann i Nollaig 2013 ar ais don Státchiste faoi threoir an Aire Airgeadais i Márta 2015 agus úsáideadh é le páirtmhaoiniú a dhéanamh ar an gcuid is costasaí den iasacht a thug CAI d’Éirinn a aisíoc. I Nollaig 2015, d’fhuascail agus choinbhéartaigh AIB na scaireanna tosaíochta, agus is €1.9bn in airgead tirim agus 155bn gnáthscair an toradh a bhí air seo. Faoi threoir an Aire Airgeadais úsáideadh €0.2bn den airgead tirim seo chun Nótaí Gealltanais EBS an Aire a fhuascailt agus cuireadh an chuid eile ar ais sa Státchiste.

Ba é brabús na Punainne Faoi Threoir in 2015 ná 18.6%.

Punann faoi Threoir
Infheistíocht
bhunaidh
€bn

Airgead atá faighte
go dtí seo
€bn

Luach ag deireadh
2015
€bn

Iomlán
(ioncam agus
luach)
€bn
Scaireanna Tosaíochta 1.8 3.2 0 3.2
Gnáthscaireanna 2.9 1.0 1.5 2.5
Banc na hÉireann 4.7 4.2 1.5 5.7
Scaireanna Tosaíochta 3.5 2.2 0 2.2
Gnáthscaireanna 8.7 0 12.2 12.2
Ranníocaíocht Chaipitil 3.8 0 0 0
AIB 16.0 2.2 12.2 14.4
Infheistíochtaí Bainc Iomlána 20.7 6.4 13.8 20.2
Airgead Tirim 0.2
Punann Iomlán faoi Threoir 14.0

D’fhéadfadh sé nach dtiocfadh na figiúirí leis an suimiú iomlán de bharr slánú uimhreacha.