7. Costais Oibriúcháin

2016
€'000
2015
€'000
Táillí soláthraí seirbhíse (Pobal) 200 750

Faigheann Pobal táille bhliantúil seirbhíse as riar a dhéanamh ar thionscadail áirithe atá ag fáil eisíocaíochtaí ó Chiste na gCuntas Díomhaoin. Is í an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta5 a íocann an táille agus aisíoctar í ó Chiste na gCuntas Díomhaoin.

Costais Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

Faoi alt 45 (1)(c) den Acht um Chuntais Dhíomhaoine, 2001, arna leasú, ceanglaítear ar an nGníomhaireacht faisnéis shonraithe áirithe a thuairisciú, lena n-áirítear cuntas ar leith ar na speansais agus ar na táillí riaracháin a thabhaíonn an Ghníomhaireacht agus an Ciste á fheidhmiú aici. Sonraítear iad sin thíos:

2016
€000
2015
€000
Riarachán Ginearálta6 150 150

5. Íocadh an táille seo ar an 31 Bealtaine 2016 roimh an Ionstraim Reachtúil 308 lenar aistríodh cumhachtaí chuig an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.
6. Is meastachán é seo, curtha san áireamh leis na Nótaí leis na cuntais amháin, mar nár ghearr an Ghníomhaireacht na caiteachais seo ar Chiste na gCuntas Díomhaoin.

< NÓTA 6

NÓTA 8 >