Ráiteas an Chathaoirligh

Chonacthas feidhmíocht láidir ar fud GBCN in 2017 de réir mar a leanamar lenár gcur chuige straitéiseach tráchtála, ach stuama maidir lenár sainchúraimí gnó a chur i gcrích.

Conor O'Kelly profile

I réimse an mhaoinithe agus bhainistiú fiach, leanamar lenár straitéis chun leas a bhaint as dálaí margaidh fabhracha, nuair ab fhéidir, trí réamh-mhaoiniú, fad a chur le próifíl aibíochta an fhiachais agus fuascailtí sa todhchaí a dhéanamh réidh. Forbairt shuntasach in 2017 ab ea aisíocaíocht an chuid eile dár maoiniú CAE agus na n-iasachtaí déthaobhacha ón tSualainn agus ón Danmhairg, tráth ar cuireadh maoiniú níos saoire ón margadh ina n-ionad. Soláthraíonn ár straitéis deimhniú suntasach i gcoinne na féidearthachta go n-ardóidh rátaí úis sna blianta seo romhainn. Meastar meánaibíocht ualaithe fhiachas oifi giúil agus indíolta fadtéarmach na hÉireann ag 11.2 bliain ag deireadh 2017 agus ní drochráta é sin in aon chor.

Shaothraigh an CISÉ toradh infheistíochta 4.3% in 2017 – toradh an-sásúil sa timpeallacht reatha ina bhfuil rátaí úis íseal, ag glacadh leis go ndéantar formhór shócmhainní CISÉ a infheistiú go coimeádach ar fud an domhain mhóir, ag feitheamh ar a n-úsáid in Éirinn. Ó tugadh isteach é ag deireadh 2014, tá feabhas suntasach feicthe ag CISÉ ag teacht ar gheilleagar na hÉireann agus, ina dhiaidh sin is uile, timpeallacht atá athraithe ar bhonn ábhartha i gcomhair infheistíochta. Tá straitéis infheistíochta CISÉ á hathbhreithniú faoi láthair i gcomhairle leis an Aire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Tá méadú tagtha le blianta beaga anuas ar shainordú na Gníomhaireachta um Éilimh ar an Stát, le méadú ar líon na n-éileamh atá á mbainistiú agus dliteanas measta suntasach atá ag fás i leith éileamh, tuairim is €2.7bn ag deireadh 2017. D’fhonn ár bhfócas straitéiseach a mhéadú sa réimse seo agus an saineolas atá ar fáil dúinn, bhunaigh an Bord Coiste Straitéiseach SCA chun comhairle agus treoir a thabhairt ar shaincheisteanna straitéiseacha agus beartais i dtaca leis an nGníomhaireacht um Éilimh ar an Stát. I dteannta ionadaíocht an Bhoird agus na bainistíochta, tá ceathrar comhaltaí seachtracha ag an gCoiste agus saineolas forleathan acu ar leibhéal sinsearach i gcleachtas cliniciúil, cleachtas dlí, bainistíocht riosca agus an tseirbhís phoiblí. Ó bunaíodh é i mí Lúnasa 2017, tá sé cruthaithe cheana féin ag an gCoiste gur thug siad cúnamh mór don Bhord agus saincheisteanna straitéiseacha agus beartais áirithe á meas.

I rith 2017, d’fheidhmigh GBCN i gcoinne chúlra tacúil geilleagair intíre a lean lena fhás láidir leathan-bhunaithe agus feidhmíocht eacnamaíoch fheabhsaithe ar leibhéal níos leithne limistéar an euro. In ainneoin sin is uile, níl aon amhras faoi ach go bhfuil na rioscaí a bhí os comhair GBCN ina sainorduithe maoinithe agus infheistíochta méadaithe le 12 mhí anuas. Tá sé sin amhlaidh i ngeall ar imthosca éagsúla lena n-áirítear tionchar féideartha Brexit ar an ngeilleagar, an chaoi a mbímid ag brath ar fheidhmíocht gheilleagar na Stát Aontaithe – go háirithe ar earnáil teicneolaíocht faisnéise, agus éifeachtaí aige sin ansin in Éirinn ó athchóiriú cánach corparáide SAM agus tionchar bheartas airgeadais an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Léiríonn an tarraingt siar a meastar a dhéanfar ar éascú cainníochtúil i limistéar an euro riosca follasach. Cruthóidh na rioscaí méadaithe sin agus a dtionchar dár straitéisí gnó réimse fócas méadaithe don Bhord agus don bhainistíocht ar feadh 2018 agus ina dhiaidh sin.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le mo chomhghleacaithe ar an mBord agus le comhaltaí ár gcoistí as a ndúthracht agus a dtiomantas ar feadh 2017 agus táim ag tnúth lena dtacaíocht leanúnach an bhliain seo amach romhainn. Ar deireadh, ba mhaith liom, thar ceann an Bhoird, buíochas a ghabháil leis an lucht bainistíochta agus leis an bhfoireann, faoi stiúir Conor O’Kelly, as a gcuid iarrachtaí agus a gcúnaimh le bliain anuas.

Willie Walsh signature

Willie Walsh
Cathaoirleach

29 Bealtaine 2018