13. Dliteanais Mheasta na nÚdarás Stáit Tarmligthe

2016
Number
of claims
2015
Number
of claims
Ag 1 Eanáir 8,275 7,221
Éileamh nua 2,889 2,943
Éileamh réitithe (2,306) (1,863)
Éile1 40 (26)
Ag 31 Nollaig2 8,898 8,275

Amhail an 31 Nollaig 2016, ba é €€2,201m (2015: €1,789m) dliteanas measta na nÚdarás Stáit Tarmligthe i leith éileamh a bhí á láimhseáil ag GÉS. Bhí €1,671m (2015: €1,353m) de sin inchurtha i leith Éilimh Chliniciúla agus bhí €530m (2015: €436m) de inchurtha i leith Éileamh maidir le Damáiste Ginearálta. Déantar an dliteanas measta a ríomh trí thagairt don chostas iomlán a bheadh le gach éileamh a réiteach, na costais intuartha ar fad san áireamh, amhail suimeanna socraíochta, costais dlí gearánaí agus costais chosanta. Tá dliteanas réamh-mheasta an GÉS i leith éilimh chliniciúla ghníomhacha áirithe ar an 31 Nollaig 2016 bunaithe ar fhíor-ráta toraidh de 1% agus 1.5%. Tháinig méadú ar dhliteanas réamh-mheasta Údaráis Stáit Tharmligthe i leith éileamh a bhí faoi bhainistíocht GÉS ó 2015 go 2016 mar gheall, den chuid is mó, ar athrú ar thoimhdí an fhíor-ráta toraidh sna meastacháin sin, i leith éileamh cliniciúil gníomhach áirithe, ó 3% in 2015 go 1% agus 1.5% don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2016. Meastar iarmhairt an athraithe seo ar an dliteanas réamh-mheasta amhail an 31 Nollaig 2015 bheith tuairim is €300m.

Rinneadh dliteanas measta 2015 a ríomh bunaithe ar thoimhdí achtúireacha a d’úsáid an fíor-ráta toraidh a bhí ann ag an am de 3%. Ar an 5 Samhain 2015 áfach, rialaigh an Chúirt Achomhairc, ag seasamh le breith na hArdchúirte roimhe sin, gur cheart, i gcásanna ina bhfuil gortuithe tubaisteacha i gceist, éilimh ar chostas an chúraim sa todchaí a ríomh de réir fíor-ráta toraidh de 1% agus éilimh ar chaillteanas airgid sa todhchaí a ríomh de réir fíor-ráta toraidh de 1.5%. Rinne an GÉS Aighneachtaí Dlithiúla leis an gCúirt Uachtarach i mí an Mhárta 2016 ag lorg Cead le cinneadh na Cúirte Achomhairc a achomharc leis an gCúirt sin.

Go dtí go bhfuarthas cinneadh na Cúirte Uachtaraí, lean an GÉS ar aghaidh ag socrú cásanna ina raibh gortuithe tubaisteacha i gceist de réir fíor-ráta toraidh de 3%. Áiríodh i gcomhaontuithe socraithe na gcásanna sin foráil go n-íocfaí cúiteamh breise dá mba rud é go ndiúltódh an Chúirt Uachtarach Cead Achomhairc a thabhairt nó dá ndéanfaí cinneadh tar éis Achomharc den sórt sin a chlos, gur cheart go mbeadh an fíor-ráta toraidh faoi bhonn 3%. Léireodh an cúiteamh breise an difríocht sna ríomhanna ráta agus táthar ag dréim leis anois go mbeidh méid an chúitimh bhreise dlite tuairim is €40 milliún, de réir an méid ata curtha in iúl ag na hachtúirí don scéim. Tá an cúiteamh breise sin san áireamh le dliteanas measta na n-éileamh faoi bhainistíocht ar an 31 Nollaig 2016.

  • Éileamh eile lena n-áirítear éileamh a athosclaíodh sa tréimhse, éileamh a dúnadh sa tréimhse agus a hainmníodh le tréimhse roimhe.
  • An uimhir éileamh gníomahch ag 31 Nollaig 2016 lena áirítear 1,797 éilemah maisghníomhaíocht.

< NÓTA 12

NÓTA 14 >