Tuarascáil Maidir le Héifeachtúlacht Fuinnimh

TUARASCÁIL MAIDIR LE HÉIFEACHTÚLACHT FUINNIMH

Feidhmíonn GBCN ó Fhoirgneamh an Státchiste ar Shráid na Canálach Móire, Baile Átha Cliath 2, D02 XN96. In 2017, d’ídigh GBCN 1,828,052 kWh leictreachais a léirigh meán-thomhaltas 2,383 kWh in aghaidh an fhostaí. Sin i gcomparáid le meánthomhaltas de 2,707 kWh in aghaidh an fhostaí in 2016 – laghdú 12% in aghaidh an fhostaí ó fhigiúr 2016. Tá an laghdú ar mheán-thomhaltas in aghaidh an fhostaí in 2017 toisc nach bhfuil an oiread spáis urláir á áitiú ag GBCN i bhFoirgneamh an Státchiste ón 1 Bealtaine 2017, agus d’éirigh leis an líon céanna foirne a choimeád ag an am céanna.

Tá Foirgneamh an Státchiste os cionn 25 bliain d’aois agus meán-rátáil BER de “F” aige. Cuireann sé sin le caillteanas fuinnimh trí dhéanamh an fhoirgnimh. Soláthraíonn an tiarna talún an t-aerchóiriú san fhoirgneamh agus is le gás nádúrtha a théitear é.

Rinne GBCN cóiríocht oifige a léasú ag Bloc D1, Dublin Landings, Cé an Phoirt Thuaidh, Baile Átha Cliath 1 - beidh an áit áitithe ag GBCN ar feadh 2019. Tá an foirgneamh nua á thógáil agus é deartha chun rátáil phlatanaim LEED 2009 agus caighdeáin rátáil fuinnimh BER A3 a bhaint amach.