Ráiteas an Chathaoirligh

In 2015, bhí páirt shuntasach ag GBCN i bhfás agus i dtéarnamh eacnamaíochta na hÉireann. Thapaíomar an deis a bhain le héileamh láidir infheisteoirí agus d’eisigh €13bn de bhannaí 1.51% de mheántoradh ualaithe agus díreach faoi bhun 18 mbliana de mheánaibíocht ualaithe. Sa chéad bhliain aige, thug CISÉ gealltanais dar suim €759m d’infheistíochtaí tráchtála Éireannacha a thacóidh fosta le gníomhaíocht eacnamaíochta agus le cúrsaí fostaíochta. Rinne an GAFN dul chun cinn suntasach i soláthar réimse de thionscadail bonneagair agus tá fás leanúnach ar a leithne atá na ceisteanna ina n-iarrtar ar RÉnua comhairle ar airgeadais corparáideach a thabhairt. Chuir an GÉS a chóras nua bainistíochta riosca ceann-le-ceann i bhfeidhm ar bhonn céimneach, a chuirfidh feabhas mór ar shábháilteacht úsáideoirí seirbhíse, othar agus fostóirí i ngach cuid den earnáil cúram sláinte poiblí agus in údaráis Stáit níos mó.

Conor O'Kelly | Príomhfheidhmeannach

Le linn 2015, leanadh de na feabhsúcháin i ndinimicí fhiachas poiblí na hÉireann trínar léiríodh cumasc d’fhás láidir eacnamaíochta agus feabhsúcháin bhreise san airgeadas poiblí. Thit Fiachas Ginearálta Rialtais na Éireann chuig níos lú ná 94% de OTI ag deireadh 2015 agus táthar ag tuar go dtitfidh sé faoi bhonn 90% de OTI faoi dheireadh 2016. I measc théamaí na bliana bhí teannadh i raoin difríochta na hÉireann i gcroímhargaí san Eoraip agus téarnamh agus fás tréan na hÉireann á léiriú i bpraghsanna bannaí Éireannacha.

Is mar gheall air seo a thapaigh GBCN an deis a bhain le rátaí úis níos ísle agus aibíochtaí níos faide a bhuanú agus d’eisigh €13bn de bhannaí 1.51% de mheántoradh ualaithe agus díreach faoi bhun 18 mbliana de mheánaibíocht ualaithe. Cuirtear é seo i gcomparáid le 2.84% de mheántoradh ualaithe agus díreach faoi bhun 12 bhliain de mheánaibíocht ualaithe ar eisiúint €11.75bn de bhannaí 2014. I mí Feabhra 2015, baineadh garsprioc shuntasach amach nuair a chuir éileamh tréan ó infheisteoirí ar chumas na hÉireann den chéad uair banna tagarmharcála 30 bliain dar suim €4bn a eisiúint. I mí an Mhárta chomhlánaíomar aisíoc luath beagán os cionn €18bn d’iasachtaí CAI agus cuireadh ina n-áit maoiniú margaidh níos saoire a ghin coigiltis úis os cionn €1.5bn thar shaolré bunaidh iasachtaí CAI.

Bhí tionchar dearfach ag na rátaí níos ísle seo ar sheirbhís an ualaigh fiachais. Thit ús ar an bhFiachas Náisiúnta go dtí díreach faoi €7bn in 2015, ó bheagnach €7.5bn an bhliain roimhe.

D’ainneoin na dinimicí fiachas atá againn a bheith fabhrach faoi láthair, tá dúshláin romhainn. Níor chóir go measfaí faoina luach an timpeallacht thacúil a cuireadh ar fáil trí éascú cainníochtúil BCE I dtéarmaí absolúideacha, ag €201bn, tá ár bhfiachas an-ard fós. Lena chois sin, tá breis agus €47bn againn d’fhiachas atá ag teacht in aibíocht agus le hathmhaoiniú sna margaí idir 2018 agus 2020. Chomh fada agus a fhanann ár bhfiachas ag leibhéil ardaithe, táimid an-leochaileach maidir le forbairtí diúltacha eacnamaíochta bíodh siad sa bhaile, ag leibhéal na hEorpa nó ar bhonn domhanda.

Ba bhliain tháirgiúil í an chéad bhliain iomlán d’oibríochtaí ag CISÉ agus tiomantais dar suim €759m déanta aige do dheiseanna infheistíochta a chomhlíonann a dhé-shainordú chun infheistiú in Éirinn ar bhonn tráchtála ar dhóigh a thacóidh le gníomhaíocht eacnamaíochta agus le cúrsaí fostaíochta. Nuair a chuirtear san áireamh infheistíochtaí CNP roimhe seo, €2.2bn an tsuim iomlán de thiomantais CISÉ in Éirinn ag deireadh 2015.

Is iad na difreálaithe príomha atá ag CISÉ i gcomparáid le cineálacha eile maoinithe a chumas “caipiteal foighneach” fadtéarmach a sholáthar agus bheith in ann infheistiú de réir mar is gá ar fud an struchtúir chaipitil. Is páirtnéir tarraingteach é fosta ag infheisteoirí tríú páirtí. Go deimhin, ba é an toradh ar shamhail CISÉ comh-infheistíocht a iarraidh ó lucht caipitil san earnáil phríobháideach, suim iomlán €5.4bn tiomnaithe d’Éirinn ag deireadh 2015 – 2.5 oiread thiomantas CISÉ.

Chuaigh an CISÉ i mbun clár dian feasacht agus rannpháirtíocht mhargaidh in 2015 agus réitigh sé sin an bealach i gcomhair clár infheistíochta a mhairfidh go ceann na mblianta. Ag éirí as sin, tá soláthar láidir, gníomhach aige d’infheistíochtaí féideartha ar aidhm dóibh brabús tráchtála agus tionchar eacnamaíochta araon.

Ba é soláthar thionscadail CPP, lena n-áirítear iad siúd laistigh den Chlár um Spreagadh Bonneagair 2012, príomhfhócas ghníomhaíocht GAFN in 2015. Tá GAFN freagrach as soláthar tionscadail CPP don oideachas, sláinte, dlí agus ceart agus tithíocht, a bhfuil €1bn de luach caipitil iomlán measta acu. Tá Beart Scoileanna 4, a chuirfidh áit do 3,000 dalta ar fáil, ar shéala a bheith críochnaithe agus tá tús curtha le hobair thógála ar CPP na gCúirteanna agus na seacht dtionscadal ar fad sceidealaithe le bheith ag feidhmiú go hiomlán faoi mhí na Nollag na bliana seo chugainn. Leanann GAFN de bheith ag obair i ndlúthpháirt le BEI d’fhonn an chuid is fearr a bhaint as an maoiniú atá éifeachtach ó thaobh costais atá ar fáil do bhonneagar na hÉireann - trí sholáthar maoiniúcháin agus trí feabhsúchán creidmheasa do CPPanna agus iasachtaí díreacha Státchiste. Soláthar €200m do thionscadail cosanta tuilte an ceann is déanaí i mí na Nollag 2015.

Tá RÉnua ag leanúint dá inniúlachtaí a fhorbairt mar shainionad saineolas ar airgeadas corparáideach don Rialtas agus tá méadú ar an réimse saincheisteanna a atreoraítear chuige, lena n-áirítear ceisteanna a bhaineann le forais lasmuigh dá chroí-shainchúram. Chuir RÉnua comhairle thráchtála agus airgeadais ar fáil don Rialtas i réimse leathan earnálacha lena n-áirítear fuinneamh, iompar, bithmhais agus teileachumarsáid le linn 2015. I measc na saincheisteanna seo bhí atheagrú Ervia trí bhunú oibríochtúil Gas Networks Ireland, comhfhiontar Bhord na Móna agus Coillte, tairiscint IAG ar Aer Lingus agus úinéireacht agus roghanna maoinithe don Phlean Náisiúnta Leathanbhanda.

Tá RÉnua ag leanúint fosta de bheith ag obair i gcomhpháirt le comhlachtaí tráchtála Stáit laistigh dá théarmaí tagartha ar fheabhsú an Chreata Ionchais Scairshealbhóirí ina leagtar amach tosaíochtaí straitéiseacha, cuspóirí beartais, feidhmíocht airgeadais an Rialtais agus riachtanais tuairiscithe do gach comhlacht. Ba é forbairt spriocanna airgeadais foirmiúla agus polasaithe díbhinne fócas na hoibre in 2015.

Leantar den fhás ar obair na Gníomhaireachta um Éilimh ar an Stát ó Aibreán 2014 go Meitheamh 2015, méadaíodh faoi bhreis agus a dhó an líon údaráis a tháinig faoina réimse tagartha ó 56 go 129. Bhí Gníomhaireacht Éilimh an Stáit ag bainistiú 8,275 éileamh ghníomhacha le €1.79bn de dhliteanas measta amuigh ag deireadh 2015. Seirbhísí máithreachais ba chúis le €0.9bn den dliteanas measta seo agus is tosaíocht bhainistíochta riosca iad. Le linn 2015 d’fhoilsigh an GÉS athbhreithniú cúig bliana ar theagmhais chliniciúla agus éilimh i seirbhísí máithreachais agus gínéiceolaíochta. Lena chois sin, rinne siad sraith cuairteanna mionsonraithe ar shuíomhanna d’fhonn rioscaí sainiúla náisiúnta agus suímh a shainaithint.

In 2015 thosaigh GÉS rolladh amach an Chórais Náisiúnta Bainistíochta Teagmhas (CNBT) ar fud na hearnála cúraim sláinte phoiblí agus údaráis Stáit níos mó eile. Is í Éire an chéad tír ar fud an domhain a mbeidh córas aonair TFC aici le tacú le bainistiú riosca ar fud na seirbhíse poiblí, lena n-áirítear earnáil an chúraim sláinte. Roghnaigh Marsh ClearSight ó na Stáit Aontaithe, atá ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain sna réitigh bainistíocht riosca, CNBT mar bhuaiteoir a dhámhachtana in 2015 ar son Feabhas sa Nuálaíocht. Cuirfidh CNBT ar fáil freagairtí bainistithe agus maolaithe a chinnteoidh sábháilteacht lucht úsáidte seirbhísí, othar, fostaithe Stáit agus, sa deireadh, a laghdóidh costas éilimh in éadan an Stáit amach anseo.

Sna tuairimí a léirigh mé sa Tuarascáil Bhliantúil anuraidh, dúirt mé go raibh fócas GBCN ag malartú ó bhainistíocht ghéarchéime go dtí fás eacnamaíochta agus téarnamh. Creidimid gur chuireamar tús an-láidir leis seo agus tá mé ag dúil le leanúint den dul chun cinn le linn 2016. Rinne an Cathaoirleach tagairt ina chuid tuairimí don obair atá déanta againn ar fhorbairt straitéis chorparáideach GBCN. Ag croí na straitéise seo tá aithint thábhacht chriticiúil ár bhfoirne agus an gá atá le timpeallacht oibre a thairiscint a chuireann ar chumas fhostaithe GBCN a lánacmhainneacht a bhaint amach. Mar Phríomhfheidhmeannach, táim tiomanta do chultúr corparáideach oscailte, trédhearcach a fhorbairt a bheidh bunaithe ar fhéincheannaireacht, comhoibriú agus foghlaim. Is mian liom an deis seo a thapú le buíochas a ghabháil le mo chomhghleacaithe sa GBCN as an tacaíocht a thug siad dom le linn na chéad bhliana an-suimiúil a bhí agam mar Phríomhfheidhmeannach Thar ceann fhostaithe GBCN, is mian liom buíochas a ghabháil fosta leis an gCathaoirleach agus leis an mBord as an tacaíocht agus an tiomantas a thug siad le cuidiú linn ár gcuspóirí a bhaint amach.

Conor O'Kelly

Príomhfheidhmeannach