3. Ioncam Infheistíochta

2016
€'000
2015
€'000
Ús Glan a Fuarthas agus is Infhaighte 24,966 39,295
Caillteanas ar Infheistíochtaí (7,791) (30,054)
17,175 9,241

Léiríonn an Glanús Faighte agus Infhaighte sealúchais infheistíochta laghdaithe, agus cúpón nó toradh níos ísle ar na hinfheistíochtaí sin in 2016. Bhí an caillteanas trádála ar infheistíochtaí in 2016 níos lú ná mar a bhí in 2015, rud a léirigh aibíocht na ngabháltas bannaí le linn na bliana.

Áiríonn an Ciste a chuid gabháltas bannaí ar bhonn costais stairiúil agus ní aithníonn sé gnóthachain / caillteanais neamhréadaithe. Cé nach n-aithnítear gnóthachain / caillteanais neamhréadaithe ar an gCiste, déanann an Ciste monatóireacht ar bhonn leanúnach ar fheidhmíocht infheistíochta an Chiste ar bhonn aischuir iomláin (i.e. lena n-áirítear gnóthachain / caillteanais neamhréadaithe).

Idirbheartaítear comhaontuithe díolacháin agus athcheannaigh idir an Ciste agus príomhdhéileálaithe sa mhargadh bannaí. Is in Ús Glan a Fuarthas agus is Infhaighte a léirítear an t-ioncam nó an costas úis a eascraíonn as na hidirbhearta sin.

< NÓTA 2

NÓTA 4 >