Aguisín a ghabhann leis an tuarascáil

Freagrachtaí Ghníomhaireacht Bainistíocht an Chisteáin Náisiúnta

Leagann an ráiteas ralachas agus tuairisc na mbaill amach freagrachtaí na mbaill

  • ullmhú na ráiteas airgeadais san fhoirm a fhorordaítear faoi alt 12 an Achta um Ghníomhaireacht Bainistíocht an Chisteáin Náisiúnta 1990 (mar atá arna leasú)
  • cinntiú go dtugtar léargas fírinneach cóir sna ráitis airgeadais i gcomhréir le FRS 102
  • rialtacht idirbhearta a chinntiú
  • oiriúnacht na húsáide a bhaineann na stiúrthóirí as an mbonn cuntasaíochta gnóthais leantaigh a mheas, agus
  • cibé rialú inmheánach a mheasann siad is gá le go bhféadfar ráitis airgeadais a ullmhú atá saor ó mhíráiteas ábhartha, cibé acu mar gheall ar chalaois nó ar bhotún.

Freagrachtaí an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste

Ceanglaítear orm faoi alt 12(2) an Achta um Ghníomhaireacht Bainistíocht an Chisteáin Náisiúnta 1990 (mar atá arna leasú) iniúchadh a dhéanamh ar ráitis airgeadais an Ghníomhaireacht agus tuarascáil orthu a thabhairt do Thithe an Oireachtais.

Ceanglaítear orm faoi alt 12(2) an Achta tuarascáil i dtaca le cruinnneas a thabhairt don Dáil faoi cruinneas the suimeanna i gcuntais an Gniomhaireacht gach bliain. Cuirtear mo thuairisc faoi alt 12(3) i láthair Dáil Éireann le mo Thuarisc faoi Cuntais Seirbhísí Poiblí.

Is é cuspóir m’iniúchta dearbhú réasúnta a fháil an bhfuil na ráitis airgeadais ina n-iomláine saor ó mhíráiteas ábhartha mar gheall ar chalaois nó ar bhotún. Is ionann dearbhú réasúnta agus leibhéal ard dearbhaithe, ach ní ionann é agus ráthaíocht go n-aimseoidh iniúchadh a dhéantar i gcomhréir leis na ISAnna míráiteas ábhartha i gcónaí. Féadfaidh míráitis eascairt as calaois nó botún agus meastar iad a bheith ábhartha más féidir a bheith ag súil go réasúnta go n-imreodh siad tionchar, go haonair nó go comhiomlán, ar chinntí eacnamaíocha a dhéanann úsáideoirí ar bhonn na ráiteas.

Mar chuid d’iniúchadh i gcomhréir leis na ISAnna, úsáidim breithiúnas gairmiúil agus sceipteachas gairmiúil ar feadh an iniúchta. Agus é sin á dhéanamh agam,

  • Déanaim rioscaí maidir le míráitis ábhartha sna ráitis airgeadais, cibé acu mar gheall ar chalaois nó ar bhotún, a shainaithint agus a mheas; déanaim nósanna imeachta iniúchóireachta a dhearadh agus a chur i bhfeidhm a fhreagraíonn do na rioscaí sin; agus faighim fianaise iniúchóireachta atá leordhóthanach agus iomchuí le mo thuairim a bhunú uirthi. Tá an riosca nach n-aimseofar míráiteas ábhartha mar thoradh ar chalaois níos airde ná an riosca maidir le ceann a eascraíonn as botún, mar go bhféadfadh sé go mbeadh claonpháirteachas, brionnú, easnaimh d’aon ghnó, mífhaisnéis, nó gabháil treise ar an rialú inmheánach i gceist leis.
  • Faighim tuiscint ar rialú inmheánach atá ábhartha don iniúchadh chun nósanna imeachta iniúchóireachta a dhearadh atá oiriúnach sna cúinsí, ach nach bhfuil oiriúnach chun tuairim a chur in iúl maidir le héifeachtacht na rialuithe inmheánacha.
  • Déanaim measúnú ar oiriúnacht na bpolasaithe cuntasaíochta a úsáideadh agus réasúntacht na meastachán cuntasaíochta agus an nochta gaolmhar.
  • Tagaim ar thátail maidir le hoiriúnacht na húsáide a bhaintear as an mbonn cuntasaíochta gnóthais leantaigh agus, bunaithe ar an fhianaise iniúchóireachta a fhaightear, maidir le cibé acu an bhfuil éiginnteacht ábhartha ann a bhaineann le himeachtaí nó cúinsí a d’fhéadfadh amhras suntasach a tharraingt ar chumas an chomhlachta leanúint ar aghaidh mar ghnóthas leantach. Má thagaim ar an tátal go bhfuil éiginnteacht ábhartha ann, éilítear orm aird a tharraingt i mo thuarascáil ar an nochtadh bainteach sna ráitis airgeadais nó, mura leor an nochtadh sin, mo thuairim a mhodhnú. Tá mo thátail bunaithe ar an bhfianaise iniúchóireachta a fuarthas suas go dáta mo thuarascála. D’fhéadfadh imeachtaí nó coinníollacha amach anseo, áfach, bheith ina gcúis leis an Gníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní scor de bheith ina ghnóthas leantach.
  • Déanaim measúnú ar chur i láthair, struchtúr agus ábhar foriomlán na ráiteas airgeadais, lena n-áirítear an nochtadh, agus cibé acu an léiríonn na ráitis airgeadais na hidirbhearta agus imeachtaí bunúsacha ar bhealach lena mbaintear cur i láthair cóir amach.

Cuirim in iúl dóibh siúd atá freagrach as rialachas, i measc nithe eile, raon feidhme beartaithe agus uainiú an iniúchta agus tátail shuntasacha an iniúchta, lena n-áirítear aon easnaimh a aimsím le linn m’iniúchta i dtaca le rialachas inmheánach.

Eolas nach mbaineann leis na ráitis airgeadais

Ní chumhdaítear le mo thuairim faoi na ráitis airgeadais an t-eolas eile a chuirtear i láthair leis na ráitis sin, agus ní thugaim aon chineál tátail maidir le dearbhú ina leith.

I dtaca le m’iniúchadh ar na ráitis airgeadais, éilítear orm faoi na ISAnna an t-eolas eile a léamh a cuireadh i láthair agus, le linn dom é sin a dhéanamh, breathnú an bhfuil an t-eolas eile neamhchomhréireach go hábhartha leis na ráitis airgeadais nó leis an eolas a fuarthas le linn an iniúchta, nó an cosúil ar shlí eile go bhfuil míráiteas ábhartha déanta ina leith. Más rud é go mbainim an tátal, bunaithe ar an obair atá déanta agam, go bhfuil míráiteas ábhartha ann i dtaca leis an eolas eile sin, éilítear orm é sin a thuairisciú.

Tuairisciú ar nithe eile

Déantar m’iniúchadh trí thagairt do na léirbhreithnithe speisialta a bhaineann le comhlachtaí Stáit maidir lena mbainistíocht agus lena bhfeidhmiú. Tuairiscím má tá nithe ábhartha ann a bhaineann leis an mbealach ina bhfuil gnó poiblí déanta.

Féachaim le fianaise a fháil ar rialtacht idirbhearta airgeadais le linn an iniúchta. Tuairiscím aon chás ábhartha nár cuireadh airgead poiblí i bhfeidhm chun na críocha dá raibh siad ceaptha nó nár chloí idirbhearta leis na húdaráis a rialaíonn iad.

Tuairiscím freisin trí eisceacht má, i mo thuairim,

  • mura bhfaighim an fhaisnéis agus na mínithe fo léir a theastaigh uaim chun m’iniúchadh a dhéanamh, nó
  • mura raibh na taifead cuntasaíochta dóthanach le iniúchadh na ráitis airgeadais a cheadú go fonmhar agus i gceart, nó
  • mura bhfuil na ráitis airgeadais ag teacht le na taifead cuntasaíochta.