An Ciste Infheistíochta Straitéisí d'Éirinn

Tá sainordú reachtúil ag CISÉ infheistiú a dhéanamh ar bhonn tráchtála ar bhealach atá ceaptha chun tacú le gníomhaíocht eacnamaíoch agus le fostaíocht sa Stát.

Ag infheistiú in Éirinn

Tiomantas 2017
Tiomantas Iomlán
Comhinfheistíocht
Toradh Infheistíochta

Tionchar Suntasach Geilleagrach

Tionchar Suntasach Geilleagrach Cairt

Aistríodh sócmhainní an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean (CNP) chuig an gCiste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn (CISÉ) i mí na Nollag 2014. Tá sainordú sainiúil ‘bonnlíne dhúbailte’ ag CISÉ infheistiú a dhéanamh ar bhonn tráchtála agus ar bhealach a cheaptar chun tacú le gníomhaíocht gheilleagrach agus le fostaíocht in Éirinn. Cuireadh Punann Lánroghnach CNP ar fáil don CISÉ lena chur ar a chumas infheistíochtaí a dhéanamh a chomhlíonann an sainordú sin. Leanfar de bhainistíocht na Punainne faoi Threoir go príomha infheistíochtaí beartais phoiblí in AIB agus i mBanc na hÉireann – laistigh de CISÉ faoi threoir an Aire Airgeadais.

Mar gheall ar shainordú bonnlíne dúbailte CISÉ, tá sé ar an mbeagán cistí saibhreas flaithiúnais ar domhan a bhfuil sainordú aige cur le gníomhaíocht gheilleagrach agus fostaíocht, le cois brabúis tráchtála a sholáthar. Tá sé d’iallach ar CISÉ brabús a ghiniúint san fhadtéarma atá níos mó ná costas fhiachas Rialtas na hÉireann agus tá sprioc feidhmíochta mheántéarmach 4% in aghaidh na bliana socraithe aige.

Agus iarracht á déanamh rannchuidiú le gníomhaíocht gheilleagrach agus le fostaíocht, díreoidh infheistíochta CISÉ ar bhreisíocht, nó infheistíochtaí a chuireann le cumas táirgthe gheilleagar na hÉireann. Fágann saintréithe uathúla CISÉ – méid, solúbthacht thar an struchtúr caipitil agus an tréimhse infheistíochta fhadtéarmach – gur féidir leis díriú ar infheistíochtaí den sórt sin ar bhealach nach bhfuil ar chumas infheisteoirí agus airgeadaithe eile a dhéanamh. Rud spéisiúil ann féin, ná go bhféachann an CISÉ ina Straitéis Infheistíochta le marbhualach (infheisteoirí toilteanacha ón earnáil phríobháideach a bhrú amach) agus díláithriú (fiontair a mbíonn an rath orthu ach a mbíonn fiontair eile i ngeilleagar na hÉireann siar lena rath) a sheachaint.

Ag deireadh 2017, ba ionann €8.7bn agus luach Ounann Lánroghnach an CISÉ agus ba €11.8bn luach an Punann faoi Threoir.

PUNANN LÁNROGHNACH

Straitéis Infheistíochta

I mí na Bealtaine 2015, d’fhaomh Bord GBCN Straitéis Infheistíochta CISÉ, tar éis comhairliúcháin leis an Aire Airgeadais agus leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

STRAITÉIS INFHEISTÍOCHT CISÉ – PRÍOMHGHNÉITHE

Punann le Bonn Leathan
  • ar fud earnálacha, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do bhonneagar, fuinneamh, uisce, eastát réadach, tithíocht, bia agus talmhaíocht, teicneolaíocht, cúram sláinte agus airgeadas.
  • de réir suíomh réigiúnach a chuid infheistíochtaí.
  • de réir aicme sócmhainne lena n-áirítear fiachas, maoiniú idirurláir, infheistíochtaí cothromais agus tionscadail.
  • ina ndéantar iarracht tionchar athraitheach éigin a bhaint amach trí infheistíocht i “smaoineamh mór” amháin nó níos mó.
Bearnaí Infheistíochta a Líonadh

Tairbhe a bhaint as príomhghnéithe difreáilte CISÉ – scála, solúbthacht thar struchtúr caipitil, tréimhse infheistíochta fhadtéarmach agus inchreidteacht mar pháirtí infheistíochta flaithiúnais chun bearnaí infheistíochta a líonadh agus idirbhearta a chumasú nach mbeadh indéanta go héasca dá uireasa.

Comhinfheistíocht

Comhpháirtithe comhinfheistíochta a mhealladh nuair is féidir ionas go n-iolrófar tionchar infheistíochtaí CISÉ i ngeilleagar na hÉireann.

Toradh

Rátaí toraidh coigeartaithe de réir riosca atá oiriúnach do shaintréithe sonracha gach infheistíochta aonair. Toradh iomlán fadtéarmach punainne os cionn mheánchostas fhiachas an Rialtais.

Straitéis Infheistíochta CISÉ – Straitéiseach, Inbhuanaithe agus Fadtéarmach

Baineann Straitéis Infheistíochta CISÉ le hinfheistíocht thar naoi mbuicéad infheistíochta is féidir a ghrúpáil le chéile faoi thrí spreagthóir straitéiseacha:

Straitéis Infheistíochta CISÉ – Straitéiseach, Inbhuanaithe agus Fadtéarmach Cairt

Cé go bhfuil líon infheistíochta dírí CISÉ de réir mar a samhlaíodh iad sa Straitéis Infheistíochta a bheag nó a mhór go dtí seo, tá leibhéil comhinfheistíochta níos airde tarraingthe aige ón earnáil phríobháideach ná mar a ceapadh agus, dá bharr sin, tiomantas infheistíochta iomlán níos airde do chuideachtaí agus do thionscadail a fhaigheann tacaíocht ón CISÉ. Mheall an CISÉ €1.7m i gcomhinfheistíocht ón earnáil phríobháideach ar gach €1m a d’infheistigh CISÉ, i gcomparáid le réamh-mheastachán tosaigh de €1m ar gach €1m a infheistíodh.

Ó bunaíodh é ag deireadh 2014, chonaic an CISÉ feabhas suntasach i ngeilleagar na hÉireann agus i margaí infheistíochta na hÉireann, agus dá bharr sin, timpeallacht atá athraithe go hábhartha i gcomhair infheistíochta. Mar sin féin, is léir go bhfuil bearnaí caipitil i gcónaí in earnálacha ríthábhachtacha den gheilleagar, lena n-áirítear caipiteal lena ngabhann riosca níos airde a sholáthair bainc roimhe seo agus, ar bhonn níos ginearálta, tá deiseanna ann i gcomhair caipiteal fadtéarmach dírithe ar chothromas atá ag teastáil chun gnóthaí agus margaí a scálú agus a fhás.

Ceapadh go dtiocfadh athrú de réir a chéile ar Straitéis Infheistíochta tosaigh agus ar dhearadh punainne CISÉ agus go mbeadh solúbthacht agus oiriúnacht ina ngnéithe criticiúla dá shamhail ghnó. Chuige sin, nuair a cuireadh Straitéis Infheistíochta tosaigh CISÉ i gcrích i lár 2015, aontaíodh go ndéanfaí athbhreithniú foirmiúil ar an Straitéis tar éis ocht mí dhéag agus go n-áireofaí leis sin comhairliúchán leis an Aire Airgeadais agus leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Tá an t-athbhreithniú sin beagnach réidh anois. Mar chuid den athbhreithniú sin, d’fhógair an Rialtas i mBuiséad 2018 go rabhthas chun Ciste Coise Tinne agus Airgeadas do Thógáil Tithe in Éirinn a bhunú, agus beidh an dá cheann á maoiniú ó acmhainní CISÉ ar dtús báire.

Feidhmíocht Infheistíochtaí

Tá luach iomlán na Punainne Lánroghnaí imithe i méid ó bunaíodh í ó €7.1bn go dtí €8.7bn, i gcomparáid le gnóthachain infheistíochta de €674m agus instealltaí airgid thirim de €865m (luach €530m de dhíbhinní AIB agus díol scairshealbhú an Stáit in Aer Lingus €335m).

In 2017, chruthaigh an CISÉ toradh infheistíochta 4.3%, inar cuimsíodh 4.5% ar Phunann na hÉireann agus 4.1% ar an bPunann Dhomhanda (tá sócmhainní ón bPunann Lánroghnach nár infheistíodh in Éirinn go fóill sa Phunann Dhomhanda). Bhain Punann na hÉireann leas go príomha as feidhmíocht láidir a cuid infheistíochtaí i gciste caipitil fiontar agus ó dhlúth-thorthaí ó infheistíochtaí bonneagair, fuinnimh agus GBM. Díríonn an Phunann Dhomhanda ar a chinntiú go mbeidh airgead tirim ar fáil chun tiomantais infheistíochta na hÉireann a mhaoiniú de réir mar a thagann siad chun cinn. Bhí feidhmíocht na punainne á tiomáint ag torthaí ó infheistíochtaí cothromais agus dearbh-thorthaí ó infheistíochtaí agus ghin a hinfheistíochtaí móra in airgead tirim agus ioncam seasta torthaí an-íseal go deo, ag teacht le dálaí an mhargaidh.

Ó bunaíodh é, chruthaigh an CISÉ toradh bliantúil de 2.8% in aghaidh na bliana, ag cuimsiú toradh 7.0% in aghaidh na bliana ón bPunann Éireannach agus toradh 2.2% in aghaidh na bliana ón bPunann Dhomhanda.

Amlíne CISÉ

Amlíne CISÉ Cairt

Punann na hÉireann

Agus infheistíochtaí a rinne a réamhtheachtaí (CNP) san áireamh, thiomnaigh CISÉ faoi dheireadh 2017 €3.3bn d’infheistíochtaí a thagann lena sainordú infheistíochta. Agus ceangaltais comh-infheisteora ó thríú páirtithe san áireamh, bhí €9.1bn san iomlán tiomnaithe d’Éirinn lena infheistiú.

Tá punann CISÉ roinnte amach thar gach réigiún agus go leor earnálacha den gheilleagar agus áirítear leis infheistíochtaí i mbonneagar, fuinneamh, tithíocht, eastát réadach tráchtála, GBManna, déiríocht, foraoiseacht, teicneolaíocht, eolaíochtaí saoil, oideachas agus seirbhísí airgeadais idirnáisiúnta.

ISIF Commitments to Ireland 2014-2017

Iomlán Infheistíocht Tiomanta le hÉireann
Tiomantais CISÉ d’Éirinn 2014-2017 Cairt
  1. *Sócmhainní Éireannacha a aistríodh ó CNP.

D’fhéadfadh sé nach dtiocfadh na fi giúirí leis an suimiú iomlán de bharr slánú.

Punann na hÉireann: Caipiteal a Tiomnaíodh ag Deir-2017

Punann na hÉireann: Caipiteal a Tiomnaíodh ag Deir-2017 Cairt

As an €3.3bn a cuireadh i leataobh d’Éirinn, bhí €2.2bn tarraingthe síos ag deireadh-2017, le margadhluach ar an dáta sin (tar éis roinnt leithdháiltí ioncaim) de €2.2bn.

Chuir CISÉ €667m i leataobh do 23 infheistíocht ar leithligh i rith 2017 (meánmhéid na hinfheistíochta €29m).

INFHEISTÍOCHTAÍ CISÉ NA HÉIREANN 2017

Éire a Chumasú

Ainm

Ceangaltas
CISÉ
€m
Cur Síos

DAD Property Fund 8 Treoirthionscadal chun réiteach inbhuanaithe a sholáthar le haghaidh riachtanais tithíochta sóisialta agus inacmhainne.
Cherrywood – Hines 52 Oibreacha bonneagair a chumasú atá riachtanach chun tithíocht chónaithe a dhíghlasáil in Cherrywood SDZ.
Man Aalto 25 Ciste fiachais forbartha cónaithe, ag tabhairt iasachtaí d’fhorbróirí níos lú.
Ardstone Homes (leantach)* 5 Ciste tithíochta cónaithe ina bhfuil CISÉ mar phríomh-infheisteoir.
Údarás Aerfort na Sionna 14 Cothabháil riachtanais an rúidbhealaigh ag Aerfort na Sionna a mhaoiniú go hiomlán.
Calafort Chorcaí 18 Réiteach maoinithe fiachais solúbtha chun tacú le hathlonnú Chalafort Chorcaí chuig Rinn an Scidígh.
Aqua Comms (leantach)* 3 Forbróir Éireannach de bhonneagar snáthoptaice lena n-áirítear líonra nascachta na hÉireann/RA.
Greencoat Renewables DAC 76 Príomh-infheisteoir in IPO le haghaidh infheisteora i bhfuinneamh in-athnuaite atá ag iarraidh margadh fuinnimh gaoithe na hÉireann a chaipitliú.
Iomlán 201
Éire a Fhás
Muzinich 45 Ciste ina soláthraítear caipiteal fáis do GBManna agus corparáidí Éireannacha.
Insight 83 Ciste cothromais phríobháideach ag an gcéim fáis a dhíreoidh ar dheiseanna bogearraí in Éirinn agus ar fud an domhain.
BGF 125 An ciste caipitil is mó fáis atá tiomnaithe do GBManna Éireannacha agus ag a bhfuil thar €200m le hinfheistiú.
Motive Partners 25 Teicneolaíocht airgeadais speisialaithe atá dírithe ar chiste cothromais phríobháideach a thugann caipiteal gnáthscaireanna fáis do ghnóthaí FinTech.
Draper Esprit (leantach)* 12 Ciste caipiteal fiontair liostaithe a dhéanann infheistíochtaí éagsúla i gcuideachtaí teicneolaíochta príobháideacha ardfáis in Éirinn agus sa RA.
InsideSales 24 Ardán luathú díolacháin tuartha atá i gceannas sa tionscal agus ag fás a láithreacht Eorpach in Éirinn.
Kaseya 20 Soláthraí réiteach bainistíochta IT iomlána do sholáthraithe seirbhíse bainistithe agus cuideachtaí ar mheánmhéid, ag fás a láithreacht Eorpach in Éirinn.
Cubic Telecom 10 Cuideachta nascachta/bogearraí a sholáthraíonn nascacht dhomhanda ar éileamh d’fhearais/feithiclí trí líonraí áitiúla soghluaiste.
Swrve (follow on)* 2 Global leader in high-growth sector of in-app mobile marketing.
Finistere 40 Comhpháirtíocht idir CISÉ agus Finistere ag infheistiú i gcuideachtaí nua-thionscanta agus AgTech luathchéime in Éirinn.
Panelto Foods 14 Cuideachta mhór bia tomhaltóirí atá ullmhaithe go dúchasach agus ag fás.
Iomlán 400
Ceannródaíocht na hÉireann
Lightstone Ventures II 21 Ciste caipiteal fiontair speisialaithe bunaithe sna SA atá dírithe ar fhearais leighis agus ar bithchógaisíocht.
Nautilus Data Technologies 4 Glúin nua ionad sonraí a fhorbairt, lonnaithe ar uisce.
Illumina Ventures 21 Ciste caipiteal fiontair Géanómaíochta ag infheistiú go príomha i gcuideachtaí óga, nua-thionscanta.
Arch XI Overage Fund 21 Ag infheistiú i gcuideachtaí bunathraitheacha, tionscal shuaiteach, faoi thiomáint na teicneolaíochta in eolaíochtaí saoil agus fisiceacha.
Iomlán 67
Infheistíochtaí Iomlána 2017 667
  1.   *Tiomantas breise d’infheistíocht CISÉ reatha.
  2.   D’fhéadfadh sé nach dtiocfadh na figiúirí leis an suimiú iomlán de bharr slánú.

CISTE CEANGAILTEACHTA

Bunaíodh an Ciste Ceangailteachta mar fhochiste de CISÉ in 2015 chun fáltas €335m ó dhíolachán scairshealbhú an Stáit in Aer Lingus a infheistiú agus é mar aidhm ceangailteacht fhisiciúil, fhíorúil agus fuinnimh na hÉireann a chumasú agus a bhreisiú. In 2017, chuir an CISÉ dhá thiomantas nua infheistíochta i gcrích ón bhfochiste sin (Calafort Chorcaí agus Aerfort na Sionainne) agus rinne tiomantas méadaithe do thiomantas reatha, Aqua Comms, ag tabhairt na dtiomantas iomlána ón gCiste Ceangailteachta go dtí €93m:

  • Infheistíocht chothromais €26m in Aqua Comms chun tacú leis an gcéad ghréasán snáthoptaice fomhuirí tiomanta in Éirinn a dhéanfaidh idirnasc idir Nua- Eabhrac, Baile Átha Cliath agus Londain trí Chill Ala, Co. Mhaigh Eo;
  • úabác: Infheistíocht €35m in eisiúint bannaí 2028 a bheidh mar bhonn taca ag maoiniú fadtéarmach d’oibreoir aerfoirt Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí;
  • Calafort Chorcaí: áis fofhéich €18m chun cur ar chumas Chalafort Chorcaí athlonnú óna láthair sháinnithe i gCathair Chorcaí go dtí láithreán athfhorbartha i Rinn an Scidígh; agus
  • Aerfort na Sionainne: áis iasachta €14m chun tacú le huasghrádú an rúidbhealaigh atá ann cheana, gné lárnach de chlár infheistíochta caipitiúla Aerfort na Sionainne.

Tionchar Geilleagrach

Is mian le CISÉ an chuid is mó dá chaipiteal a leithdháileadh ar earnálacha agus infheistíochtaí tosaíochta mar ar dóichí na tionchair gheilleagracha is fearr agus, lena chois sin, a chinntiú go sásaíonn gach infheistíocht a chuspóirí brabús tráchtála.

Tá difríocht idir an tionchar geilleagrach agus an fhostaíocht a fhaigheann tacaíocht ó infheistíocht CISÉ agus gnáthchaiteachas an Rialtais. Leis an infheistíocht, cuirtear acmhainní poiblí ar ais ag deireadh na tréimhse infheistíochta; ach i gcás caiteachas Rialtais ídítear acmhainní poiblí mar thoradh ar an gcaiteachas. Is féidir caipiteal infheistíochta a chuirtear ar ais a athchúrsáil ansin agus tionscadail tairbhiúla breise a dhéanamh díobh.

Ag teacht le sainordú bonnlíne dúbailte CISÉ, cuid lárnach de dhícheall cuí CISÉ roimh an infheistíocht is ea measúnú cuimsitheach ar bhreisíocht, díláithriú agus marbhualach gach idirbhirt.

I ndiaidh na hinfheistíochta, cuireann CISÉ daonáireamh leathbhliantúil i gcrích de na hinfheisteoirí ar fad chun an tionchar geilleagrach agus sonraí fostaíochta a bhailiú le cur ar a chumas dul chun cinn ó thaobh tionchar geilleagrach na n-infheistíochtaí go léir a fhaire.

Tagraíonn breisíocht do na buntáistí eacnamaíocha breise a bhaineann le Oll-Bhreisluach is dóigh a thiocfaidh chun cinn mar thoradh ar an infheistíocht atá á breithniú, de bhreis ar cad a tharlódh ar aon chuma.

Tagraíonn díláithriú do chásanna ina laghdaítear an bhreisíocht a chruthaítear ó infheistíocht nó ina ndéantar níos lú é ag leibhéal foriomlán an gheilleagair i ngeall ar laghdú ar thairbhí den sórt sin in áiteanna eile sa gheilleagar.

Tagraíonn marbhualach do chásanna ina mbainfí amach na tairbhí eacnamaíocha a cruthaíodh ó infheistíocht ar aon chaoi in éagmais idirghabhála.

TIONCHAR GEILLEAGRACH CISÉ IN 2017

ISIF Economic Impact 2017 Icon

1,811

CUIDEACHTAÍ/TIONSCADAIL ÉIREANNACHA

inar cruthaíodh comhioncaim de €1.9bn, 28% trí onnmhairí.

ISIF Economic Impact 2017 Icon

€948m

PÁ AGUS TUARASTAIL

saothraithe fostaithe na gcuideachtaí sin in 2017.

ISIF Economic Impact 2017 Icon

30,786

POIST

a bhfuil tacaíocht acu, go díreach agus go hindíreach, ó infheistíochtaí CISÉ.

ISIF Economic Impact 2017 Icon

€993m

OLL-BHREISLUACH

do gheilleagar na hÉireann.

ISIF Economic Impact 2017 Icon

€526m

Faoi dheireadh 2017, bhí €526m curtha i leataobh ag CISÉ d’infheistíochtaí i dtithíocht chónaithe mar fhreagra ar an ngéarchéim tithíochta go náisiúnta. Tá maoiniú curtha ar leataobh nó suíomhanna faighte ag ardáin tithíochta cónaithe a bhfuil tacaíocht acu ó CISÉ chun os cionn 9,500 teach cónaithe a chur ar fáil faoin mbliain 2021.

Tionchar Geilleagrach CISÉ in 2017

Tionchar Geilleagrach CISÉ in 2017 Cairt

Punann Dhomhanda

I mí Iúil 2016, chuir GBCN feidhmiú Straitéis Aistrithe Punainne Domhanda mheántéarmach i gcrích, atá deartha chun go mbeidh CISÉ in ann aistriú mar phunann dhomhanda den chuid is mó go dtí Punann Éireannach, de réir mar a chuirtear i bhfeidhm agus mar a tharraingítear anuas deiseanna infheistíochta in Éirinn thar thréimhse blianta. Is é cuspóir foriomlán na Straitéise a chinntiú go mbíonn airgead ar fáil faoi mar is gá d’infheistíochtaí Éireannacha i rith tréimhse tháscach ceithre go cúig bliana, agus ionchur suntasach a dhéanamh i dtreo chuspóir brabúis infheistíochta fhoriomlán CISÉ.

Ceapadh an Straitéis le cur chuige infheistíochta ilstraitéise d’aicme sócmhainní éagsúla ar riosca íseal a chruthú, ag infheistiú thar airgead tirim, ioncam seasta, creidmheas, gnáthscaireanna, réitigh ilstraitéiseacha agus sainorduithe dearbhthoraidh trí bhainisteoirí sócmhainní domhanda seachtracha ar ardchaighdeán.

Ba ionann agus €6.5bn sócmhainní iomlána na Punainne Domhanda ag deireadh 2017, inar cuimsíodh cothromais luaite, bannaí, airgead tirim agus sócmhainní malartacha.

Sócmhainní na Punainne Domhanda ag Deireadh 2017

ISIF Regional Economic Impact 2017 Chart
Bainisteoirí na Punainne Domhanda ag Deireadh 2017
Bainisteoir Sainordú Luach
Margaidh
€m
Punann
Dhomhanda
%
Goldman Sachs Asset Management Ilsócmhainn 1,672 26
J.P. Morgan Asset Management Ilsócmhainn 1,003 15
Irish Life Investment Managers Ilsócmhainn 841 13
Amundi Asset Management Ioncam Seasta agus Airgead Tirim 636 10
BlackRock Investment Management Ioncam Seasta 321 5
Muzinich & Co Ioncam Seasta 235 4
Deutsche Asset Management Ioncam Seasta 169 3
Acadian Asset Management Cothromas 311 5
Generation Investment Management Cothromas 194 3
AQR Capital Management Dearbhthoradh 288 4
Blackstone Alternative Asset Management Dearbhthoradh 226 3
Bridgewater Associates Dearbhthoradh 224 3
Bainisteoirí Eastáit Réadaigh Domhanda* Eastát Réadach 61 1
Gníomhaireacht Bainistíochta an
Chisteáin Náisiúnta
Airgead Tirim agus Sócmhainní Airgeadais 347 5
Iomlán 6,528 100

*Infheistíochtaí oidhreachta CNP (14 bhainisteoir).
D’fhéadfadh sé nach dtiocfadh na figiúirí leis an suimiú iomlán de bharr slánú.

Soláthraíonn coimeádaí domhanda CISÉ, BNY Mellon, seirbhísí coimeádta agus idirbheartaíochta do GBCN. Tá BNY Mellon freagrach as socrú idirbheartaíochta agus sealbhaíocht scartha shócmhainní na margaí poiblí faoi úinéireacht dhíreach CISÉ.

Inbhuanaitheacht agus Infheistíocht Fhreagrach

Creideann GBCN, mar rialaitheoir agus bainisteoir an CISÉ go bhfuil sé de dhualgas ar an gCiste, mar infheisteoir mór agus fadtéarmach in Éirinn, rannchuidiú go gníomhach le hinbhuanaitheacht gheilleagar na hÉireann le haghaidh glúnta amach anseo agus daoine eile a spreagadh chun déanamh amhlaidh. Chuige sin, d’fhorbair sí Straitéis Infheistíochta Inbhuanaithe agus Fhreagrach CISÉ chun luach agus clú infheistíochtaí CISÉ a chosaint agus a fheabhsú go fadtéarmach trí chleachtais infheistíochta fhreagracha agus maolú riosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais. Ar feadh a phróisis cinnteoireachta maidir le hinfheistíochtaí, tá sé mar aidhm aige díriú go háirithe ar an riosca a bhaineann le hathrú aeráide agus astaíochtaí agus ar saincheisteanna rialachais.

I rith 2017, cheap CISÉ roinnt soláthraithe seirbhíse chun cabhrú lena Straitéis Infheistíochta Inbhuanaithe agus Fhreagrach a chur i bhfeidhm.

Soláthraithe Seirbhíse i gcomhair Infheistíochtaí Freagracha agus Inbhuanaithe CISÉ
Soláthraí Seirbhíse Seirbhís
Hermes EOS Seachvótálaí agus Seirbhísí Rannpháirtíochta
oekom/ISS – Ethix Climate Solutions Anailísíocht na Punainne Domhanda/Lorg Carbóin na Punainne
Bainistiú Acmhainní
Comhshaoil
Creat ESG a Fhorbairt le haghaidh infheistíocht agus monatóireacht Phunann na hÉireann

I mí na Nollag 2017, d’fhoilsigh CISÉ a Straitéis athbhreithnithe Inbhuanaitheachta agus Infheistíochta Freagraí inar féidir aonáin shonracha a eisiamh nó catagóirí infheistíochta mar uirlis thábhachtach infheistíochta ar bhonn teoranta. Féadfar eisiaimh den sórt sin a dhéanamh i gcás ina dtarlaíonn sé, agus fianaise fhíorúil iontaofa agus réasúnta curtha san áireamh, go mbaintear de thátal réasúnta é nach bhfuil infheistíocht in aonán nó i gcatagóir infheistíochta comhsheasmhach le dualgais reachtúla GBCN maidir le hinfheistíochtaí an Chiste nó lena straitéis infheistíochta le haghaidh sócmhainní lánroghnacha an Chiste. Faoin Straitéis athbhreithnithe, tá cuideachtaí fágtha ar lár ag CISÉ a bhí rannpháirteach go hábhartha i dtáirgeadh agus próiseáil guail agus gaineamh ola, na breoslaí iontaise leis an méid carbóin is airde, agus tá a chinneadh infheistíochta luaite aige arís, a rinneadh in 2016, chun cuideachtaí déantúsaíochta tobac a fhágáil ar lár. Tá sé sin anuas ar chuideachtaí atá ag gabháil do dhéanamh chnuas-mhuinisin agus mianaigh fhrithphearsanra, ar infheistíochtaí coiscthe faoin Acht um Chnuas-Mhuinisin agus Mianaigh Fhrithphearsanra 2008.

PUNANN FAOI THREOIR

Leanfar de bhainistíocht na Punainne faoi Threoir – go príomha infheistíochtaí beartais phoiblí in AIB agus i mBanc na hÉireann – laistigh de CISÉ faoi threoir an Aire Airgeadais. Le linn na géarchéime airgeadais, d’infheistigh CNP suim iomlán €20.7b in AIB agus i mBanc na hÉireann faoi threoir an Aire Airgeadais agus ar chúiseanna beartais phoiblí. Aistríodh na Sócmhainní chuig CISÉ nuair a bunaíodh é.

Baineann na figiúirí sa chuid seo le hinfheistíochtaí CISÉ amháin agus ní áirítear leo infheistíochtaí beartais phoiblí in institiúidí airgeadais na hÉireann a rinne an tAire Airgeadais tríd an Státchiste. Ag deireadh 2017, cuimsíodh sa Phunann faoi Threoir:

  1.   Gnáthscaireanna in AIB ar phraghas margaidh €5.42 an scair;
  2.   Gnáthscaireanna i mBanc na hÉireann ar phraghas margaidh €7.12 an scair; agus
  3.   €215m in airgead tirim, tiomanta d’iasachtú le Corparáid Baincéireachta Straitéisí na hÉireann.

I mí an Mheithimh 2017, i gcomhar leis an tairiscint phoiblí thosaigh de scaireanna AIB, ordaíodh do CISÉ 780 milliún scair a dhíol ag €4.40 in aghaidh na scaire, agus mar thoradh air sin tháinig laghdú ar chéatadán shealbhaíocht CISÉ ó 99.9% go dtí 71.1%. Aistríodh luach €3,434m de fháltais ina dhiaidh sin chuig an Státchiste de bhun Treoracha Aireachta.

Bhí luacháil €11.8bn ag an bPunann faoi Threoir ag deireadh 2017. B’ionann a thoradh in 2017 agus 19.9%. Ag eascairt ón €20.7bn infheistithe in AIB agus Banc na hÉireann, is ionann torthaí airgid ar infheistíochtaí go dáta agus €10.1bn agus b’ionann luachálacha infheistíochta in AIB agus Banc na hÉireann ag deireadh 2017 agus €11.5bn, rud a thug an t-iomlán (ioncam agus luach) go dtí €21.6bn.

Punann faoi Threoir ag Deireadh 2017
Airgead
Infheistithe
€bn
Airgead
tirim
faighte
€bn
Luach ag
deireadh 2017
€bn
Scairshealbhú ag
Deireadh 2017
%
Iomlán
(Ioncam &
Luach)
€bn
Scaireanna Tosaíochta 1.8 3.2 - 3.2
Gnáthscaireanna 2.9 1.0 1.1 2.1
Banc na hÉireann 4.7 4.2 1.1 13.9 5.3

Scaireanna Tosaíochta 3.5 2.2 - 2.2
Gnáthscaireanna 8.7 3.7 10.5 14.1
Ranníocaíocht chaipitil 3.8 - - -
AIB 16.0 5.9 10.5 71.1 16.3

Infheistíochtaí Bainc
Iomlána
20.7 10.1 11.5 21.6
Airgead do SBCI 0.2
Punann Iomlán faoi Threoir 11.8
D’fhéadfadh sé nach dtiocfadh na figiúirí leis an suimiú iomlán de bharr slánú.