Punann Infheistíochtaí Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn


31 Nollaig 2017

Agus tacaíocht á tabhairt ag CISÉ do ghníomhaíocht eacnamaíoch in Éirinn, ba ionann a ghealltanas iomlán don Phunann Éireannach amhail an 31 Nollaig agus €3.3bn. Is i leith phunann leathan éagsúlaithe a thugtar gealltanas na Punainne Éireannaí, agus tá infheistíochtaí ar fud naoi mbuicéad infheistíochta i gceist leis. Tá an gealltanas de réir buicéid léirithe thíos. Tá Sceideal iomlán na nInfheistíochtaí amhail an 31 Nollaig 2017, ina léirítear an Phunann Éireannach agus an Phunann Dhomhanda, nochtaithe ar leithligh.

Éire a Chumasú
Bliain Cur Síos ar an Urrús Gealltanas
Bunaidh
€m
2014 WLR Cardinal CRE Mezz 75 Ciste eastáit réadaigh tráchtála um maoiniú idirurláir a bhí ina bhacainn ar fhorbairt an eastáit réadaigh tráchtála.
2015 Activate 325 Ardán tithíochta cónaithe in éineacht leis an gcomhlacht infheistíochta domhanda KKR.
2015 Quadrant 50 Corparáid um meáin airgeadais fhorbartha a thugann iasachtaí chun forbairt oifigí ardchaighdeáin in Éirinn a éascú.
2016 Ardstone 30 Ciste tithíochta cónaithe ina bhfuil CISÉ ina infheisteoir tábhachtach.
2016 Finegrain 25 Infheistíocht i gciste réadmhaoine tionsclaíoch a chuireann maoiniú ar fáil chun páirceanna tionsclaíochta, lóistíochta agus gnó a fhorbairt, go príomha lasmuigh de Bhaile Átha Cliath.
2016 Comhairle Contae Chill Chainnigh 2 Comhfhiontar chun suíomhanna a cheannach agus naoi n-acra a fhorbairt mar mhol réigiúnach gnó/oideachais.
2017 DAD Property Fund 8 Tionscadal trialach chun réiteach inbhuanaithe a chur ar fáil ar riachtanais tithíochta sóisialta agus inacmhainne.
2017 Cherrywood – Hines 52 Oibreacha infreastruchtúir a chumasú a bhfuil gá léi chun tithíocht chónaithe a éascú in CFS Choill na Silíní.
2017 Man Aalto 25 Ciste fiachais le haghaidh forbartha cónaithe, a thugann iasachtaí d’fhorbróirí níos lú.
2015 Uisce Éireann 450 Saoráidí iasachta de €450m, lena gcuimsítear athmhaoiniú an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean de €300m, agus saoráid iasachta bhreise de €150m.
2011 Irish Infrastructure Fund 250 Punann de shócmhainní bonneagair Éireannaigh - an tIonad Comhdhála, túir shonraí, fuinneamh gaoithe, ionaid chúraim phríomhúil, bonneagair teileacumarsáide.
2015 DCU Student Accommodation 55 Infheisteoir tábhachtach ag tacú leis na gnéithe de Chlár Forbartha Campais DC a bhaineann le cóiríocht tráchtála do mhic léinn.
2016 DAA – Bond 35 Tacú le cur i gcrích spriocanna meántéarma agus fadtéarma Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath, go háirithe an rúidbhealach nua atá beartaithe do Bhaile Átha Cliath.
2016 Aqua Comms 25 Forbróir Éireannach de bhonneagar snáthoptaice, lena n-áirítear líonra nascachta trasatlantaigh agus ceann idir Éirinn agus an RA.
2017 Údarás Aerfort na Sionainne 14 Maoiníonn cothabháil riachtanach an rúidbhealaigh ag Aerfort na Sionainne go hiomlán.
2017 Calafort Chorcaí 18 Réiteach solúbtha maoinithe fiachais chun tacú le hathlonnú Chalafort Chorcaí go Rinn an Scidígh.
2014 Dublin Waste to Energy 44 Córas Teirmeach Cóireála Dramhaíola a láimhseálann 600,000 tonna de dhramhaíl agus a tháirgíonn 60 meigeavata de leictreachas.
2016 NTR 35 Infheistíocht fhadtéarmach cothromais i bhfeirmeacha gaoithe ar talamh.
2017 Greencoat Renewables DAC 76 Infheisteoir tábhachtach i dtairiscint phoiblí thosaigh d’infheisteoir i bhfuinneamh inathnuaite atá ag féahaint le margadh fuinnimh ghaoithe na hÉireann a chaipitliú.
Iomlán 1,594
Éire a Fhás
Bliain Cur Síos ar an Urrús Gealltanas
Bunaidh
€m
2012 Carlyle Cardinal 125 Ciste cothromais phríobháidigh dírithe ar idirbhearta fáis agus ceannach thar barr amach ar an íos-mhargadh in Éirinn.
2013 BlueBay 200 Ciste creidmheasa a thugann iasachtaí idir €5m agus €45m do FBManna meánmhéide nó móra in Éirinn.
2016 Causeway 15 Ciste cothromais phríobháidigh a dhéanfaidh infheistíocht in FBManna atá bunaithe agus ag fás in Éirinn agus in RA.
2016 BMS 15 Iasachtóir neamhbhainc a chuireann iasachtaí fáis ar fáil do FBManna Éireannacha.
2016 Finance Ireland 30 Iasachtóir neamhbhainc a chuireann léasú ar fáil do FBManna chomh maith le morgáistí tráchtála, agramhaoiniú agus maoiniú le haghaidh gluaisteán.
2017 Muzinich 45 Capiteal fáis do FMBanna agus do chorparáidí Éireannacha.
2017 Insight 83 Ciste cothromais phríobháidigh ag céim an fháis a bheidh dírithe ar dheiseanna bogearraí in Éirinn agus ar fud an domhain.
2017 BGF 125 An ciste caipitil fáis is mó riamh, atá dírithe ar FBManna Éireannacha agus a bhfuil thar €200m aige lena infheistiú.
2017 Motive Partners 25 Sainteicneolaíocht airgeadais dírithe ar chiste cothromais phríobháidigh lena gcuirtear cothromas fáis ar fáil do ghnóthais theicneolaíochta airgeadais.
2015 Malin 50 Cpt liostaithe Éireannach atá dírithe ar dheighleoga atá ag fás go tapa i dtionscail na n-eolaíochtaí beatha.
2015 AMCS 6 Ceannaire margaidh domhanda, a fhorbraíonn agus a dhíolann teicneolaíocht le haghaidh bainistiú an chomhshaoil.
2015 Swrve 14 Ceannaire domhanda san earnáil ardfháis de mhargaíocht mhóibíleach ionaipe.
2016 Draper Esprit 53 Ciste liostaithe caipitil fiontair a dhéanann infheistíochtaí éagsúlaithe i gcuideachtaí príobháideacha ardfháis teicneolaíochta in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe.
2017 InsideSales 24 Ardán luathaithe díolachán tuarthaigh atá ina cheannaire margaidh agus atá ag fás a láithreacht Eorpach in Éirinn.
2017 Kaseya 20 Soláthróirí de réitigh iomlána bainistithe Idirthráchtála Éireann le haghaidh soláthróirí seirbhísí bainistithe agus cuideachtaí meánmhéide, atá ag fás a láithreacht Eorpach in Éirinn.
2017 Cubic Telecom 10 Cuideachta nascachta/bogearraí a chuireann nascacht dhomhanda ar éileamh ar fáil le haghaidh gléasanna/feithiclí trí líonraí áitiúla móibíleacha.
2009 Foraoisí na hÉireann 20 Punann d’fháschoillte ar fud na hÉireann.
2016 MilkFlex 44 Ciste lena gcuirtear iasachtaí meántéarma ar fáil d’fheirmeoirí déiríochta Ghlanbia. Tá aisíocaíochtaí na n-iasachtaí nasctha le praghas an bhainne.
2016 Dasos 55 Infheistíocht i bhforaoisí nua agus leath-aibí ar fud na hÉireann.
2016 RPFP 2 Infheistíocht lena n-éascaítear clár bainistíochta caipitil oibre infháltais d’fheirmeoirí €40m in earnáil na déiríochta.
2017 Finestere 40 Comhpháirtíocht idir CISÉ agus Finistere lena ndéantar infheistíocht i gcuideachtaí nuathionscanta agus óga a bhaineann leis an Teicneolaíocht Talmhaíochta in Éirinn.
2017 Panelto 14 Cuideachta mór atá ag fás agus a phléann le bia dúchasach réamhullmhaithe do thomhaltóirí.
Iomlán 1,015
Ceannródaíocht
Bliain Cur Síos ar an Urrús Gealltanas
Bunaidh
€m
2007 Delta III 23 Ciste caipitil fiontair a dhíríonn ar infheistíocht san earnáil TCF go príomha.
2008 Fountain I 15 Ciste caipitil fiontair in earnáil na n-eolaíochtaí beatha in Éirinn a dhíríonn ar chuideachtaí óga cógaisíochta agus feiste leighis.
2008 Investec 18 Ciste a dhéanann infheistíocht i gcuideachtaí óga TCF ag a bhfuil acmhainneacht shuntasach fáis in Éirinn.
2008 Seroba Kernel II 15 Ciste Éireannach caipitil fiontair atá dírithe ar fheistí leighis agus teicneolaíochtaí teiripeacha.
2010 Atlantic Bridge Fund II 10 Ciste a dhírítear ar fhás na teicneolaíochta agus ar infheistíochtaí cothromais ag an gcéim forbartha.
2010 Draper Fisher Jurvetson Fund X 10 Ciste a dhéanann infheistíochtaí in earnálacha na teicneolaíochta, na n-eolaíochtaí beatha agus na teicneolaíochta glaine.
2010 Polaris VI 36 Ciste domhanda caipitil fiontair a dhéanann infheistíocht go gníomhach in Éirinn, dírithe ar an teicneolaíocht agus ar chúram sláinte.
2011 Sofinnova Venture Partners VIII 9 Ciste domhanda dírithe ar fhorbairt drugaí sna céimeanna déanacha
2012 Highland Technology Europe 10 Ciste cothromais fáis a dhéanann infheistíocht i gcuideachtaí idirlín, móibíleacha agus bogearraí agus atá ag fás go tapa.
2012 SVB Capital Strategic Investors Fund V 20 Gealltanas do chiste domhanda caipitil fiontair a thógann ar chomhpháirtíocht straitéiseach le Silicon Valley Bank, a thug gealltanas 2X gealltanas CISÉ a thabhairt ar iasacht do ghnóthais theicneolaíochta Éireannacha.
2013 China Ireland Growth Technology Fund 36 Ciste caipitil fiontair a dhíríonn ar chuideachtaí Éireannacha ag céim an fháis, ag a bhfuil uaillmhian straitéiseach rochtain a fháil ar mhargadh na Síne nó ar chuideachtaí Síneacha atá ag lorg rochtain ar mhargadh an Aontais Eorpaigh trí iad féin a lonnú in Éirinn. Is é an comhinfheisteoir an China Investment Corporation.
2013 Lightstone Ventures I 10 Sainchiste caipitil fiontair lonnaithe sna Stáit Aontaithe agus dírithe ar fheistí leighis agus bithchógaisíocht.
2013 Strategic Investors Fund VI 19 Gealltanas do chiste domhanda caipitil fiontair de chistí a thógann ar chomhpháirtíocht straitéiseach le Silicon Valley Bank.
2014 WestSummit Global Technology Fund 36 Ciste domhanda teicneolaíochta don chéim fáis, nasctha le hinfheistíocht China Ireland Fund.
2014 Arch VIII 20 Ciste a dhéanann infheistíocht i gcuideachtaí bunathraitheacha, suaiteacha, teicneolaíocht-treoraithe sna heolaíochtaí beatha agus sna heolaíochtaí fisiceacha.
2014 Atlantic Bridge Fund III 20 Ciste dírithe ar infheistíochtaí cothromais ag na céimeanna fáis agus forbartha, go príomha in Éirinn.
2014 Fountain II 15 Ciste caipitil fiontair in earnáil na n-eolaíochtaí beatha in Éirinn a dhíríonn ar chuideachtaí óga cógaisíochta agus feiste leighis.
2014 Polaris VII 40 Ciste domhanda caipitil fiontair a dhéanann infheistíocht go gníomhach in Éirinn, dírithe ar an teicneolaíocht agus ar chúram sláinte.
2015 Frontline Ventures I 11 Ciste Éireannach don chéim fáis a dhéanann infheistíochtaí i gcuideachtaí óga teicneolaíochta faisnéise atá nuálach.
2015 Highland Europe Technology Growth Fund II 10 Ciste cothromais fáis a dhéanann infheistíocht i gcuideachtaí idirlín, móibíleacha agus bogearraí agus atá ag fás go tapa.
2016 Silicon Valley Bank VIII 44 Gealltanas do chiste domhanda caipitil fiontair de chistí a thógann ar chomhpháirtíocht straitéiseach le SVB.
2016 Seroba Life Sciences Fund III 15 Ciste Éireannach caipitil fiontair atá dírithe ar fheistí leighis agus teicneolaíochtaí teiripeacha.
2016 ACT V 20 Ciste caipitil fiontair atá dírithe go príomha ar Éirinn agus a dhéanann infheistíocht i gcuideachtaí TCF in Éirinn atá ag fás.
2016 Scottish Equity Partners 16 Ciste a dhéanann infheistíocht i gcuideachtaí teicneolaíochta, fuinnimh agus cúraim sláinte atá ag fás agus atá ag an gcéim déanach.
2016 Polaris VIII 24 Ciste domhanda caipitil fiontair a dhéanann infheistíocht go gníomhach in Éirinn, dírithe ar an teicneolaíocht agus ar chúram sláinte.
2016 Frontline Ventures II 15 Ciste den chéim óg a dhéanfaidh infheistíocht i gcuideachtaí nuálacha teicneolaíochta ag céim an tsíl/babhta sraith A.
2017 Lightstone Ventures II 21 Sainchiste caipitil fiontair lonnaithe sna Stáit Aontaithe agus dírithe ar fheistí leighis agus ar an mbithchógaisíocht.
2016 Genomics Medicine Ireland 12 Infheistíocht i gcuideachta Éireannach a fheidhmíonn I réimse an leighis géanómaíoch ardleibhéil
2017 Nautilus Data Technologies 4 Glúin nua d’ionaid cheannródaíocha sonraí in Éirinn atá lonnaithe ar an uisce.
2017 Illumina Ventures 21 Ciste caipitil fiontair atá dírithe ar ghéanómaíocht agus a dhéanann infheistíocht go príomha i gcuideachtaí óga, nuathionscanta.
2017 Arch XI Overage Fund 21 Ciste a dhéanann infheistíocht i gcuideachtaí bunathraitheacha, teicneolaíocht-treoraithe a shuaitheann an tionscail sna heolaíochtaí beatha agus sna heolaíochtaí fisiceacha.
2015 Leeds 92 Infheistíocht thábhachtach i bpríomhinfheisteoir domhanda i dtionscail an oideachais/an eolais.
2015 Reverence Capital Partners 50 Ciste cothromais dhomhanda atá dírithe ar earnáil na seirbhísí airgeadais.
Iomlán 738
Gealltanais Iomlána d’Éirinn 3,347

Fiachas Eile

Loans and Receivables - Other Debt Table

Bannaí Eile

Loans and Receivables - Other Bonds Table

Caillteanas neamhréadaithe ar rogha gnáthscaireanna

Financial Liabilities - Unrealised loss on equity options table

Caillteanais neamhréadaithe ar babhtáilí mainneachtana creidmheasa

Financial Liabilities - Unrealised loss on equity index swaps table

Caillteanais neamhréadaithe ar babhtáilí ráta úis

Financial Liabilities - Unrealised loss on interest rate swaps table

Taiscí agus airgead tirim

Cash Deposits and Other Cash Investments - Deposits and Cash Table

Billí Státchiste

Cash Deposits and Other Cash Investments - Treasury Bills

Infheistíochtaí faoi threoir

Directed Investments - Directed investment assets table

Airgead Tirim

Directed Investments - Cash Table

 Nóta 1:  

Níor nochtaíodh an luach margaidh mar gur eolas tráchtál íogar é seo.

Directed Investments - Notes Table