Ráiteas Rialachais agus Tuarascáil Chomhaltaí na Gníomhaireachta

Athbhunaíodh GBCN mar Ghníomhaireacht (Bord) a bhfuil freagracht uileghabhálach uirthi as feidhmeanna uile GBCN (cé is moite de GNBS agus Corparáid Baincéireachta Straitéisí na hÉireann a bhfuil a gcuid boird ar leith féin acu) faoin Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú), 2014. Tá an Ghníomhaireacht freagrach don Aire Airgeadais. Agus í ag comhlíonadh a cuid feidhmeanna, díríonn an Ghníomhaireacht ar threo straitéiseach agus maoirsiú a thabhairt don eagraíocht agus ag cinntiú go bhfuil rialuithe iomchuí i bhfeidhm, agus í ag tarmligean cúrsaí oibríochta don bhainistíocht. Féachann sí le tacú leis an mbainistíocht agus dúshlán a thabhairt dóibh maidir le spriocanna GBCN a bhaint amach agus cultúr corparáideach a bhaint amach a rannchuideoidh chun na spriocanna sin a bhaint amach. Is faoi chúram an Phríomhfheidhmeannaigh agus na foirne bainistíochta sinsearaí atá gnáthbhainistíocht rialta, agus smacht agus treoir GBCN. Ní mór don Phríomhfheidhmeannach agus don fhoireann bhainistíochta sinsearaí an treoir straitéiseach leathan atá leagtha síos ag an nGníomhaireacht a chur i gcrích, agus ní mór dóibh a chinntiú go mbeidh tuiscint shoiléir ag gach ball den Ghníomhaireacht ar na príomhghníomhaíochtaí agus cinntí a bhaineann le GBCN, agus aon rioscaí suntasacha a d’fhéadfadh teacht chun cinn. Gníomhaíonn an Príomhfheidhmeannach mar theagmháil dhíreach idir an Ghníomhaireacht agus lucht bainistíochta GBCN.

FREAGRACHTAÍ NA GNÍOMHAIREACHTA

Tá feidhmeanna GBCN dílsithe sa Ghníomhaireacht, a fhéadfaidh feidhmeanna a tharmligean don Phríomhfheidhmeannach. Tá sceideal foirmiúil ábhar forchoimeádta i gcomhair cinnidh ag an nGníomhaireacht. Áirítear leis an sceideal sin:

  • Tuarascáil Bhliantúil agus Ráitis Airgeadais;
  • Beartas agus Creat Bainistíochta Riosca;
  • Creat maidir le Fonn Riosca;
  • Straitéis chorparáideach agus aonad gnó agus spriocanna feidhme corparáidí;
  • Buiséad oibriúcháin;
  • Luach saothair an Phríomhfheidhmeannaigh (tar éis dul i gcomhairle leis an Aire);
  • Beartas luach saothair foriomlán;
  • Plean Maoinithe an Státchiste;
  • Straitéis Infheistíochta CISÉ; agus
  • Infheistíochtaí Phunann na hÉireann CISÉ (cinntí infheistíochta suas le €150m arna dtarmligean chuig an gCoiste Infheistíochta).

Ceanglaítear leis na hAchtanna um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta 1990 go 2014 ar an nGníomhaireacht ráitis airgeadais a ullmhú i leith a hoibríochtaí maidir le gach bliain airgeadais. Agus na ráitis sin á n-ullmhú, déanann an Ghníomhaireacht:

  • beartais oiriúnacha chuntasaíochta a roghnú agus ansin iad a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach;
  • breithiúnais agus meastacháin atá réasúnta agus críonna;
  • na ráitis airgeadais a ullmhú ar bhonn an ghnóthais leantaigh, ach amháin má tá sé míchuí sin a dhéanamh;
  • aon imeacht ábhartha ó chaighdeáin bhainteacha chuntasaíochta a nochtadh agus a mhíniú.

Tá an Ghníomhaireacht freagrach as coimeád, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, na gcuntas go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh sí nó a chaithfidh sí, agus, as cothú taifid chuntasaíochta a nochtann, go réasúnta cruinn ag aon am ar bith, mar a sheasann cúrsaí airgeadas na Gníomhaireachta, a cistí agus an Fiachas Náisiúnta.

Tá an Ghníomhaireacht freagrach freisin as buiséad caiteachais agus straitéis chorparáide GBCN a cheadú, lena n-áirítear an tAonad Gnó agus spriocanna Feidhme Corparáidí. Déanann an Ghníomhaireacht athbhreithniú ar aschuir a thagann chun cinn i gcoinne buiséid agus spriocanna i rith na bliana agus ag deireadh na bliana.

Tá an Ghníomhaireacht freagrach freisin as a cuid sócmhainní a chosaint agus as céimeanna réasúnta a ghlacadh chun calaois agus mírialtachtaí eile a chosc agus a bhrath.

Measann an Ghníomhaireacht go dtugann ráitis airgeadais GBCN léargas fíor agus cothrom ar fheidhmíocht airgeadais agus ar staid airgeadais an GBCN an 31 Nollaig 2017.

STRUCHTÚR NA GNÍOMHAIREACHTA

Tá naonúr comhaltaí sa Ghníomhaireacht. Is é an tAire Airgeadais a cheapann seisear comhaltaí, lena n-áirítear an Cathaoirleach. Is comhaltaí de bhrí oifige na Gníomhaireachta é Príomhfheidhmeannach GBCN agus Ard-Rúnaithe na Roinne Airgeadais agus na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Ceaptar comhalta ar feadh cúig bliana, seachas na chéad chomhaltaí a cheaptar – ar ceapadh beirt chomhaltaí acu ar feadh trí bliana agus ceapadh beirt chomhaltaí ar feadh ceithre bliana. Tá sonraí maidir leis na comhaltaí reatha agus a dtréimhsí ceapacháin leagtha amach ar leathanaigh 48 go 49.

Bhunaigh an Ghníomhaireacht ceithre choiste chun cabhair a thabhairt di a cuid freagrachtaí a chur i gcrích, agus téarmaí tagartha foirmiúla ag gach ceann díobh:

  • An Coiste Iniúchta agus Riosca;
  • An Coiste Infheistíochta;
  • An Coiste Luach Saothair; agus
  • Coiste Straitéiseach na Gníomhaireachta um Éilimh ar an Stát.

Ag éirí as an gcéad athbhreithniú bliantúil a rinne an Ghníomhaireacht ar a héifeachtacht i rith 2016, d’aontaigh an Ghníomhaireacht go mbeadh sé níos éifeachtúla agus go gcruthófaí sineirgí níos fearr dá ndéanfaí na Coistí Iniúchta agus Riosca a bhí mar choistí ar leithligh ag an am, a chónascadh. D’aontaigh an Ghníomhaireacht freisin go mbeadh bunú Coiste Straitéiseach de chuid na Gníomhaireachta um Éilimh ar an Stát, ar a mbeadh saineolas seachtrach ábhartha, áisiúil ag glacadh le gné speisialta ghnó GÉS agus na dúshláin ar leith a bhíonn os a comhair. Cónascadh an Coiste Iniúchta agus an Coiste Riosca le héifeacht ón 1 Feabhra 2017. Bunaíodh Coiste Straitéiseach na Gníomhaireachta um Éilimh ar an Stát an 1 Lúnasa 2017.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi choistí na Gníomhaireachta, féach Tuarascálacha Coistí, leathanaigh 55 go 57.

Rinne an Ghníomhaireacht an dara athbhreithniú bliantúil maidir lena héifeachtacht i rith 2017. Ba mheastóireacht féinmheasúnaithe struchtúrach de chuid na Gníomhaireachta a bhí san athbhreithniú sin.

Faigheann an Ghníomhaireacht tacaíocht ina cuid feidhmeanna ó Rúnaí na Gníomhaireachta a dhéanann comhordú freisin ar oibriú na gcoistí Gníomhaireachta éagsúla: faigheann gach ceann de na coistí tacaíocht ó Rúnaí na Gníomhaireachta nó ó Rúnaí Cúnta na Gníomhaireachta.

PRÍOMHATHRUITHE AR AN BPEARSANRA

Ceapadh Gerardine Jones sa Ghníomhaireacht an 8 Márta 2017 chun an folúntas a tháinig chun cinn ó d’éirigh Brendan McDonagh as oifig le héifeacht ón 24 Deireadh Fómhair 2016 a líonadh. Athcheapadh Maeve Carton sa Ghníomhaireacht le héifeacht ón 22 Nollaig 2017.

D’éirigh an Príomhoifigeach Riosca, Deirdre Hannigan, as a post le héifeacht ón 21 Aibreán 2017. Bhainistigh an Príomhoifigeach Airgeadais agus Oibriúcháin, Ian Black, an fheidhm ar bhonn eatramhach go dtí Bealtaine 2018. Ceapadh Ciara Lehane mar Cheann Riosca (Airgeadais, Infheistíochta agus Fiontair) le héifeacht ón 21 Bealtaine 2018.

Chuaigh an Stiúrthóir, an Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta, Brian Murphy, ar scor le héifeacht ón 5 Feabhra 2018. Tá an próiseas earcaíochta chun an post sin a líonadh críochnaithe agus is í Cathy Bryce a ghlacfaidh leis an ról le héifeacht ón 13 Lúnasa 2018.

SCEIDEAL TINRIMH, TÁILLÍ AGUS COSTAS 2017

Tá sceideal tinreamh ag cruinnithe na Gníomhaireachta agus na gCoistí leagtha amach thíos lena n-áirítear na táillí agus na costais a fuair gach comhalta ina gcáil mar chomhalta Gníomhaireachta nó Coiste.

Gníomh-
aireacht
An Coiste
Infheistíochta
An Coiste
Iniúch-
óireachta
An Coiste
Riosca
An Coiste
Iniúchta
agus
Riosca
An Coiste
Luach
Saothair
Coiste
Straitéiseach
GÉS
Táillí
2017
Costais
2017
Líon na gCruinnithe 7 13 1 1 6 2 1
Comhaltaí na Gníomhaireachta
Willie Walsh 6 2 - -
Maeve Carton 6 1 5/5(p) 1/1(p) 30,000 -
Gerardine Jones 6/6(p) 10/10(p) 24,457 -
Derek Moran 5 1 - -
Martin Murphy 7 1 1 6 2 30,000 -
Conor O’Kelly 7 - -
Mary Walsh 7 1 6 1 30,000 -
Robert Watt 5 0 1 - -
Susan Webb 7 13 1 6 30,000 -
Iomlán 144,457 -
Comhaltaí Eile
Richard Leonard 12 20,000 4,340
Mark Ryan 13 20,000 -
Julie Sinnamon 11 - -
Sabaratnam Arulkumaran 1 5,208 295
Tom Beegan 1 5,208 -
Ciarán Breen 1 - -
Donogh Crowley 1 5,208 -
David Moloney 0/0(p) - -
Iomlán 55,624 4,635
(p) tagraíonn do líon na gcruinnithe ar arbh fhéidir freastal i gcoibhneas leis na dátaí ceapacháin.

Is é an tAire Airgeadais a chinneann an méid luach saothair a gheobhaidh comhaltaí ceaptha na Gníomhaireachta. Is é €45,000 in aghaidh na bliana an luach saothair a ghabhann le post an Chathaoirligh agus is ionann luach saothair comhaltaí eile ceaptha agus €30,000 in aghaidh na bliana. Tharscaoil an Cathaoirleach (Willie Walsh) a luach saothair le haghaidh 2017. Ní fhaigheann na comhaltaí de bhrí oifige (Conor O’Kelly, Robert Watt agus Derek Moran) aon luach saothair maidir lena mballraíocht ar an nGníomhaireacht.

Is í an Ghníomhaireacht a chinneann luach saothair chomhaltaí seachtracha an Choiste Infheistíochta agus Coiste Straitéiseach na Gníomhaireachta um Éilimh ar an Stát le toiliú an Aire Airgeadais. Faigheann comhaltaí an Choiste Infheistíochta luach saothair de €20,000 in aghaidh na bliana agus faigheann comhaltaí seachtracha Choiste Straitéiseach na Gníomhaireachta um Éilimh ar an Stát luach saothair €12,500 in aghaidh na bliana. Ní fhaigheann Julie Sinnamon agus David Moloney, atá ceaptha ar an gCoiste Infheistíochta agus ar Choiste Straitéiseach na Gníomhaireachta um Éilimh ar an Stát faoi seach, ina gcáil mar státseirbhísigh aon luach saothair maidir lena mballraíocht. Ní fhaigheann comhaltaí gníomhaireachta agus baill foirne GBCN aon luach saothair breise i dtaca le ballraíocht na gcoistí sin.

SOLÁTHAR FOIRNE AGUS LUACH SAOTHAIR

Cuireann GBCN a sainorduithe i gcrích trí cúig aonad ghnó: an t-aonad um Maoiniú agus Bainistiú Fiach, Aonad Chiste Infheistíochta Straitéisí na hÉireann, an Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta, RÉnua agus an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát. Faigheann aonaid ghnó GBCN tacaíocht óna fheidhmeanna corparáideacha a sholáthraíonn seirbhísí ar fud na réimsí seo a leanas: Airgeadas, Oibríochtaí, Teicneolaíocht na Faisnéise, Riosca, AD, Gnóthaí Dlí, Comhlíontacht, Cumarsáid agus Iniúchadh Inmheánach.

Tá roinnt ball foirne de chuid GBCN ar iasacht leis an Roinn Airgeadais tar éis aisghairm tharmligean fheidhmeanna córais bhaincéireachta an Aire Airgeadais chuig GBCN ó mhí Lúnasa 2011.

Sannann GBCN baill foirne don Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (GNBS) agus do Chorparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann (CBSÉ) agus soláthraíonn sí seirbhísí agus córais ghnó agus tacaíochta dóibh chomh maith. Déanann GNBS agus CBSÉ aisíocaíocht do GBCN as costas na seirbhísí sin (costais bhall foirne san áireamh). Is aonáin neamhspleácha iad GNBS agus CBSÉ agus tá a mboird féin acu.

Seachas baill foirne atá sannta do GNBS agus CBSÉ, bhí 503 fostaí ag GBCN ag deireadh 2017. Bhí 263 fostaí sannta do GNBS agus bhí 18 fostaí sannta go CBSÉ3.

Tá múnla luach saothair GBCN bunaithe ar chonarthaí fostaíochta a idirbheartaítear ina n-aonair faoi rún, le luach saothair iomaíoch, ailínithe don mhargadh. Is é atá sa ghnáthphacáiste luach saothair buntuarastal seasta agus soláthar le haghaidh pá lánroghnach maidir le feidhmíocht. I líon teoranta cásanna íoctar liúntais nó sochair eile.

Is é cuspóir GBCN a chinntiú go n-éascaíonn a shocruithe luach saothair é ag mealladh, ag forbairt, agus ag coinneáil fostaithe ardfheidhmíochta agus spreagtha, le scileanna agus taithí chuí, lena chinntiú gur féidir le GBCN a fheidhmeanna reachtúla a chomhlíonadh go hiomlán ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil, ag comhlíonadh ag an am céanna an dlí infheidhmithe Tá sé i gceist aige córas luach saothair a fheidhmiú:

  • a ligeann do GBCN a bheith iomaíoch go héifeachtach sa mhargadh oibre agus fostaithe ar ardchaighdeán a earcú agus a choinneáil;
  • a léiríonn cuspóirí GBCN le haghaidh dea-rialachas corparáideach;
  • a bhainistíonn luach saothair ar bhealach cuí agus a spreagann leibhéal ard feidhmíochta; agus
  • atá comhsheasmhach le bainistíocht riosca fhónta agus éifeachtach agus a chuireann sin chun cinn.

Tá íocaíochtaí maidir le feidhmíocht ceaptha le feidhmíocht eisceachtúil a chúiteamh, le haird ar fheidhmíocht an fhostaí féin, feidhmíocht réimse freagrachta an fhostaí, agus feidhmíocht fhoriomlán GBCN. Déantar íocaíocht maidir le feidhmíocht de réir paraiméadar atá faofa ag Coiste Luach Saothair neamhfheidhmiúcháin na Gníomhaireachta. Déantar an méid foriomlán íocaíochtaí maidir le feidhmíocht i leith aon bhliain faoi réir, chomh maith, fhaomhadh an Choiste Luach Saothair.

Rinne GBCN íocaíochtaí a bhain le feidhmíocht le 142 ball foirne in 2018 i leith 2017. B’ionann na híocaíochtaí agus €1,544,042 san iomlán.

Miondealú ar Shochair Ghearrthéarmacha Fostaithe

Tá sochair ghearrthéarmacha fostaithe atá níos mó ná €50,000 i dtaca le seirbhísí a soláthraíodh i rith 2017 curtha i gcatagóirí sna bandaí seo a leanas:

Raon Líon na bhfostaithe
€50,001 go €75,000 132
€75,001 go €100,000 83
€100,001 go €125,000 47
€125,001 go €150,000 22
€150,001 go €175,000 21
€175,001 go €200,000 14
€200,001 go €225,000 5
€225,001 go €250,000 5
€250,001 go €275,000 0
€275,001 go €300,000 1
€300,001 go €325,000 5
€325,001 go €350,000 1
€350,001 go €375,000 1
€375,001 go €400,000 1
€400,001 go €425,000 0
€425,001 go €450,000 0
€450,001 go €475,000 0
€475,001 go €500,000 1
  1.    Tabhair faoi deara: Chun críche an nochta seo, áirítear le sochair ghearrthéarmacha fostaithe maidir le seirbhísí arna soláthar i rith 2017 tuarastal, sochair incháinithe eile a íocadh le fostaithe (lena n-áirítear íocaíochtaí a bhain le feidhmíocht) agus íocaíochtaí eile arna ndéanamh thar ceann fostaithe, ach nach n-áirítear ÁSPC fostóra leo.

NOCHTADH ATÁ RIACHTANACH DE RÉIR AN CHÓID CLEACHTAIS UM RIALACHAS COMHLACHTAÍ STÁIT (2016)

Tá an Ghníomhaireacht freagrach as a chinntiú gur chloígh GBCN le ceanglais an Chóid Cleachtais um Rialachas Comhlachtaí Stáit (“an Cód”), arna fhoilsiú ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe i mí Lúnasa 2016. Éilítear an nochtadh seo a leanas leis an gCód:

Miondealú ar Shochair Ghearrthéarmacha Fostaithe

Féach an rannóg ar Soláthar Foirne agus Luach Saothair ar an leathanach roimhe seo.

Costais Chomhairliúcháin

Tá na costais chomhairliúcháin a thabhaigh GBCN i bhfeidhmiú a cuid sainorduithe leagtha síos sna Ráitis Airgeadais: Cuntas Riaracháin GBCN, Ráitis Airgeadais GÉS agus Ráitis Airgeadais CISÉ.

Costais Dlí agus Socraíochtaí

Níor tabhaíodh aon chaiteachas in 2017 a bhaineann le costais dlí agus socraíochtaí. Ní áirítear leis sin caiteachas a tabhaíodh maidir le comhairle dlí ghinearálta atá áirithe i gcomhairliúchán, ná ní áirítear leis costais dlí agus socraíochtaí a thabhaigh agus a rinne an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát i bhfeidhmiú a cuid feidhmeanna chun éilimh i gcoinne an Stáit a bhainistiú, a chuirtear chun dochair an údaráis Stáit ábhartha.

Caiteachas ar Taisteal agus Cothabháil

Tá caiteachas ar thaisteal agus cothabháil curtha sna catagóirí seo a leanas:

2017
€000
Intíre
– Bord 4
– Fostaithe 472
Idirnáisiúnta
– Bord 0
– Fostaithe 507
Iomlán 983

Caiteachas

ítear sa Ráiteas faoi Ioncam agus Caiteachas agus Ioncam Cuimsitheach Eile €65,239 maidir le caiteachas ar fháilteachas foirne in 2017.

RÁITEAS COMHLÍONTACHTA

Chloígh GBCN leis an gCód Cleachtais um Rialachas Comhlachtaí Stáit, arna fhoilsiú ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le roinnt cóirithe/athruithe/ neamh-iarratais a comhaontaíodh leis an Aire Airgeadais mar a bhfuil achoimre orthu thíos. Léirítear sna cóirithe sin go príomha go bhfeidhmíonn GBCN, agus a gcuirtear na costais ina leith de mhuirear ar an Lárchiste4, raon feidhmeanna a thugann aghaidh ar an margadh agus a leagadh amach d’aon turas chun go mbeadh an tsolúbthacht oibríochta acu gníomhú go tráchtála agus í ag cur a cuid feidhmeanna i gcrích.

Faomhadh Conarthaí

Moltar sa chód go sonrófaí sa Sceideal d’Ábhair atá Forchoimeádta i gcomhair Chinneadh an Bhoird tairseacha cainníochtúla soiléire le haghaidh conarthaí a dteastaíonn faomhadh an Bhoird uathu. Moltar ann freisin gur ábhar forchoimeádta a bheadh i “faomhadh téarmaí mórchonarthaí”.

Ag glacadh le raon sainorduithe gnó GBCN agus go gcuimsítear le conarthaí airgeadais a bhfuil luach suntasach ag gabháil leo cuid lárnach de ghníomhaíochtaí gnó GBCN, leag GBCN síos critéir ar leithligh chun infheistíochtaí a fhaomhadh agus chun conarthaí a dhéanamh ag brath ar an réimse gnó mar seo a leanas:

  • Tá fáil nó diúscairt infheistíochtaí CISÉ in Éirinn forchoimeádta don Bhord/Choiste Infheistíochta. Déanann Coiste Infheistíochta neamhfheidhmiúcháin reachtúil cinntí infheistíochta suas go dtí €150m. I gcás ina bhfuil infheistíocht bheartaithe os cionn €150m, déanann an Bord an cinneadh ar mholadh ón gCoiste Infheistíochta. Déantar infheistíochtaí laistigh de théarmaí Straitéis Aistrithe na Punainne Domhanda a tharmligean chuig an mbainistíocht. Déantar gníomhartha lena mbaineann fáil nó diúscairt sócmhainní CISÉ atá faoi réir ordú an Aire a tharmligean chuig an mbainistíocht.
  • Déantar conarthaí fiachais a tharmligean chuig an mbainistíocht – laistigh de raon Phlean Maoiniú Bliantúil an Státchiste arb Ábhar Forchoimeádta é.
  • Déantar faomhadh chun conarthaí nua CPP a dhéanamh agus faomhadh chun aon chonradh nua a dhéanamh chun soláthar mar ghníomhaire don Aire Oideachais agus Scileanna aon tionscadal infheistíochta poiblí maidir le saoráid oideachais a tharmligean chuig an mbainistíocht. Bunaíodh Coiste Bonneagar Bainistíochta ar mhaithe le tionscadail bhonneagair a fhaomhadh. Tá tionscadail arna n-athbhreithniú ag an gCoiste Bonneagar Bainistíochta, agus an toradh, áirithe mar ábhair a chuirfear faoi bhráid an Bhoird.
  • Déantar conarthaí i gcomhair seirbhísí gairmiúla agus oibriúcháin agus caiteachas caipitiúil GBCN a tharmligean chuig an mbainistíocht. Ba chóir a rá go bhfuil caiteachas caipitiúil GBCN teoranta. Déantar foráil do mhaoirsiú an Bhoird ar na nithe seo tríd an mbuiséad bliantúil a fhaomhadh agus d’fhéadfadh an bhainistíocht míreanna sonracha a thabhairt chomh fada leis an nGníomhaireacht i gcomhair faomhadh.

Leibhéil Údaráis Tharmligthe

Moltar sa Chód gurb ábhar coimeádta a bheadh sna “Leibhéil Údaráis Tharmligthe”. I bhfianaise raon leathan na sainorduithe a chuireann GBCN i gcrích agus an gá a bheith solúbtha i gcónaí maidir leis na húdaráis tharmligthe éagsúla i dtaca leis na sainorduithe sin, tá socrú na Leibhéal Údaráis Tarmligthe tugtha don Phríomhfheidhmeannach. D’fhonn maoirsiú an Bhoird ar údaráis tharmligthe a chinntiú, déanann an Coiste Iniúchóireachta agus Riosca athbhreithniú gach bliain ar Údaráis Tharmligthe Chomhdhlúite GBCN.

Straitéis

Leagtar síos ceanglais dhifriúla sa Chód maidir le plean straitéiseach a ullmhú agus a ghlacadh le haghaidh comhlachtaí Stáit tráchtála agus neamhthráchtála. Ba cheart do chomhlachtaí tráchtála pleananna gnó rollacha bliantúla cúig bliana a fhaomhadh agus ba chóir do chomhlachtaí neamhthráchtála ráitis straitéise a ghlacadh ar feadh tréimhse idir trí agus cúig bliana amach anseo.

Cumhdaítear tréimhse trí bliana i Straitéis Chorparáideach GBCN agus tá dhá chuid i gceist inti:

  1.   Cuid 1: Straitéis Chorparáideach GBCN (lena n-áirítear ceithre sprioc straitéiseacha); agus
  2.   Cuid 2: Spriocanna an Aonaid Ghnó agus na Feidhme Corparáidí (lena n-áirítear spriocanna bliantúla).

Déantar athbhreithniú bliantúil ar Straitéis Chorparáideach GBCN agus déantar í a nuashonrú ar bhunús rollach trí bliana. Cuirfear Cuid 1 isteach chuig an Aire má tá aon athruithe ar na ceithre sprioc straitéiseacha atá leagtha amach inti. Déanfar nuashonrú bliantúil ar Chuid 2 agus cuirfear isteach chuig an Aire í lena chuid tuairimí a fháil sula gcuirfear i gcrích í.

Tá an nós imeachta maidir le comhairliúchán Airí i dtaca leis an Straitéis Infheistíochta CISÉ a chinneadh agus a athbhreithniú leagtha síos in Alt 40(3) den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú) 2014.

Neamhchomhlíonadh le hOibleagáidí Reachtúla

I bhfianaise an raoin leathan oibleagáidí reachtúla ábhartha a bhfuil GBCN faoi réir acu, tá sé beartaithe dul i ngleic leis an gceanglas go gcuirfeadh an Cathaoirleach cásanna neamhchomhlíonta le haon oibleagáidí reachtúla faoi bhráid an Aire trína chur i bhfeidhm ar chásanna ábhartha de neamhchomhlíonadh amháin.

Fáil nó Diúscairt Sócmhainní etc.

Níl feidhm leis na forálacha sin de Alt 8 den Chód ina ndéileáiltear le fáil nó diúscairt sócmhainní, breithmheas ar infheistíocht chaipitil, bunú nó fáil fochuideachtaí, rannpháirtíocht i gcomhfhiontair agus fáil scaireanna i gcás gníomhaíochtaí infheistíochta an Chiste Infheistíochta Straitéisí na hÉireann. Déantar bainistíocht ar infheistíocht den sórt sin laistigh de chomhthéacs an chreata reachtúil chun infheistíochtaí CISÉ mar atá leagtha síos san Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú) 2014, straitéis infheistíochta CISÉ agus próiseas infheistíochta CISÉ.

Ní mheastar go luíonn bannaí Trádála Rialtais nó sócmhainní eile i ngnáthchúrsa oibríocht ghnó GBCN laistigh de Alt 8 den Chód.

Ciorclán TFC

Mar a fhoráiltear faoi Alt 3 de Chiorclán 02/16 na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maidir le Socruithe i gcomhair Caiteachais Dhigitigh agus bainteach le TFC sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí, d’aontaigh an Roinn Airgeadais go bhfuil díolúine ag GBCN ón gcreat faofa i gcomhair caiteachais dhigiteach agus a bhaineann le TFC.

Cód Caiteachais Phoiblí

Níl an Cód Caiteachais Phoiblí infheidhme do GAFN toisc nach bhfuil GBCN ag gabháil do thionscadail chaipitil (seachas maidir lena ról leis an CISÉ agus GAFN) nó cláir nua caiteachais reatha. Tá feidhmeanna GBCN leagtha síos sa reacht – i reachtaíocht phríomha nó tá siad tarmligthe don GBCN trí Ordú Aireachta. Baineann buiséad oibriúcháin GBCN le baill foirne, córais, saoráidí agus costais eile a bhaineann le cur i gcrích na bhfeidhmeanna sin. Maidir le míreanna suntasacha caiteachais nua laistigh dá buiséad oibriúcháin, baineann GBCN leas as an ngnáthphróiseas breithmheasa atá leagtha amach i gcuid B.01 den Chód Caiteachais Phoiblí ina próiseas breithmheasa tionscadail.

Luach Saothair

Ag comhlíonadh fhorálacha an Chóid maidir le luach saothair, ghlac GBCN leis na forálacha is infheidhme maidir le comhlachtaí Stáit tráchtála, arna gcur in oiriúint i bhfianaise a struchtúir rialachais agus tuairiscithe ar leith agus an tsamhail luach saothair. Ag teacht leis an gcur chuige sin, foilsíonn GBCN sonraí maidir le sochair ghearrthéarmacha fostaithe i mbandaí €25,000.

Ciorcláin Taistil

Tá beartas taistil GBCN bunaithe ar an gCreat le haghaidh Beartas Taistil do Chomhlachtaí Stáit atá sa Chód. Tá feidhm le rátaí míleáiste na státseirbhíse atá ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim (ag léiriú Ciorclán 07/2017). Ní íocann GBCN rátaí cothabhála maidir le taisteal, ach feidhmíonn sí próiseas costas deimhnithe chun costais taistil a aisíoc agus dá bhrí sin, ní bhíonn feidhm le ciorcláin na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus le fógraí oifige maidir le cothabháil.

Cairt Chustaiméirí

Ní minic le GBCN seirbhísí a sholáthar díreach don phobal. Tairgeann GBCN táirgí Coigilteas stáit do dhaoine a chuireann airgead i dtaisce iad féin trína gníomhairí, An Post. Tá cairt chustaiméirí ag An Post ina gcumhdaítear na seirbhísí a sholáthraíonn sé don phobal, lena n-áirítear na seirbhísí sin a sholáthraíonn sé thar ceann GBCN. Níor cuireadh cairt chustaiméirí eile i bhfeidhm do GBCN.

  1. 3Ar bhonn coibhéis lánaimseartha (slánaithe go dtí an slánuimhir is gaire).

  2. 4Seachas maidir lena cuid feidhmeanna CISÉ atá maoiniú ón CISÉ.