Aguisín a ghabhann leis an tuarascáil

Freagrachtaí Ghníomhaireacht Bainistíocht an Chisteáin Náisiúnta

Leagtar amach freagrachtaí baill an ghníomhaireachta sa ráiteas rialachas agus tuairisc baill an ghníomhaireachta

  • ullmhú na ráiteas airgeadais san fhoirm a fhorordaítear faoi alt 12 an Achta um Ghníomhaireacht Bainistíocht an Chisteáin Náisiúnta 1990 (mar atá arna leasú)
  • cinntiú go dtugtar léargas ceart ar chúrsaí an iarmhéid an fhiachas náisiúnta gan íoc ag 31 Nollaig 2017 agus costas fónaimh d'fhiachas na bliana
  • rialtacht idirbhearta a chinntiú, agus
  • cibé rialú inmheánach a mheasann siad is gá le go bhféadfar ráitis airgeadais a ullmhú atá saor ó mhíráiteas ábhartha, cibé acu mar gheall ar chalaois nó ar bhotún.

Freagrachtaí an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste

Ceanglaítear orm faoi alt faoi alt faoi fhorálacha Alt 12 an Achta Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta 1990 (mar atá arna leasú). iniúchadh a dhéanamh ar ráitis airgeadais an fhiachas náisiúnta agus tuarascáil orthu a thabhairt do Thithe an Oireachtais.

Is é cuspóir m’iniúchta dearbhú réasúnta a fháil an bhfuil na ráitis airgeadais ina n-iomláine saor ó mhíráiteas ábhartha mar gheall ar chalaois nó ar bhotún. Is ionann dearbhú réasúnta agus leibhéal ard dearbhaithe, ach ní ionann é agus ráthaíocht go n-aimseoidh iniúchadh a dhéantar i gcomhréir leis na ISAnna míráiteas ábhartha i gcónaí. Féadfaidh míráitis eascairt as calaois nó botún agus meastar iad a bheith ábhartha más féidir a bheith ag súil go réasúnta go n-imreodh siad tionchar, go haonair nó go comhiomlán, ar chinntí eacnamaíocha a dhéanann úsáideoirí ar bhonn na ráiteas.

Mar chuid d’iniúchadh i gcomhréir leis na ISAnna, úsáidim breithiúnas gairmiúil agus sceipteachas gairmiúil ar feadh an iniúchta. Agus é sin á dhéanamh agam,

  • Déanaim rioscaí maidir le míráitis ábhartha sna ráitis airgeadais, cibé acu mar gheall ar chalaois nó ar bhotún, a shainaithint agus a mheas; déanaim nósanna imeachta iniúchóireachta a dhearadh agus a chur i bhfeidhm a fhreagraíonn do na rioscaí sin; agus faighim fianaise iniúchóireachta atá leordhóthanach agus iomchuí le mo thuairim a bhunú uirthi. Tá an riosca nach n-aimseofar míráiteas ábhartha mar thoradh ar chalaois níos airde ná an riosca maidir le ceann a eascraíonn as botún, mar go bhféadfadh sé go mbeadh claonpháirteachas, brionnú, easnaimh d’aon ghnó, mífhaisnéis, nó gabháil treise ar an rialú inmheánach i gceist leis.
  • Faighim tuiscint ar rialú inmheánach atá ábhartha don iniúchadh chun nósanna imeachta iniúchóireachta a dhearadh atá oiriúnach sna cúinsí, ach nach bhfuil oiriúnach chun tuairim a chur in iúl maidir le héifeachtacht na rialuithe inmheánacha.
  • Déanaim measúnú ar oiriúnacht na bpolasaithe cuntasaíochta a úsáideadh agus réasúntacht na meastachán cuntasaíochta agus an nochta gaolmhar.

Cuirim in iúl dóibh siúd atá freagrach as rialachas, i measc nithe eile, raon feidhme beartaithe agus uainiú an iniúchta agus tátail shuntasacha an iniúchta, lena n-áirítear aon easnaimh a aimsím le linn m’iniúchta i dtaca le rialachas inmheánach.

Eolas nach mbaineann leis na ráitis airgeadais

Ní chumhdaítear le mo thuairim faoi na ráitis airgeadais an t-eolas eile a chuirtear i láthair leis na ráitis sin, agus ní thugaim aon chineál tátail maidir le dearbhú ina leith.

I dtaca le m’iniúchadh ar na ráitis airgeadais, éilítear orm faoi na ISAnna an t-eolas eile a léamh a cuireadh i láthair agus, le linn dom é sin a dhéanamh, breathnú an bhfuil an t-eolas eile neamh-chomhréireach go hábhartha leis na ráitis airgeadais nó leis an eolas a fuarthas le linn an iniúchta, nó an cosúil ar shlí eile go bhfuil míráiteas ábhartha déanta ina leith. Más rud é go mbainim an tátal, bunaithe ar an obair atá déanta agam, go bhfuil míráiteas ábhartha ann i dtaca leis an eolas eile sin, éilítear orm é sin a thuairisciú.

Tuairisciú ar nithe eile

Déantar m’iniúchadh trí thagairt do na léirbhreithnithe speisialta a bhaineann le comhlachtaí Stáit maidir lena mbainistíocht agus lena bhfeidhmiú. Tuairiscím má tá nithe ábhartha ann a bhaineann leis an mbealach ina bhfuil gnó poiblí déanta.

Féachaim le fianaise a fháil ar rialtacht idirbhearta airgeadais le linn an iniúchta. Tuairiscím aon chás ábhartha nár cuireadh airgead poiblí i bhfeidhm chun na críocha dá raibh siad ceaptha nó nár chloí idirbhearta leis na húdaráis a rialaíonn iad.

Tuairiscím freisin trí eisceacht má, i mo thuairim,

  • mura bhfaighim an fhaisnéis agus na mínithe fo léir a theastaigh uaim chun m’iniúchadh a dhéanamh, nó
  • mura raibh na taifead cuntasaíochta dóthanach le iniúchadh na ráitis airgeadais a cheadú go fonmhar agus i gceart, nó
  • mura bhfuil na ráitis airgeadais ag teacht le na taifead cuntasaíochta.