Comhaltaí na Gníomhaireachta

Willie Walsh Profile

Willie Walsh | Cathaoirleach

(ceaptha ar feadh téarma cúig bliana ón 22 Nollaig 2014)

Comhalta den Choiste Luach Saothair

Is é Willie Walsh Príomhfheidhmeannach International Airlines Group (IAG), máthairchuideachta Aer Lingus, British Airways, Iberia agus Vueling. Bhí sé ina Phríomhfheidhmeannach ar British Airways agus ar Aer Lingus roimhe sin. Is é Uachtarán Chomhlachas Tráchtála agus Tionscail Londan é.

Maeve Carton Profile

Maeve Carton | Comhalta Gníomhaireachta

(athcheaptha ar feadh téarma cúig bliana ón 22 Nollaig 2017)

Ball den Choiste Iniúchóireachta agus Riosca | Cathaoirleach an Choiste Luach Saothair

Is iar-Stiúrthóir ar CRH í Maeve Carton áit a raibh roinnt post sinsearach aici lena n-áirítear Stiúrthóir um Chlaochlú Grúpa agus Stiúrthóir Airgeadais. Sular thosaigh sí ag obair in CRH, d’oibrigh sí ar feadh roinnt bliana mar chuntasóir cairte i gcleachtas cuntasaíochta idirnáisiúnta.

Gerardine Jones Profile

Gerardine Jones | Comhalta Gníomhaireachta

(athcheaptha ar feadh téarma cúig bliana ón 8 Márta 2017)

Comhalta den Choiste Infheistíochta

Is cuntasóir cairte í Gerardine Jones a bhfuil breis is 30 bliain taithí gnó agus ceannaireachta sinsearaí aici. Tá sí ina Stiúrthóir ar Sharpsburg Consultants Limited faoi láthair agus tá roinnt ról aici freisin mar stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin, lena n-áirítear le BNY Mellon Fund Services (Éire) DAC, agus ITG Limited. Bhí sí ina Leas-Phríomhfheidhmeannach agus ina Ceannaire Riosca ag Cantor Fitzgerald Ireland roimhe seo, agus ina Stiúrthóir Liostaithe ag Stocmhalartán na hÉireann.

Derek Moran Profile

Derek Moran | Comhalta Gníomhaireachta

(de bhrí oifige)

Comhalta de Choiste na Gníomhaireachta um Éilimh ar an Stát

Is é Derek Moran Ard-Rúnaí na Roinne Airgeadais agus tá sé freagrach as cúrsaí beartais um sheirbhísí geilleagracha, buiséadacha agus fi oscacha, baincéireachta agus airgeadais agus as maoirseacht a dhéanamh ar infheistíochtaí na hÉireann i mbainc chlúdaithe agus ar thacaíocht do bhainc chlúdaithe. Is comhalta é de Choimisiún an Bhainc Ceannais agus de Bhord Bainistíochta na Státseirbhíse agus is comhalta comhairle é den Fhondúireacht um Staidéir Fhioscacha.

Martin Murphy Profile

Martin Murphy | Comhalta Gníomhaireachta

(ceaptha ar feadh tréimhse ceithre bliana ón 22 Nollaig 2014)

Cathaoirleach den Coiste Iniúchóireachta agus Riosca | Comhalta den Choiste Luach Saothair

Bhí Martin Murphy ina Stiúrthóir Bainistíochta agus ina Chathaoirleach ar Hewlett Packard Fiontraíocht Éireann tráth. Tá sé mar chomhalta boird ar Bhanc Uladh agus ar Scoil Ghnó Smurfi t UCD. Tá sé ina chathaoirleach freisin ar Chomhairle an Mhargaidh Saothair, sainghrúpa a thugann comhairle don Rialtas ar bheartas an mhargaidh saothair agus a thugann ionchur maidir le mórcheisteanna fostaíochta i gcoitinne. Bhí sé ina Uachtarán ar Chumann Lucht Trádála Bhaile Átha Cliath tráth.

Conor O'Kelly Profile

Conor O’Kelly | Comhalta Gníomhaireachta

(de bhrí oifige)

Is é Conor O’Kelly Príomhfheidhmeannach GBCN. Is iar-Leaschathaoirleach é ar Investec Holdings (Ireland) Ltd. Roimhe sin bhí sé ina Phríomhfheidhmeannach ar NCB Group, a fuair Investec plc ina dhiaidh sin. Sula ndeachaigh sé ag obair le NCB mar Cheannasaí Ioncaim Sheasta, chaith sé 11 bhliain le Barclays Capital, áit a raibh roinnt post bainistíochta sinsearaí aige.

Mary Walsh Profile

Mary Walsh | Comhalta Gníomhaireachta

(ceaptha ar feadh téarma cúig bliana ón 22 Nollaig 2014)

Comhalta den Choiste Iniúchóireachta agus Riosca | Cathaoirleach de Choiste Straitéiseach na Gníomhaireachta um Éilimh ar an Stát

Is cuntasóir cairte í Mary Walsh, agus iarpháirtí cánach idirnáisiúnta in PricewaterhouseCoopers i mBaile Átha Cliath. Oibríonn sí mar stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin neamhspleách ar roinnt bord san earnáil phríobháideach agus ar bhoird neamhbhrabúis. Bhí roinnt post aici san earnáil phoiblí in Éirinn agus san Aontas Eorpach.

Robert Watt Profile

Robert Watt | Comhalta Gníomhaireachta

(de bhrí oifige)

Comhalta den Choiste Luach Saothair

Tá Robert Watt ina Ard-Rúnaí ar an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le freagracht as beartas caiteachais phoiblí, as caiteachas caipitiúil agus as Comhpháirtíochtaí Poiblí Príobháideacha agus bainistiú foriomlán agus as athchóiriú na seirbhíse poiblí in Éirinn. Eacnamaí atá ann agus tá taithí aige sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha araon.

Susan Webb Profile

Susan Webb | Comhalta Gníomhaireachta

(ceaptha ar feadh tréimhse ceithre bliana ón 22 Nollaig 2014)

Ball den Choiste Iniúchóireachta agus Riosca | Cathaoirleach an Choiste Infheistíochta

Is iar-Stiúrthóir Bainistíochta í Susan Webb ar ionad cisteáin idirnáisiúnta Pfi zer lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Tá sí ina stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin neamhspleách ar Wells Fargo Bank International Unlimited Company agus Depfa Bank plc.