Straitéis Chorparáideach

Ceann de chuspóirí an struchtúir nua rialachais shimplithe in GBCN is ea cur chuige níos comhtháite a éascú i leith chur i gcrích shainorduithe gnó GBCN. Ag tacú leis an gcuspóir seo, tá Straitéis Chorparáideach 2016-2018 uileghabhálach forbartha ag GBCN le tacú lena aonaid ghnó a sainorduithe a chomhlíonadh.

Tá an straitéis chorparáideach bunaithe ar na comhspriocanna a shainaithint atá ríthábhachtach le cuspóirí gnó GBCN a bhaint amach. Tiomnaíonn sé an eagraíocht do cheithre sprioc straitéiseacha. Baineann na spriocanna seo le luach fadtéarmach a bhaint amach don Stát trí bheith oiriúnaitheach agus cumhacht dhaoine agus chlú GBCN a ghiaráil.

Ár gCuspóir

Sócmhainní poiblí agus dliteanais phoiblí a bhainistiú go stuama ar bhonn tráchtála

Cuirimid luach ar fáil don Stát inniu trí dhíriú ar ár scileanna, acmhainní agus iarrachtaí maidir lenár sainorduithe a chomhlíonadh mar atá sannta faoi láthair ag an Rialtas.

Cuirfimid luach ar fáil don Stát freisin trína chinntiú go bhfuil na cumais chearta againn le freagairt ar dhúshláin amach anseo de réir mar a thagann siad chun cinn. A aithint go bhfuil an t-athrú dosheachanta agus má táimid inoiriúnaitheach is féidir linn freagairt go tapa agus go cinntitheach.

Ár Spriocanna

Is é príomh sprioc GBCN luach fadtéarmach a chur ar fáil don Stát. Mar gheall ar na trí sprioc thacaíochta – ár gclú a choinneáil agus a fheabhsú, ár gcumais a fhorbairt mar eagraíocht oiriúnaitheach, agus ár ndaoine a chumasú lena n-acmhainn a bhaint amach – beimid in ann luach fadtéarmach a chur ar fáil agus feidhmíocht ghnó inbhuanaithe a thógáil ag an am céanna. Tá plean rollach trí bliana nua ceaptha ag GBCN, le bearta feidhmíochta comhtháite ina phróiseas pleanála bliantúil leis an bhfócas fadtéarmach seo a éascú.

Tá tuilleadh faisnéise ar an Straitéis Chorparáideach 2016-2018 ar fáil ag ntma.ie/publications.