Ráiteas ar Rialú Inmheánach Airgeadais

Freagracht as an gCóras Rialaithe Inmheánaigh Airgeadais

Tugaimid aird ar an bhfreagracht as a chinntiú go gcothaítear agus go bhfeidhmítear córas éifeachtach rialaithe inmheánaigh airgeadais.

Ní féidir leis an gcóras ach dearbhú réasúnta, agus ní iomlán, a chur ar fáil go gcosnaítear sócmhainní, go dtugtar údarás do gach idirbheart agus go dtaifeadtar iad i gceart, agus go ndéantar earráidí nó neamhrialtachtaí ábhartha a chosc nó a bhrath go tráthúil.

Príomhnósanna Imeachta Rialaithe

Rinneamar roinnt beart chun a chinntiú gurb ann do thimpeallacht chuí rialaithe trí thabhairt faoi na nithe seo a leanas:

  • struchtúir rialachais iomchuí a bhunú mar a mbeadh freagrachtaí bainistíochta atá sainmhínithe go soiléir;
  • nósanna imeachta foirmiúla a bhunú chun laigí suntasacha rialúcháin a thuairisciú agus gníomh ceartúcháin cuí a chinntiú;
  • Coiste Iniúchta a bhunú chun comhairle a chur orainn maidir le feidhmiú ár bhfreagrachtaí i leith an chórais rialaithe inmheánaigh airgeadais.

Tá nósanna imeachta curtha ar bun ag Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (‘an Ghníomhaireacht’) chun rioscaí gnó a shainaithint agus a mheasúnú mar seo a leanas:

  • cineál, méid agus impleacht airgeadais na rioscaí atá roimh an eagraíocht a shainaithint;
  • an chosúlacht go dtarlóidh rioscaí sainaitheanta a mheas;
  • cumas na heagraíochta a mheas i ndáil le rioscaí a dtagann ann dóibh a bhainistiú agus a mhaolú;
  • na costais a bhaineann le rialuithe áirithe a fheidhmiú i gcomparáid leis an tairbhe a bhaineann leo a mheas.

Tá an córas rialaithe inmheánaigh airgeadais bunaithe ar chreatlach d’fhaisnéis rialta bhainistíochta, nósanna imeachta riaracháin, lena n-áirítear leithlisiú dualgas agus córas tarmligin agus cuntasachta. Áirítear leis sin go háirithe:

  • córas cuimsitheach buiséadaithe le buiséad bliantúil a ndéanann comhaltaí na Gníomhaireachta é a athbhreithniú agus a fhaomhadh agus ansin é a chur faoi bhráid an Aire Airgeadais;
  • athbhreithnithe rialta ar thuarascálacha airgeadais tréimhsiúla agus bliantúla a thaispeánann feidhmíocht airgeadais le hais réamhaisnéisí;
  • socrú spriocanna chun feidhmíocht airgeadais agus feidhmíocht eile a thomhas;
  • treoirlínte atá sainmhínithe go soiléir maidir le rialú infheistíocht chaipitil;
  • disciplíní foirmiúla bainistíochta tionscadail;
  • glacadh le beartas Frith-Chalaoise agus leis an mBeartas um Thuairisciú ‘Éagóra Ábhartha’ agus Nochtuithe Cosanta (ar ar tugadh an Beartas Tuairiscithe de Mheon Macánta roimhe seo).

Tá Coiste Iniúchta ag an nGníomhaireacht, a fheidhmíonn de réir phrionsabail an Chóid Cleachtais do Rialachas na gComhlachtaí Stáit. Déanann an Coiste Iniúchta seo maoirsiú ar fheidhm iniúchta inmheánaigh na Gníomhaireachta. Cuirtear obair na feidhme iniúchta inmheánaigh ar an eolas trí anailís ar na rioscaí a bhfuil an Ghníomhaireacht nochta dóibh, agus bunaítear pleananna bliantúla maidir le hiniúchadh inmheánach ar an anailís seo. Déantar na pleananna rioscabhunaithe iniúchta inmheánaigh a chomhaontú leis an bPríomhfheidhmeannach agus le bainistíocht na Gníomhaireachta agus déanann Coiste Iniúchta na Gníomhaireachta iad a fhaomhadh. Ar bhonn rialta, soláthraíonn an fheidhm iniúchta inmheánaigh tuarascáil maidir le gníomhaíocht iniúchta inmheánaigh do lucht bainistíochta na Gníomhaireachta agus do Choiste Iniúchta na Gníomhaireachta. Tugtar breac-chuntas sna tuarascálacha sin ar aon torthaí agus ar aon mholtaí maidir le rialuithe inmheánacha a ndearnadh athbhreithniú orthu. Déantar monatóireacht ar an dul chun cinn i gcomparáid leis na moltaí agus déantar é a thuairisciú don Choiste Iniúchta.

Tá Cód Cleachtais maidir le Rúndacht agus Iompar Gairmiúil ag an nGníomhaireacht ina leagtar amach caighdeáin chomhaontaithe na bprionsabal agus an chleachtais maidir le rúndacht, coinbhleacht leasa, déileáil chos istigh, cúbláil margaidh agus idirbhearta cuntais phearsanta.

Tá creatlach oiriúnach i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht chun a chinntiú go gcomhlíontar na hAchtanna um Chosaint Sonraí. Mar chuid den chreatlach sin, chuir an Ghníomhaireacht córais agus rialuithe i bhfeidhm chun srian a chur leis an rochtain ar shonraí rúnda. Faoin gcreatlach sin, sa chás go dtagann an Ghníomhaireacht ar an eolas faoi shárú nó faoi shárú líomhnaithe sonraí rúnda, déantar iniúchadh iomlán air agus déantar é a thuairisciú do na húdaráis chuí nuair is gá.

Mar threoir agus mar bhonn eolais faoin monatóireacht agus faoin athbhreithniú a dhéanann an Ghníomhaireacht ar éifeachtacht an chórais rialaithe inmheánaigh airgeadais, tá na bainisteoirí laistigh den Ghníomhaireacht freagrach as forbairt agus as cothabháil na creatlaí rialaithe airgeadais, torthaí obair na feidhme iniúchta inmheánaigh tá tuairimí an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste i litreacha bainistíochta nó i dtuarascálacha eile.

Athbhreithniú Bliantúil ar Rialuithe

Deimhnímid go ndearnamar, comhaltaí na Gníomhaireachta, agus comhairle glactha againn ó Choiste Iniúchta na Gníomhaireachta, athbhreithniú ar éifeachtúlacht an chórais rialaithe inmheánaigh airgeadais don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2015.

Thar ceann chomhaltaí na Gníomhaireachta

Martin Murphy, Cathaoirleach, Coiste Iniúchta
Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

Willie Walsh, Cathaoirleach
Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

24 Bealtaine 2016