Ard Reachtaire Cuntas agus Ciste
Comptroller and Auditor General

Tuarascáil le cur faoi bhráid Thithe an Oireachtais
Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn

Tuairim maidir leis na ráitis airgeadais

Tá ráitis airgeadais Ciste Infheistochta Straitéisí d’Éirinn (an Ciste) ullmhaite ag Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (an Ghníomhaireacht) iniúchta agam don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2017 de réir mar a éilítear faoi fhorálacha Alt 12 an Achta um ag Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta 1990 (mar atá arna leasú). Cuimsítear leis na ráitis airgeadais

  • an ráiteas maidir leis an Staid Airgeadais
  • an ráiteas ar ioncaim chuimsithigh
  • an ráiteas maidir le hAthruite ar Ghlansócmhainní
  • an ráiteas ar shreabhadh airgid
  • na nótaí gaolmhara, lena n-áirítear achoimre ar pholasaithe shuntasacha cuntasaíochta.

Is é mo thuairim go dtugann siad léargas fírinneach cóir ar shócmhainní, dliteanais agus ar staid airgeadais an Chiste amhail an 31 Nollaig 2017 agus ar a ioncam agus a chaiteachas 2017 de réir Chaighdeán Tuairiscithe Airgeadais (FRS) 102 – An Caighdeán Tuairiscithe Airgeadais infheidhme sa Ríocht Aontaithe agus Poblacht na hÉireann.

Bunús leis an tuairim

Rinne mé m’iniúchadh ar na ráitis airgeadais i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta (ISAnna) mar a fhógraíonn an Eagraíocht Idirnáisiúnta Uasfhoras Iniúchóireachta. Tá cur síos ar mo chuid freagrachtaí faoi na caighdeáin seo in aguisín an tuairisc seo. Tá mé neamhspleách ón Ghníomhaireact agus tá mo chuid freagrachtaí eiticiúla comhlíonta agam i gcomhréir leis caighdeáin.

Creidim go bhfuil an fhianaise iniúchóireachta atá faighte agam leordhóthanach agus iomchuí le mo thuairim a bhunú uirthi.

Tuairisc ar eolas seachas na ráiteas airgeadais, agus ar nithe eile

Tá eolas eile faoi leith curtha i láthair ag an Gníomhaireacht leis na ráitis airgeadais i dtaca le oibríocht an Chiste. Cuimsíonn sé an tuarascáil bhliantúil an Ghníomhaireachta (lena n-áirítear an ráiteas maidir le rialachas, tuarascáil baill an Gníomhaireachta) agus an ráiteas maidir le rialú inmheánach. Tá cur síos san aguisín a ghabhann leis an tuarascáil seo ar mo chuid freagrachtaí maidir le tuairisc a thabhairt ar an eolas sin, agus ar nithe eile faoi leith ar a dtuairiscím trí eisceacht.

Níl aon ní le tuairisciú agam ina leith sin.

Seamus McCarthy Signature

Seamus McCarthy
An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste

31 Bealtaine 2018