Aguisín a ghabhann leis an tuarascáil

Freagrachtaí Ghníomhaireacht Bainistíocht an Chisteáin Náisiúnta

Leagtar amach freagrachtaí na stiúrthóirí sa ráiteas maidir le freagrachtaí

  • ullmhú na ráiteas airgeadais san fhoirm a fhorordaítear faoi alt 46 an Achta um Chuntais Díomhaoine 2001
  • cinntiú go dtugtar léargas ceart ar chúrsaí an Chiste ag deireadh na bliana agus idirbhearta na bliana
  • rialtacht idirbhearta a chinntiú
  • oiriúnacht na húsáide a bhaineann na stiúrthóirí as an mbonn cuntasaíochta gnóthais leantaigh a mheas, agus
  • cibé rialú inmheánach a mheasann siad is gá le go bhféadfar ráitis airgeadais a ullmhú atá saor ó mhíráiteas ábhartha, cibé acu mar gheall ar chalaois nó ar bhotún.

Freagrachtaí an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste

Ceanglaítear orm faoi alt faoi alt 46 an Achta um Chuntais Díomhaoine 2001 iniúchadh a dhéanamh ar ráitis airgeadais an chiste agus tuarascáil orthu a thabhairt do Thithe an Oireachtais.

Is é cuspóir m’iniúchta dearbhú réasúnta a fháil an bhfuil na ráitis airgeadais ina n-iomláine saor ó mhíráiteas ábhartha mar gheall ar chalaois nó ar bhotún. Is ionann dearbhú réasúnta agus leibhéal ard dearbhaithe, ach ní ionann é agus ráthaíocht go n-aimseoidh iniúchadh a dhéantar i gcomhréir leis na ISAnna míráiteas ábhartha i gcónaí. Féadfaidh míráitis eascairt as calaois nó botún agus meastar iad a bheith ábhartha más féidir a bheith ag súil go réasúnta go n-imreodh siad tionchar, go haonair nó go comhiomlán, ar chinntí eacnamaíocha a dhéanann úsáideoirí ar bhonn na ráiteas.

Mar chuid d’iniúchadh i gcomhréir leis na ISAnna, úsáidim breithiúnas gairmiúil agus sceipteachas gairmiúil ar feadh an iniúchta. Agus é sin á dhéanamh agam,

  • Déanaim rioscaí maidir le míráitis ábhartha sna ráitis airgeadais, cibé acu mar gheall ar chalaois nó ar bhotún, a shainaithint agus a mheas; déanaim nósanna imeachta iniúchóireachta a dhearadh agus a chur i bhfeidhm a fhreagraíonn do na rioscaí sin; agus faighim fianaise iniúchóireachta atá leordhóthanach agus iomchuí le mo thuairim a bhunú uirthi. Tá an riosca nach n-aimseofar míráiteas ábhartha mar thoradh ar chalaois níos airde ná an riosca maidir le ceann a eascraíonn as botún, mar go bhféadfadh sé go mbeadh claonpháirteachas, brionnú, easnaimh d’aon ghnó, mífhaisnéis, nó gabháil treise ar an rialú inmheánach i gceist leis.
  • Faighim tuiscint ar rialú inmheánach atá ábhartha don iniúchadh chun nósanna imeachta iniúchóireachta a dhearadh atá oiriúnach sna cúinsí, ach nach bhfuil oiriúnach chun tuairim a chur in iúl maidir le héifeachtacht na rialuithe inmheánacha.
  • Déanaim measúnú ar oiriúnacht na bpolasaithe cuntasaíochta a úsáideadh agus réasúntacht na meastachán cuntasaíochta agus an nochta gaolmhar.
  • Tagaim ar thátail maidir le hoiriúnacht na húsáide a bhaintear as an mbonn cuntasaíochta gnóthais leantaigh agus, bunaithe ar an fhianaise iniúchóireachta a fhaightear, maidir le cibé acu an bhfuil éiginnteacht ábhartha ann a bhaineann le himeachtaí nó cúinsí a d’fhéadfadh amhras suntasach a tharraingt ar chumas an Chiste leanúint ar aghaidh mar ghnóthas leantach. Má thagaim ar an tátal go bhfuil éiginnteacht ábhartha ann, éilítear orm aird a tharraingt i mo thuarascáil ar an nochtadh bainteach sna ráitis airgeadais nó, mura leor an nochtadh sin, mo thuairim a mhodhnú. Tá mo thátail bunaithe ar an bhfianaise iniúchóireachta a fuarthas suas go dáta mo thuarascála. D’fhéadfadh imeachtaí nó coinníollacha amach anseo, áfach, bheith ina gcúis leis an Chiste scor de bheith ina ghnóthas leantach.

Cuirim in iúl dóibh siúd atá freagrach as rialachas, i measc nithe eile, raon feidhme beartaithe agus uainiú an iniúchta agus tátail shuntasacha an iniúchta, lena n-áirítear aon easnaimh a aimsím le linn m’iniúchta i dtaca le rialachas inmheánach.

Eolas nach mbaineann leis na ráitis airgeadais

Ní chumhdaítear le mo thuairim faoi na ráitis airgeadais an t-eolas eile a chuirtear i láthair leis na ráitis sin, agus ní thugaim aon chineál tátail maidir le dearbhú ina leith.

I dtaca le m’iniúchadh ar na ráitis airgeadais, éilítear orm faoi na ISAnna an t-eolas eile a léamh a cuireadh i láthair agus, le linn dom é sin a dhéanamh, breathnú an bhfuil an t-eolas eile neamh-chomhréireach go hábhartha leis na ráitis airgeadais nó leis an eolas a fuarthas le linn an iniúchta, nó an cosúil ar shlí eile go bhfuil míráiteas ábhartha déanta ina leith. Más rud é go mbainim an tátal, bunaithe ar an obair atá déanta agam, go bhfuil míráiteas ábhartha ann i dtaca leis an eolas eile sin, éilítear orm é sin a thuairisciú.

Tuairisciú ar nithe eile

Déantar m’iniúchadh trí thagairt do na léirbhreithnithe speisialta a bhaineann le comhlachtaí Stáit maidir lena mbainistíocht agus lena bhfeidhmiú. Tuairiscím má tá nithe ábhartha ann a bhaineann leis an mbealach ina bhfuil gnó poiblí déanta.

Féachaim le fianaise a fháil ar rialtacht idirbhearta airgeadais le linn an iniúchta. Tuairiscím aon chás ábhartha nár cuireadh airgead poiblí i bhfeidhm chun na críocha dá raibh siad ceaptha nó nár chloí idirbhearta leis na húdaráis a rialaíonn iad.

Tuairiscím freisin trí eisceacht má, i mo thuairim,

  • mura bhfaighim an fhaisnéis agus na mínithe fo léir a theastaigh uaim chun m’iniúchadh a dhéanamh, nó
  • mura raibh na taifead cuntasaíochta dóthanach le iniúchadh na ráitis airgeadais a cheadú go fonmhar agus i gceart, nó
  • mura bhfuil na ráitis airgeadais ag teacht le na taifead cuntasaíochta.