Ard Reachtaire Cuntas agus Ciste
Comptroller and Auditor General

Tuarascáil le cur faoi bhráid Thithe an Oireachtais
Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta – Chuntas Riaracháin

Tuairim maidir leis na ráitis airgeadais

Tá cuntas riaracháin an Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (an Ghníomhaireacht) iniúchta agam don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2017 de réir mar a éilítear faoi fhorálacha Alt 12 an Achta um ag Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta 1990 (mar atá arna leasú). Cuimsítear leis na cuntas riaracháin

  • an ráiteas ioncaim agus caiteachais agus ioncaim cuimsitheach eile
  • an ráiteas maidir leis an staid airgeadais
  • an ráiteas maidir le hathruite ar chothromas
  • an ráiteas ar sreafaí airgid
  • na nótaí gaolmhara, lena n-áirítear achoimre ar pholasaithe shuntasacha cuntasaíochta.

Is é mo thuairim go dtugann an cuntas riaracháin léargas fírinneach cóir ar shócmhainní, dliteanais agus ar staid airgeadais an Ghníomhaireacht amhail an 31 Nollaig 2017 agus ar a ioncam agus a chaiteachas 2017 de réir Chaighdeán Tuairiscithe Airgeadais (FRS) 102 – An Caighdeán Tuairiscithe Airgeadais infheidhme sa Ríocht Aontaithe agus Poblacht na hÉireann.

Bunús leis an tuairim

Rinne mé m’iniúchadh ar na ráitis airgeadais i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta (ISAnna) mar a fhógraíonn an Eagraíocht Idirnáisiúnta Uasfhoras Iniúchóireachta. Tá cur síos ar mo chuid freagrachtaí faoi na caighdeáin seo in aguisín an tuairisc seo. Tá mé neamhspleách ón Ghníomhaireact agus tá mo chuid freagrachtaí eiticiúla comhlíonta agam i gcomhréir leis caighdeáin.

Creidim go bhfuil an fhianaise iniúchóireachta atá faighte agam leordhóthanach agus iomchuí le mo thuairim a bhunú uirthi.

Tuairisc ar eolas seachas na ráiteas airgeadais, agus ar nithe eile

Tá eolas eile faoi leith curtha i láthair ag an Gníomhaireacht leis na ráitis airgeadais. Cuimsíonn sé an tuarascáil bhliantúil an Ghníomhaireachta (lena n-áirítear an ráiteas maidir le rialachas, tuarascáil baill an Gníomhaireachta) agus an ráiteas maidir le rialú inmheánach. Tá cur síos san aguisín a ghabhann leis an tuarascáil seo ar mo chuid freagrachtaí maidir le tuairisc a thabhairt ar an eolas sin, agus ar nithe eile faoi leith ar a dtuairiscím trí eisceacht.

Caiteachas neamh-infheidhme

Nochtaigh an Gníomhaireacht sa ráiteas ar rialú inmheánach go bhfuil costais chaipitlithe de €746,000 i dtaca le forbairt córas teicneolaíocht faisnéise bainistíocht cisteáin a díscríobhú i 2017. Tabhaíodh €107,000 eile in 2016 agus 2017 i gcostais conraitheora ar an tionscadal. Tá deireadh anois curtha leis an tionscadal. Thabhaidh and Gníomhaireacht iomlán de €853,000 i gcaiteachas neamhinfheidhme mar nár seachadaíodh an córas teicneolaíocht faisnéise pleanáilte.

Soláthar

Ní mór conarthaí soláthartha agus seirbhísele luach €25,000 nó níos mó a fhógrú go poiblí, ach amháin i gcúinsí eisceachtúla, faoi threoirlínte soláthar poiblí. Nochtaíonn an Gníomhaireacht i ráiteas rialú inmheánach gur caitheamh €6.2 milliún faoi conarthaí soláthartha agus seirbhíse i 2017 nár fógraíodh go poiblí. Tugtar míniú don cur chuige seo i dtaca le soláthar agus na conarthaí seo.

Seamus McCarthy

Seamus McCarthy
An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste

31 Bealtaine 2018