Ard Reachtaire Cuntas agus Ciste
Comptroller and Auditor General

Tuarascáil le cur faoi bhráid Thithe an Oireachtais
Ciste Bhanc Taisce an Phoist

Tuairim maidir leis na ráitis airgeadais

Tá ráitis airgeadais Ciste Bhanc Taisce an Phoist ullmhaithe ag an Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (an Gníomhaireacht) agam don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2017 de réir mar a éilítear faoi fhorálacha Alt 12 an Achta Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta 1990 (mar atá arna leasú). Cuimsítear leis na ráitis ar ioncam agus caiteachas agus tuilleamh coinnithe, ráiteas an maidir leis an staid airgeadais agus nótaí leis na ráitis airgeadais.

Is é mo thuairim go dtugann na ráitis airgeadais léargas ceart

  • ar shócmhainní agus dliteanais an Chiste ag 31 Nollaig 2017, agus
  • ar idirbhearta 2017.

Bunús leis an tuairim

Rinne mé m’iniúchadh ar na ráitis airgeadais i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta (ISAnna) mar a fhógraíonn an Eagraíocht Idirnáisiúnta Uasfhoras Iniúchóireachta. Tá cur síos ar mo chuid freagrachtaí faoi na caighdeáin seo in aguisín an tuairisc seo. Tá mé neamhspleách ón Ghníomhaireacht agus tá mo chuid freagrachtaí eiticiúla comhlíonta agam i gcomhréir leis na caighdeáin.

Creidim go bhfuil an fhianaise iniúchóireachta atá faighte agam leordhóthanach agus iomchuí le mo thuairim a bhunú uirthi.

Tuairisc ar eolas seachas na ráiteas airgeadais, agus ar nithe eile

Tá eolas eile faoi leith curtha i láthair ag an Ghníomhaireacht leis na ráitis airgeadais i dtaca le oibríocht an Chiste. Cuimsíonn sé tuarascáil bhliantúil an Ghníomhaireacht lena n-áirítear an ráiteas (maidir le rialachas, tuarascáil na stiúrthóirí) agus an ráiteas maidir le rialú inmheánach. Tá cur síos san aguisín a ghabhann leis an tuarascáil seo ar mo chuid freagrachtaí maidir le tuairisc a thabhairt ar an eolas sin, agus ar nithe eile faoi leith ar a dtuairiscím trí eisceacht.

Níl aon ní le tuairisciú agam ina leith sin.

Seamus McCarthy Signature

Seamus McCarthy
An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste

31 Bealtaine 2018