Tuarascáil an Ard-Reachtaire
Cuntas agus Ciste le cur faoi bhráid Thithe an Oireachtais

Ciste na gCuntas Díomhaoin

Tá iniúchadh déanta agam ar ráitis airgeadais Chiste na gCuntas Díomhaoin don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2015 faoin Acht um Chuntais Dhíomhaoine, 2001. Cuimsíonn na ráitis airgeadais an cuntas infheistíochta agus eisíocaíochta, an cuntas cúlchiste, an ráiteas maidir leis an staid airgeadais agus na nótaí gaolmhara. Ullmhaíodh na ráitis airgeadais san fhoirm a fhorordaítear faoi alt 46 den Acht um Chuntais Dhíomhaoine 2001.

Freagrachtaí Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

Tá Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (an Ghníomhaireacht) freagrach as na ráitis airgeadais a ullmhú san fhormáid shainithe agus as rialtacht na n-idirbheart a chinntiú.

Freagrachtaí an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste

Is é an fhreagracht atá orm na ráitis airgeadais a iniúchadh agus tuairisciú orthu de réir an dlí is infheidhme.

Déantar m’iniúchadh trí thagairt do na léirbhreithnithe speisialta a bhaineann le comhlachtaí Stáit maidir lena mbainistíocht agus lena bhfeidhmiú.

Déantar m’iniúchadh de réir Caighdeáin Idirnáisiúnta maidir le hIniúchóireacht (an Ríocht Aontaithe agus Éire) agus ag comhlíonadh na gCaighdeán Eiticiúil d'Iniúchóirí an Bhoird um Chleachtais Iniúchóireachta.

Raon feidhme an iniúchta ar na ráitis airgeadais

Baineann iniúchadh le fianaise a fháil ar na méideanna agus na nochtaí sna ráitis airgeadais, iad a bheith dóthanach chun dearbhú réasúnach a thabhairt go bhfuil na ráitis airgeadais saor ó mhíráiteas ábhartha, cibé acu de bharr calaoise nó earráide. Cuimsíonn sé seo measúnú ar

  • cibé acu is cuí nó nach cuí iad na beartais chuntasaíochta ó thaobh chúinsí an Chiste de, agus cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil siad curtha i bhfeidhm go comhsheasmhach agus cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil siad nochta go cuí,
  • réasúntacht na meastachán suntasach cuntasaíochta a rinneadh agus na ráitis airgeadais á n-ullmhú, agus
  • cur i láthair iomlán na ráiteas airgeadais.

Déanaim iarracht freisin fianaise a fháil faoi rialtacht na n-idirbheart airgeadais le linn an iniúchta.

Ina theannta sin, léim an t-eolas faoin gCiste i dTuarascáil Bhliantúil na Gníomhaireachta chun aon neamhréireacht ábhartha leis na ráitis airgeadais iniúchta a shainaithint agus chun aon fhaisnéis ar cosúil í a bheith mícheart go hábhartha nó a bheith neamhréireach a shainaithint, bunaithe ar an bhfaisnéis a ghnóthaigh mé le linn dom an t-iniúchadh a dhéanamh. Má thagaim ar an eolas faoi mhíráiteas nó neamhréireacht ábhartha fhollasach ar bith, breathnaím ar na himpleachtaí a bheidh i gceist do mo thuarascáil.

Tuairim ar na ráitis airgeadais

I mo thuairim, tugtar léargas fírinneach cóir sna ráitis airgeadais, a ullmhaíodh mar is ceart de réir an Achta um Chuntais Dhíomhaoine, 2001, maidir le staid chúrsaí an Chiste amhail an 31 Nollaig 2015 agus maidir lena idirbhearta don bhliain 2015.

I mo thuairim, ba leorga taifid chuntasaíochta na Gníomhaireachta maidir leis an gCiste le go bhféadfaí iniúchadh éasca agus ceart a dhéanamh ar na ráitis airgeadais. Tá na ráitis airgeadais ar aon dul leis na taifid chuntasaíochta.

Ábhair ar a dtuairiscím trí eisceacht

Tuairiscím trí eisceacht sa chás nach bhfuair mé an t-eolas agus na mínithe ar fad a theastaigh uaim le haghaidh m’iniúchta, nó má fheictear dom

  • aon ásc ábhartha nuair nár caitheadh airgead poiblí do na críocha a bhí beartaithe nó nuair nach raibh na hidirbhearta de réir na n-údarás atá á rialú, nó
  • nach bhfuil an t-eolas a thugtar i leith an Chiste i dtuarascáil bhliantúil na Gníomhaireachta ag teacht leis na ráitis airgeadais bhainteacha nó leis an eolas a fuair mé agus an t-iniúchadh á dhéanamh agam, nó
  • nach léiríonn an Ráiteas ar Rialú Inmheánach Airgeadais gur chloígh an Ghníomhaireacht leis an gCód Cleachtais ar Rialachas Comhlachtaí Stáit, nó
  • go bhfuil cúrsaí ábhartha eile ann a bhaineann leis an gcaoi ar cuireadh gnó poiblí i gcrích.

Níl aon rud le tuairisciú agam maidir leis na hábhair siúd ar a dtuairiscítear trí eisceacht.

Seamus McCarthy
An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste

26 Bealtaine 2016