Sracfhéachaint

Is comhlacht Stáit é GBCN a sholáthraíonn seirbhísí bainistíochta sócmhainní agus dliteanas don Rialtas. Is é cuspóir na Gníomhaireachta sócmhainní agus dliteanais phoiblí a bhainistiú ar bhonn tráchtála agus stuama. Feidhmíonn GBCN thar cúig aonad ghnó ar leithligh: Maoiniú agus Bainistiú Fiach, Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn, An Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta, RÉnua agus An Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát.

Funding and Debt Management

Tá GBCN freagrach as iasachtaí a fháil thar ceann an Rialtais agus an Fiachas Náisiúnta a bhainistiú d’fhonn a chinntiú go mbeidh dóthain leachtachta ann don Státchiste agus costais seirbhíse fiachais a optamú go meántéarmach.

EISIÚINT BANNAÍ

€17bn

eisithe ar an iomlán i bhfoirm bannaí i rith 2017. As sin, bhí €16.2bn i bhfoirm bannaí tagarmhairc agus an méid a bhí fágtha i socrúcháin phríobháideacha. Bhí na bannaí tagarmhairc a heisíodh ag meántoradh ualaithe de 0.89% agus meán-aibíocht ualaithe de 12.4 bliain.

AN CHÉAD BHANNA FLAITHIÚNAIS NASCTHA LE BOILSCIÚ IN ÉIRINN

€610m

a díoladh le socrúchán príobháideach, ag dul in aibíocht in 2040.

COSTAIS SEIRBHÍSE FIACHAIS AG TITIM

€6.1bn

ús a íocadh ar an bhFiachas Náisiúnta i gcomparáid le €6.7bn in 2016 – titim de bheagnach 10%.

Léigh Tuilleadh
Ireland Strategic Investment Fund (ISIF)

Rialaíonn agus bainistíonn GBCN an Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn (CISÉ) ar a bhfuil sainordú reachtúil chun infheistiú a dhéanamh ar bhonn tráchtála ar bhealach atá ceaptha chun tacú le gníomhaíocht eacnamaíoch agus fostaíocht sa Stát.

AG INFHEISTIÚ IN ÉIRINN

€667m

geallta i rith 2017, rud a thug an tiomantas CISÉ iomlán go €3.3bn.

COMHINFHEISTÍOCHT

€9.1bn

an t-iomlán a cuireadh i leataobh d’Éirinn lena n-áirítear comhinfheistíocht a rinne comhpháirtithe san earnáil phríobháideach – 2.7 huaire níos mó ná tiomantas CISÉ.

TORADH INFHEISTÍOCHTA AGUS TIONCHAR EACNAMAÍOCH

4.3%

toradh infheistíochta in 2017, agus caipiteal CISÉ ag tacú le breis is 1,800 cuideachta/tionscadal Éireannach agus, go díreach agus go hindíreach, le breis is 30,000 post.

Léigh Tuilleadh
National Development Finance Agency (NDFA)

Ag gníomhú mar An Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta (GAFN), tugann GBCN seirbhísí comhairle airgeadais, soláthair agus seachadta tionscadal d’údaráis Stáit maidir le tionscadail bhonneagair phoiblí.

CLÁR CPP

€1.5bn

luach iomlán caipitiúil measta raon tionscadal CPP oideachais, sláinte, dlí agus cirt agus tithíochta atá á seachadadh ag GAFN.

CPP I GCOMHAIR TITHÍOCHT SHÓISIALTA

534

aonad tithíochta atá le seachadadh i mBeart 1 CPP i gcomhair Tithíocht Shóisialta, a ndearnadh tairiscint orthu in 2017.

ATHMHAOINIÚ

€8m

i gcoigiltis don Stát ó athmhaoiniú rathúil thionscadal CPP Dramhaíl go Fuinneamh Bhaile Átha Cliath ag An Poll Beag.

Léigh Tuilleadh
NewERA

Trí RÉnua, soláthraíonn GBCN ionad tiomnaithe saineolais ar mhaoiniú corparáideach don Rialtas, ag tabhairt comhairle airgeadais d’Airí maidir lena gcuid scairshealbhóirí i mórchomhlachtaí tráchtála Stáit.

DÍBHINNÍ

€232m

i gcomhdhíbhinní a fuair an Státchiste ó chomhlachtaí laistigh de Phunann RÉnua in 2016/17.

COMHAIRLE – MAOINIÚ FIACH

€1.9bn

luach na n-iarratas a bhain le maoiniú fi ach a fuarthas ó chomhlachtaí laistigh den Phunann RÉnua ar ar thug sé anailís airgeadais agus moltaí in 2017.

COMHAIRLE – CAITEACHAS CAIPITIÚIL

€2.1bn

luach na n-iarratas ar chaiteachas caipitiúil a fuarthas ó chomhlachtaí laistigh den Phunann RÉnua ar ar thug sé anailís airgeadais agus moltaí in 2017.

Léigh Tuilleadh
State Claims Agency (SCA)

Ag gníomhú mar an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát (GÉS), bainistíonn GBCN éilimh a tugadh i gcoinne 146 údarás Stáit, lena n-áirítear an Stát féin. Soláthraíonn sé seirbhísí bainistíochta riosca freisin, ag cur comhairle agus ag cuidiú le húdaráis Stáit chun a nochtadh d’éilimh a íoslaghdú.

FIACHAS MEASTA LE HÍOC

€2.7bn

ó bhreis is 9,900 éileamh gníomhach a bhí á mbainistiú ag deireadh 2017.

ÉILIMH A BHAINISTIÚ

€303m

an costas a bhain le héilimh ghníomhacha leanúnacha a réiteach agus a bhainistiú in 2017 – coigilteas 23% i gcoinne an mheasúnaithe achtúirigh neamhspleáiche e €391m.

COSTAIS DLÍ A LAGHDÚ

€55.2m

an tsuim lenar socraíodh billí costais a fuarthas ó thríú páirtithe in 2017 – laghdú 48% ar an €106.9m ar a ndearnadh éileamh.

Léigh Tuilleadh