RÉnua

IONAD TIOMNAITHE SAINEOLAIS MAIDIR LE RIALACHAS CORPARÁIDEACH

  • Tá Creat Ionchais Scairshealbhóirí ar bun anois do chomhlachtaí tráchtála Stáit laistigh de théarmaí tagartha RÉnua ar thosaíochtaí straitéiseacha, cuspóirí beartais, feidhmíocht airgeadais agus riachtanais tuairiscithe an Rialtais:
    • In 2015, d’fheabhsaigh RÉnua an Creat a thuilleadh le fócas ar fhorbairt spriocanna foirmiúla airgeadais do chomhlachtaí tráchtála Stáit.
    • Tá obair ar chomhaontú beartais fhoirmiúla díbhinne do gach comhlacht go maith chun cinn.
    • Íocadh comhdhíbhinní €475m le linn 2014/15.
  • Chuir RÉnua comhairle thráchtála agus airgeadais ar fáil don Rialtas ar réimse ceisteanna le linn 2015 lena n-áirítear:
    • €2.6bn de chaiteachas caipitil ó na comhlachtaí tráchtála Stáit laistigh dá réimsí tagartha.
    • Atheagrú Ervia le bunú oibríochtúil Líonraí Gáis Éireann, i ndiaidh dhíol Bord Gáis Energy.
    • Díol scairshealbhú an Stáit in Aer Lingus cpt le IAG.
    • An chéad chomhfhiontar idir Bord na Móna agus Coillte le feirm ghaoithe 64MW a chistiú, a thógáil agus a fheidhmiú.
    • Diúscairt Coillte Telecoms le Infravia Capital Partners.

Comhlachtaí Stáit faoi shainchúram RÉnua
Ag imirt ról ríthábhachtach sa gheilleagar

Príomhréimsí Gníomhaíochta – Fuinneamh & Bainistíocht Talún

  • 61% Sócmhainní bonneagair líonra (leictreachas, gás agus uisce))
  • 17% Giniúint cumhachta (traidisiúnta agus in-athnuaite)
  • 13% Bainistíocht Talún (foraoisí agus tailte móna)
  • 8% Miondíol (fuinneamh))
  • 2% Eile (teileachumarsáid, dramhaíl, bithmhais)

Le haghaidh 2014/15, ar bhonn comhcheangailte, rinne siad a leanas:

Tugann RÉnua seirbhísí comhairleacha airgeadais agus tráchtála don Rialtas maidir le roinnt mórchomhlachtaí tráchtála Stáit. ESB, Ervia, Irish Water, Bord na Móna, Coillte agus EirGrid. Cur chuige tráchtála a bhíonn aige i leith mhaoirseacht na gcomhlachtaí seo agus tugann comhairle a bhaineann le feidhmíocht airgeadais, straitéis chorparáideach, pleananna caipitil agus infheistíochta, fáltais nó diúscairtí a mholtar, athstruchtúrú agus ceapacháin ar bhoird. Baineann ról RÉnua fosta le soláthar seirbhísí comhairleacha airgeadais agus tráchtála maidir le comhlachtaí nó sócmhainní eile Stáit má iarrann an tAire bainteach é.

An Creat um Ionchais Scairshealbhóirí

D’fhorbair RÉnua Creat um Ionchais Scairshealbhóirí, arb é is aidhm dó soiléire agus treoir a thabhairt do gach ceann de na comhlachtaí Stáit tráchtála faoina shainchúram bunúsach maidir le tosaíochtaí straitéiseacha, le cuspóirí beartais, le ceanglais feidhmíochta agus tuairiscithe airgeadais an Rialtais do gach comhlacht. Tá litreacha Ionchas Scairshealbhóirí eisithe anois ag na hAirí bainteacha chuig gach comhlacht, bunaithe ar an gCreat agus curtha in oiriúint don chomhlacht bainteach. Ba é forbairt spriocanna airgeadais foirmiúla do na comhlachtaí bainteacha fócas na hoibre ar bhreis feabhsúcháin in 2015. Is iondúil go n-áirítear leis na spriocanna seo:

  • Sprioc struchtúr caipitil, a léiríonn an bunréimse gnó.
  • Sprioc brabúsachta, a léiríonn próifíl riosca an réimse gnó ionchais.
  • Sprioc díbhinní.

Ar na buntomhais feidhmíocht airgeadais a leagadh amach sa Chreat tá Brabús Iomlán Scairshealbhóra (BIS) a chuideoidh le tomhas cruthú luach airgeadais don Stát ag gach comhlacht. Táthar ag dúil go ndéanfaidh comhlachtaí luachálacha gnáthscaireanna ar bhonn bliantúil ionas gur féidir BIS a thomhas agus a mhonatóiriú. Déanfar anailís ar BIS ar bhonn leanúnach agus súil leis gur mó an bhrí a bheidh leis an anailís nuair a athbhreithneofar í sa mheántéarma (m.sh. cúig bliana) seachas ar bhonn bliantúil.

Is cuid de BIS iad na díbhinní. Fuarthas comhdhíbhinní dar luach €475m in 2014/15. Is é a bhí sna díbhinní seo €361m ag éirí as fáltais ó dhíol sócmhainní nó iarratas speisialta díbhinne ón Rialtas agus €114m a bhain le gnáthdhíbhinní.

Díbhinní Íoctha ag Comhlachtaí Stáit faoi shainchúram RÉnua

Croífhócas a bhaineann le polasaithe díbhinne a chomhaontú is ea a chinntiú go mbíonn an chothromaíocht chuí idir íocaíocht díbhinní agus ath-infheistiú sa ghnó. San obair a rinneadh go dtí seo sa réimse seo, d’fhógair ESB méadú ina íocaíocht díbhinne ó 30% go 40% de bhrabúis normalaithe i ndiaidh cánach faoi 2017, faoi réir an ESB rátáil íosta chreidmheasa BBB+ a choinneáil. Le linn 2015, d’íoc EirGrid gnáthdhíbhinn €3m don chéad uair agus íocfar gnáthdhíbhinn mhéadaithe de €3.5m le linn 2016. D’íoc Coillte díbhinn eatramhach €4m agus íocfar €1m eile in 2016 i leith 2015. Tá teagmháil déanta ag bord Bhord na Móna agus ag bord Ervia le RÉnua agus na Ranna Rialtais ábhartha d’fhonn polasaithe díbhinne a chur i bhfeidhm le linn 2016.

Forbhreathnú Airgeadais ar Phunanna RÉnua

Príomhghnéithe

Gach bliain réitíonn RÉnua Forbhreathnú ar Phunann Airgeadais ar na comhlachtaí tráchtála Stáit faoina phríomh-shainchúram. Chlúdaigh an t-athbhreithniú is déanaí deireadh na bliana airgeadais 2014/151.

Láimhdeachas

Méadú i láimhdeachas na punainne go €5.8bn.

Brabús oibriúcháin (“EBIT”)

Laghdaigh EBIT go €0.8bn ón tréimhse roimhe.

Glanfhiachas

€6.5bn de ghlanfhiachas a bheag nó a mhór ag an leibhéal céanna leis an tréimhse roimhe.

Caipiteal Infheistithe

Tá €14.7bn de chaipiteal infheistithe ag an bpunann.

Caiteachas Caipitil

Thug an phunann faoi €1.7bn de chaiteachas caipitil le linn 2014/2015.


  1. Rinneadh é seo trí thagairt do na ráitis airgeadais bhliantúla a foilsíodh le haghaidh gach aonáin a bhí ar fáil ag an am. Coigeartaítear figiúirí 2014/15 chun Bord Gáis Energy a fhágáil as an áireamh a diúscraíodh in 2014.

Seirbhísí comhairleacha

Le linn na bliana 2015, thug RÉnua anailís mhionsonraithe airgeadais agus moltaí (nuair ba chuí) d’Airí ábhartha maidir le 72 aighneacht san iomlán le haghaidh bhreith agus thoiliú an Aire, arna ndéanamh ag na comhlachtaí Stáit tráchtála faoina sainchúram. San áireamh bhí €4.6bn in iarratais a bhaineann le hairgeadas (lena n-áirítear eisiúint bannaí, áiseanna creidmheasa rothlacha, EIB agus áiseanna fiachais tráchtála), €2.6bn maidir le hiarratais bhuiséid caiteachais caipitil agus €0.5bn in iarratais shonracha caiteachais caipitil.

Thug RÉnua comhairle airgeadais agus thráchtála freisin don Aire ábhartha ar réimse saincheisteanna a bhain le comhlachtaí Stáit eile agus tionscadail le linn 2015.

Tionscadail Chomhairleacha Roghnaithe RÉnua 2015
Tionscadal Cur Síos
Tionscadail a bhaineann le Comhlachtaí Stáit faoi shainchúram RÉnua
Atheagrú Ervia le bunú oibríochtúil Líonraí Gáis Éireann

Thosaigh bunú oibríochtúil Líonraí Gáis Éireann ó Lúnasa 2015. Is é cuspóir an atheagraithe gnó líonraí gás Ervia a chomhdhlúthú i bhfochuideachta faoi úinéireacht iomlán agus comhsheasmhacht a chinntiú le Tríú Treoir Gáis AE. Próiseas casta a bhí san atheagrú (aistriú sócmhainní agus dliteanas lena n-áirítear €1.1bn i bhfiachas seachtrach). Chuir RÉnua moltaí ar fáil, ó thaobh airgeadais agus tráchtála, do na hAirí ábhartha maidir le hiarratais ar chead agus ar fhaomhadh a theastaigh le héifeacht a thabhairt don atheagrú.
Cumasc Tairbhiúil

Tar éis comhairle ó RÉnua, d’fhógair an Rialtas in 2014 gur chóir oibríochtaí tráchtála Bhord na Móna agus Choillte a shruthlíniú agus a athdhíriú, trí comhfhiontar a bhunú idir na cuideachtaí ag díriú ar bhithmhais, gaoth, seirbhísí tacaíochta agus turasóireacht agus gníomhaíochtaí áineasa. Cuireadh an chéad chomhfhiontar i bhfeidhm in 2015 ar thionscadal feirme gaoithe an tSléibhe Bháin maidir le maoiniú, tógáil agus oibriú: feirm ghaoithe 64 MW a bhfuiltear ag dréim léi cumhacht a chur ar fáil do 40,000 teach agus ag a bhfuil €90m de chostas tionscadail ionchais. Tá obair ar siúl maidir le struchtúir chuí a bhunú timpeall ar a gcomhghníomhaíochtaí gnó eile i mbithmhais (via BioEnergy Ireland), seirbhísí comhroinnte agus turasóireacht.
Diúscairt Coillte Telecoms

I mí Lúnasa 2015 chomhaontaigh Coillte a bpunann sócmhainní teileachumarsáide a dhiúscairt do InfraVia Capital Partners, ciste infheistíochta sa Fhrainc. Neartaigh an t-idirbheart seo clár comhardaithe na cuideachta agus d’éascaigh sé do Coillte díriú ar a phríomhghnó foraoiseachta. D’oibrigh RÉnua go dlúth le Coillte agus chuir siad comhairle airgeadais agus tráchtála ar fáil do Ghrúpa Stiúrtha an Rialtais a bunaíodh chun maoirseacht a dhéanamh ar an diúscairt.
Tionscadail eile
Chuir RÉnua seirbhísí comhairleacha airgeadais agus tráchtála don Rialtas maidir leis an tairiscint ag International Consolidated Airlines Group (IAG) do Aer Lingus in 2015. Ghin díolachán na scairsheilbhe €335m d’fháltas don Stát.
Teileachumarsáid Is tionscnamh polasaí Rialtais an Plean Náisiúnta Leathanbhanda (PNL) a bhfuil d’aidhm aige leathanbhanda ardluais do gach saoránach agus gnólacht in Éirinn. Áirítear leis seo idirghabháil an Stáit le leathanbhanda ardluais a chur ar fáil do na codanna sin den tír nach bhfuil aon chinnteacht ann go ndéanfaidh an earnáil tráchtála infheistíocht. Is bunphrionsabal de chuid an PNL tacaíocht agus spreagadh a thabhairt d’infheistíocht tráchtála. Chuir RÉnua ionchur ar fáil ó thaobh airgeadais agus tráchtála maidir le gnéithe áirithe de sheachadadh clár PNL lena n-áirítear roghanna maoinithe agus úinéireachta.