An Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát

Déanann an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát bainistiú ar éilimh in aghaidh an Stáit agus in aghaidh údaráis an Stáit agus cuireann sí seirbhísí bainistithe riosca ar fáil chun a nochtadh d'éilimh a íoslaghdú.

Punann Éileamh Casta agus Éagsúil a Bhainistiú

Costais Dlí a Laghdú

In 2017, shocraigh GÉS 440 bille costas a fuarthas ó thríú páirtithe ar €55.2m – laghdú 48% ar an €106.9m ar a ndearnadh éileamh.

Bainistíocht Riosca a Fheabhsú

I rith 2017, lean GÉS ag forchéimniú NIMS – córas aonair TFC chun tacú le bainistiú riosca ar fud a sheirbhíse poiblí, lena n-áirítear an earnáil chúram sláinte – ar fud údarás Stáit. Mhéadaigh an líon iomlán úsáideoirí gníomhacha go dtí thart ar 2,000 ó 800 ag deireadh 2016.

Tá GBCN ainmnithe mar an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát (GÉS) agus í ag bainistiú éileamh i gcoinne an Stáit agus údarás Stáit agus ag cur feidhmeanna bainistíochta riosca gaolmhara i gcrích d’fhonn costais dlíthíochta i gcoinne an Stáit sa todhchaí a laghdú.

Cumhdaítear díobháil phearsanta agus rioscaí damáiste do mhaoin tríú páirtí agus éilimh a bhaineann le 146 údarás Stáit lena n-áirítear an Stát féin, Airí Rialtais, an tArd-Aighne, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, an earnáil chúram sláinte dheonach, An Garda Síochána, Seirbhís Phríosúin na hÉireann, Óglaigh na hÉireann agus pobalscoileanna agus scoileanna cuimsitheacha. Déanann aonad Costas Dlí GÉS bainistiú ar chostais tríú páirtí a éiríonn as Binsí Fiosraithe áirithe agus éilimh ar chostais dlí ó pháirtithe a chuir imeachtaí dlí ar bun i gcoinne an Stáit maidir le díobháil phearsanta agus caingne eile a bhain le díobháil neamhphearsanta.

BAINISTIÚ ÉILEAMH AGUS DLÍTHÍOCHTA

Is é cuspóir GÉS maidir le héilimh a bhainistiú, ná cé go bhfeidhmíonn sé ar mhaithe le cáiníocóirí i gcúrsaí díobhála pearsanta agus dlíthíocht as damáiste do mhaoin, gníomhú go cothrom agus go heiticiúil ina cuid déileálacha le daoine a d’fhulaing díobhálacha agus/nó damáiste agus a ghlacann caingne dlí i gcoinne an Stáit nó comhlachtaí Stáit, agus a dteaghlaigh. I gcásanna ina mbaintear de thátal as in imscrúdú GÉS go bhfuil roinnt den dliteanas nó é ar fad ar an údarás Stáit iomchuí, féachann sé le héilimh a shocrú go tapa agus ar théarmaí cóir agus réasúnacha. Má mheasann sé, in éilimh aonair nó in aicmí éilimh, nach bhfuil an Stát faoi dhliteanas, is é polasaí GÉS na héilimh sin a chosaint.

Éilimh Ghníomhacha

Bhainistigh GÉS 9,956 éileamh gníomhach le dliteanas measta gan íoc de €2.7bn ag deireadh 2017.

Éilimh Ghníomhacha ag Deireadh 2017
Éilimh Dliteanas measta le híoc
€m
Cliniciúil 2,976 1,984
Ginearálta 6,980 679
Iomlán 9,956 2,662

B’ionann éilimh seirbhísí máithreachais agus €1.4bn nó 70% den dliteanas measta iomlán gan íoc d’éilimh chliniciúla ag deireadh 2017. Baineann an dliteanas measta ard a bhaineann le héilimh maidir le seirbhísí máithreachas go príomha leis an gcostas ard ar chásanna naíonán le gortú inchinne tubaisteach a réiteach.

Cuirtear Cinneadh na Cúirte Achomharc in Gill Russell v FSS san áireamh sa dliteanas iomlán measta gan íoc de €2.7bn. Mhaígh an Chúirt Achomhairc gur cheart go mbeadh 1% mar Fhíor-ráta Toraidh maidir le ríomh damáistí cúraim speisialta sa todhchaí. Mhaígh sí chomh maith gur cheart go mbeadh 1.5% mar Fhíor-ráta Toraidh maidir le gach caillteanas tairbhiúil. Ba é 3% an Fíor-ráta Toraidh a úsáideadh roimhe sin chun méid an dliteanais mheasa gan íoc a ríomh. Ag éirí as Cinneadh na Cúirte Achomharc, d’íoc GÉS íocaíochtaí chun teacht suas leis arbh ionann iad agus €25m i rith 2017. Rinneadh na híocaíochtaí sin maidir le cásanna díobhála millteacha, nár réitíodh go hiomlán, áit a raibh socrú comhaontaithe ar dtús ar bhonn cnapshuime nó trí bhíthin Ordú Íocaíochta eatramhaí ar feadh tréimhse sainithe ama ag Fíor-ráta Toraidh 3% roimh chinneadh na Cúirte Achomharc. B’éigean na cásanna sin a choigeartú, dá bhrí sin, le haghaidh an tionchair a bhí ag an ráta níos ísle de bharr tuilleadh cúitimh a íoc.

Miondealú de Dhliteanas Measta Gan Íoc ar Éilimh Ghníomhacha ag Deireadh 2017

D’fhéadfadh sé nach dtiocfadh na figiúirí leis an suimiú iomlán de bharr slánú.

Fuair GÉS 3,259 éileamh agus réitíodh 2,233 éileamh in 2017. Bhí méadú ar líon na n-éileamh nua ginearálta a fuarthas, á dtiomáint i bpáirt ag maisghníomhaíocht agus freisin ag leathnú ar saindualgas GÉS agus bainistiú éileamh a bhaineann le heagraíochtaí san earnáil mhíchumais dheonach á dtarmligean chuig GÉS. I gcodarsnacht leis sin, bhí líon na n-éileamh nua cliniciúil sách cobhsaí.

Éilimh Chliniciúla agus Ghinearálta a Fuarthas 2013-2017

Ba ionann an costas a bhain le héilimh ghníomhacha a réiteach agus a bhainistiú in 2017 ná €303.2m i gcomparáid le €251.5m in 2016. Léiríonn aschur 2017 coigilteas 23% i gcoinne an mheasúnaithe achtúirigh neamhspleách de €391.1m.

Éilimh Chliniciúla a Réiteach

Réitíonn GÉS formhór na n-éileamh trí shocrú a idirbheartú, go díreach le comhairleoirí dlí an ghearánaí nó trí phróiseas idirghabhála: Socraítear 98% de chásanna faillí cliniciúla arna láimhseáil ag GÉS gan gá le héisteachta cúirte conspóidte.

Athchóirithe Reachtúla maidir le hÉilimh Chliniciúla a Réiteach

Áiríodh leis an Acht um Rialáil Seirbhísí Dlí, 2015 trí fhoráil shuntasacha chun cuidiú le cásanna faillí cliniciúla a bhainistiú agus líon na gcásanna a théann chun trialach a laghdú. Ba iad seo:

  • Foráil i gcomhair cumhacht Aireachta chun rialacháin a dhéanamh i gcomhair Phrótacail Réamh-Chaingean chun cumarsáid thráthúil idir an gearánaí agus an cosantóir a éascú agus chun saincheisteanna i ndíospóid a shainaithint go luath agus chun socraíocht luath a spreagadh;
  • Foráil nach gcuimsítear le leithscéal ó liachleachtóir admháil dliteanais; agus
  • Méadaíodh Reacht na dTréimhsí chun éileamh cliniciúil a dhéanamh ó dhá go trí bliana ó dháta an teagmhais as a n-éiríonn an t-éileamh nó an dáta ar a mbítear ar an eolas faoi (más níos déanaí).

Táthar ag súil go dtabharfar na rialacháin i gcomhair na bPrótacal Réamh-Chaingne isteach le haghaidh cásanna faillí leighis in 2018. Seans go laghdóidh sé sin thar cuimse an tréimhse ó fhaightear agus a socraítear cásanna faillí leighis agus gheofar réidh freisin leis na gnéithe is nimhní den chóras Tort de réir mar atá feidhm leis i gcásanna faillí leighis.

Éilimh Chliniciúla a Réitíodh 2013-2017 de réir Thoradh na gCásanna

Tabharfaidh an tAcht um Dhliteanas Sibhialta (Leasú) 2017, ar a thosach feidhme, cumhacht do na cúirteanna, mar rogha eile ar dhámhachtainí damáistí i bhfoirm cnapshuime, Orduithe Íocaíochta Tréimhsiúla comhthoilíocha agus neamhchomhthoilíocha a dhéanamh mar chúiteamh ar íospartaigh a d’fhulaing díobháil i gcásanna díobhála millteacha i gcás ina mbeidh cúram fadtéarmach buan de dhíth. Beidh tábhacht mhór leis sin do theaghlaigh a bhfuil naíonáin agus daoine fásta acu a bhfuil díobháil mhillteach déanta dá n-inchinn agus ar tharla a gcuid díobhálacha mar thoradh ar theagmhas faillí chliniciúil. Ráthaítear le tabhairt isteach na nOrduithe Íocaíochta Tréimhsiúla go bhfaighidh íospartaigh a ghortaítear go millteach íocaíochtaí seasta bliantúla maidir le cúram agus áiseanna agus fearais rud a gheobhaidh réidh leis an imní a bheidh ar theaghlaigh faoin infheistíocht cnapshuime ar fhaitíos go rithfeadh sé amach roimh ionchas saoil measta an ghearánaí.

Costas na Néileamh a Réitíodh

Tháinig méadú 58% ar dhámhachtainí/socraíochtaí maidir le héilimh chliniciúla a réitíodh in 2017 i gcomparáid le 2016. Tharla sé sin go príomha i ngeall ar éifeachtaí na gcásanna mórdhíobhála a socraíodh roimhe sin le hOrduithe Íocaíochta eatramhaí a bhí á dtiontú go socraíochtaí cnapshuime. Nuair a fhágtar na tiontuithe sin ar lár, is é an méadú céatadáin bunúsach ná 23% i gcomparáid le 2016. Tá sé amhlaidh go príomha mar gheall ar an líon níos mó éileamh níos tromchúisí atáthar a shocrú, agus aird ag éifeacht aosaithe na punainne.

Tháinig méadú 4% ar dhámhachtainí/socraíochtaí maidir le héilimh ghinearálta in 2017 i gcomparáid le 2016.

Costas na nÉileamh a Réitíodh 2013-2017
Ball Foirne 2013
€000
2014
€000
2015
€000
2016
€000
2017
€000
Costas a bhain le Gach Éileamh a Réitíodh
Dámhachtainí/Socraíochtaí 35,979 44,622 45,493 54,494 86,222
Táillí Dlí – GÉS 9,506 8,845 9,222 8,740 15,076
Táillí Dlí – Gearánaí 15,427 13,803 15,985 17,653 26,825
Eile 1,248 1,176 1,624 1,708 2,784
Iomlán 62,161 68,446 72,324 82,594 130,908
Meánchostas in aghaidh an Éilimh a Réitíodh
Meán-Dámhachtainí/Socraíochtaí 103 93 93 83 130
Táillí Dlí – GÉS 27 19 19 13 23
Táillí Dlí – Gearánaí 44 29 33 27 41
Eile 4 2 3 3 4
Meán Foriomlán 177 143 148 126 198
Éilimh Ghinearálta 2013
€000
2014
€000
2015
€000
2016
€000
2017
€000
Costas a bhain le Gach Éileamh a Réitíodh
Dámhachtainí/Socraíochtaí 11,249 16,161 17,195 23,657 24,715
Táillí Dlí – GÉS 2,943 3,170 3,674 4,505 4,602
Táillí Dlí – Gearánaí 4,310 5,742 6,276 8,478 9,021
Eile 827 881 1,017 1,233 1,312
Iomlán 19,329 25,955 28,162 37,873 39,651
Meánchostas in aghaidh an Éilimh a Réitíodh
Meán-Dámhachtainí/Socraíochtaí 8 11 13 15 16
Táillí Dlí – GÉS 2 2 3 3 3
Táillí Dlí – Gearánaí 3 4 5 5 6
Eile 1 1 1 1 1
Meán Foriomlán 13 18 21 23 25

Maisghníomhaíochtaí

Tá an GÉS ag bainistiú roinnt maisghníomhaíochtaí difriúla i gcoinne an Stáit. Déantar gach maisghníomhaíocht a bhainistiú trí thagairt do straitéis dlíthiúil shonrach, agus ag déileáil go cothrom agus go heiticiúil ag an am céanna le daoine a d’fhulaing gortuithe agus/nó díobháil agus a dteaghlaigh.

Éilimh ar Mhaisghníomhaíochtaí atá Gníomhach
Maisghníomhaíocht Gníomhach
Deireadh-2017
Fuarthas
in 2017
Cuireadh i
gcrích 2017

Sláintíocht i gcillíní
Tógann príosúnaigh (reatha agus iarphríosúnaigh) cásanna i gcoinne Sheirbhís Phríosúin na hÉireann ag déanamh líomhaintí, inter alia, gur sáraíodh a gcearta bunreachtúla i ngeall ar easpa sláintíochta ina gcuid cillíní.


1,635

364

1

Mí-Úsáid i Scoileanna Lae
Seo cásanna a thóg daoine a líomhnaíonn go ndearna daoine mí-úsáid fhisiceach agus/nó ghnéasach orthu fad is a bhí siad ar scoil. Tionscnaíodh formhór na gcásanna tar éis Bhreithiúnas ECHR in Louise O’Keeffe v Éire.


146

9

29

Éilimh Mí-Úsáide i gcoinne Shine
Seo cásanna a thóg daoine a líomhnaíonn go ndearna an t-iar-mháinlia comhairleach, Michael Shine, ionsaí gnéasach orthu, fad is a bhí siad mar othair in Ospidéal Mhuire, Droichead Átha agus/nó ag freastal air ina chlinic príobháideach.


92

90

0

Pandemrix/Narcailéipse
Seo cásanna a thóg gearánaithe naíonán den chuid is mó ag líomhain gur fhorbair siad narcailéipse agus cataipléis tar éis dóibh vacsaín a fháil i gcoinne víreas an fhliú H1N1.


70

18

0

Eitinn Príosún-Bhunaithe
These are cases taken by current and former prisoners and prison officers alleging testing positive for and/or contracting TB.


63

5

23

Lariam
Seo cásanna a thóg iarbhaill agus baill reatha de Óglaigh na hÉireann, ag líomhain gur fhulaing siad ó ghéar-shiomptóim de chineál síocóise, tar éis dóibh Lariam a análú, druga próifiolacsach frith-mhaláireach a ordaíodh dóibh fad is a bhí siad ar dualgas san Afraic fho-Shahárach.


47

7

4

Simfiseatóime
Seo cásanna a thóg mná a raibh gnás máinliachta, cnáimhseach acu chun a bpeilbheas a leathnú.


35

0

95

Tailídimíd
Seo cásanna a thóg daoine a rugadh faoi mhíchumas fisiceach a raibh an t-ullmhúchán Tailídimíd tógtha ag a gcuid máithreacha nuair a bhí siad á n-iompar.


34

0

0

Ionchlannáin Ortaipéideacha Miotal ar Mhiotal
Seo cásanna a thóg daoine a líomhnaíonn go ndearnadh díobháil phearsanta dóibh nuair a fuair siad ionchlannáin chromáin le linn obráide.


22

6

14

CÁS TOSAÍOCHTA GÉS 2017

ISABELLE SHEEHAN, MIONAOISEACH V DAVID CORR

Thug an Chúirt Uachtarach rialú cinniúnach an 15 Meitheamh 2017 ina soiléiríodh dlínse agus modheolaíocht Mháistir Fómhais na hArd-Chúirte sa mheasúnú ar tháillí aturnaetha agus abhcóidí. Bhain an cás le hathbhreithniú ar chinneadh na Máistrí Fómhais táillí orduithe ginearálta an aturnae a laghdú go dtí €276,000 (síos ó €475,000 a gearradh) i gcás mórdhíobhálacha lenar sholáthair an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát slánaíocht maidir leis na costais a tabhaíodh. Dheimhnigh Uachtarán na hArd-Chúirte na laghduithe substaintiúla a baineadh amach ar chánachas an Mháistir Fómhais ar chostais trí ordú an 6 Márta 2015.

Níor aontaigh an Chúirt Achomharc leis sin agus d’ordaigh sé nós imeachta nua cánachais ina mbogfaí i dtreo anailíse costála ama mar bhunchloch. Deonaíodh saoirse achomhairc chun na Cúirte Uachtaraí agus thacaigh Dlí-Chumann na hÉireann agus Comhairle Barra na hÉireann le hAchomharc na gCosantóirí a tugadh le chéile mar amici curiae chun críche an achomhairc. Thug an Chúirt Uachtarach breithiúnas cuimsitheach a dhíchuir ordú na Cúirte Achomharc agus ag maíomh, inter alia, mar thairiscint ghinearálta, nár chóir an méid ama a chaithfí ar chas go hiarbhír a ardú thar chritéir ábhartha eile arna bhforáil i Rialacha na nUaschúirteanna. Tugadh ar aird nach ndearnadh an oiread stocaireachta mionsonraithe agus chomh fada riamh cheana ar an bpróiseas cánachais costas. D’íoc an Chúirt Uachtarach ar ais costais an aturnae i gcomhair cánachais bhreise agus thug sí soiléir agus treoir thábhachtach maidir leis an bpróiseas a chuirfí i bhfeidhm chun dianscrúdú agus measúnú ceart a dhéanamh ar tháillí gairmiúla aturnaetha.

AONAD UM CHOSTAIS DLÍ

Bunaíodh Aonad um Chostais Dlí (ACD) laistigh de GÉS in 2013 chun déileáil le costais tríú páirtí a eascraíonn ó Bhinsí Fiosrúcháin áirithe (Binsí Fiosrúcháin Mahon, Moriarty, Morris agus Smithwick). In 2015 leathnaigh an Rialtas freagrachtaí ACD ionas go mbeadh sé ag bainistiú as seo amach na héilimh ar fad ar chostais dlí in aghaidh an Stáit.

Déantar scrúdú cúramach ar leibhéal na gcostas dlí a íoctar le hionadaithe dlí na ngearánaithe agus, nuair is féidir é, déanann GÉS iarracht an laghdú is mó agus is féidir a bhaint amach ar chostais dlí trí idirbheartaíocht. Mura n-éiríonn le GÉS leibhéal na gcostas dlí a íocfar le hionadaithe dlí na ngearánaithe a aontú, is é an Máistir Fómhais a dhéanfaidh an cinneadh sin.

In 2017, shocraigh GÉS 440 bille i gcomhair costas. Ba é €106.9m an méid iomlán a héilíodh. Socraíodh na billí sin ar €55.2m – laghdú 48% ar an méid a héilíodh. Comhaontaíodh na héilimh seo go léir gan an gá le cáin, ag seachaint mar sin moill i socraíochtaí agus muirir dhleachta stampála ag 8% den dámhachtain faoi cháin.

Éilimh ar Chostais Dlí a Socraíodh in 2017
Líon na nÉileamh
ar Chostais a
Idirbheartaíodh
An Méid
arna Éileamh
€m
Éilimh ar Chostais
a Comhaontaíod
€m
Coigilteas i
gCostais Dlí
%
GÉS Cliniciúil 156 37.2 21.9 41
GÉS Ginearálta 110 6.2 4.2 33
Binse Fiosraithe Mahon 40 28.7 10.9 62
Binse Fiosraithe Moriarty 9 11.8 5.7 52
Binse Fiosraithe Morris 2 1.2 0.6 53
Arna tharchur ag Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit 123 21.7 12.0 45
Iomlán 440 106.9 55.2 48
D’fhéadfadh sé nach dtiocfadh na figiúirí leis an suimiú iomlán de bharr slánú.

BAINISTÍOCHT RIOSCA

Is é cuspóir bainistíochta riosca GÉS cláir oibre riosca dírithe ar dhíobháil phearsanta agus ar dhamáiste réadmhaoine a chur i bhfeidhm chun riosca dlíthíochta a mhaolú, in údaráis Stáit agus i bhfiontair chúraim sláinte, d’fhonn costais dlíthíochta in aghaidh an Stáit amach anseo a laghdú. Is mór an “chruinne riosca” a dhéanann an Stát a shlánú agus a ndéanann GÉS bainistiú uirthi. Mar shampla, cuimsíonn sé breis agus 200,000 fostaí de chuid an Stáit agus úsáideoirí uile na seirbhísí cúram sláinte poiblí (déanann cúram sláinte poiblí teagmháil leis an bpobal thart ar seacht milliún uair in aghaidh na bliana). Cuimsíonn sé freisin seirbhísí poiblí lena ngabhann gníomhaíochtaí riosca níos airde de bharr a gcineáil, amhail cúram cliniciúil a sholáthar in ospidéil, pearsanra Óglaigh na hÉireann atá ar oibríochtaí thar lear, baill den Gharda Síochána atá ar dhualgas oibríochtúil, cigireachtaí custaim, seirbhísí práinnfhreagartha agus coimeád príosúnach.

Díríonn clár GÉS um bainistíocht riosca chliniciúil ar chomhoibriú le bainisteoirí riosca agus le pearsanra eile i bhfiontair chúram sláinte chun tacú le sábháilteacht othar. Díríonn an clár bainistíochta riosca ar chomhairle agus tacaíocht a chur ar fáil d’údaráis Stáit agus d’fhiontair chúraim sláinte maidir le struchtúir bainistíochta riosca, cothabháil foirgneamh, sábháilteacht dóiteáin, sláinte agus sábháilteacht agus bainistíocht comhshaoil.

Riosca Cliniciúil

Lean an tAonad Riosca Chliniciúil ag tabhairt tacaíochta agus ag déanamh monatóireacht ar fhiontair chúram sláinte i rith 2017, ag rianú teagmhas cliniciúil agus ag tabhairt tacaíochta do fhoirne bainistíochta riosca chliniciúil, lena n-áirítear cuairteanna rialta ar an láithreán.

I measc gníomhaíochtaí bainistíochta riosca chliniciúil in 2017 bhí an méid seo a leanas:

  • Foilsiú National Clinical Incidents, Claims and Costs Report: lessons learned, a fi ve year review: 2010-2014 (Tuarascáil ar Theagmhais Chliniciúla Náisiúnta, Éilimh agus Costais: ceachtanna a foghlaimíodh, athbhreithniú cúig bliana. Leis sin tugadh anailís ar theagmhais thromchúiseacha, ar éilimh chliniciúla agus costais ghaolmhara thar thréimhse cúig bliana;
  • Foilsiú Review of Medication Incidents Reported in Irish Hospitals, bunaithe ar athbhreithniú a rinneadh in 2016; agus foilsiú Fógra Sábháilteachta Othar d’fhiontair chúram sláinte ag aibhsiú na saincheisteanna criticiúla a sainaithníodh sa tuarascáil;
  • Óstáil Dhara Chomhdháil Náisiúnta Bhliantúil Cáilíochta, Sábháilteachta Othar agus Riosca Cliniciúil i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ag a raibh cainteoirí as Éirinn agus cainteoirí idirnáisiúnta i láthair; agus
  • Cláir bainistíochta riosca cliniciúla leanúnacha lena n-áirítear Nochtadh Oscailte (agus dá bharr seo cuireadh 20,000 foireann chúram sláinte faoi oiliúint, 400 oiliúnóir, agus seachadadh 4,300 ceardlann) agus an Clár Affi nity um Chosc ar Thitim agus Cnámhshláinte. Seachadtar an dá chlár seo i gcomhar le FSS.

Riosca Fiontair

Gach bliain ceapann GÉS clár oibre bainistíochta riosca le cabhrú le húdaráis Stáit le forbairt agus cur i bhfeidhm beartas agus nósanna imeachta maidir le bainistíocht riosca. I measc gníomhaíochtaí suntasacha i leith bainistiú riosca fiontair in 2017 bhí an méid seo a leanas:

  • Clár cuimsitheach iniúchtaí agus tuarascálacha iniúchóireachta. Cé go ndeachthas i ngleic leis na mórúdaráis Stáit go léir sna hiniúchtaí, díríodh go háirithe ar na hearnálacha cúram sláinte agus oideachais. I dteannta na dtuarascálacha ar leibhéal fi ontair, tiomsaíodh ‘príomhcheachtanna náisiúnta’ agus cuireadh ar fáil iad do na hearnálacha go léir a ndearnadh iniúchadh orthu;
  • I mí Márta 2017, seoladh an creat um Theagmhas Criticiúil Dearfach Oibre (WorkPositiveCI) arna fhorbairt ag GÉS i gcomhar leis an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta (ÚSS) agus Bainistíocht ar an Strus a leanann Teagmhais Chriticiúla (CISM) Líonra Éireann. Is uirlis iniúchta struis é WorkPositiveCI chun cuidiú le heagraíochtaí chun freastal ar riachtanais mheasúnú riosca ÚSS le haghaidh riachtanais i dtaca le guaiseacha síceasóisialta a éiríonn ó strus a bhaineann leis an obair. Mar aitheantas ar nuálaíocht an chreata, tugadh cuireadh do GÉS páipéar a chur i láthair ar WorkPositiveCI ag 14ú Comhdháil Dhomhanda an Fhorais Idirnáisiúnta ar Theagmhais Chriticiúla ar Strus, Tráma agus Cóipeáil. Ó seoladh é, chláraigh os cionn 700 comhlacht ar shuíomh gréasáin WorkPositiveCI; agus
  • Bhí an chéad searmanas Gradam d’Aitheantas Riosca Fiontair GÉS do chomhaltaí an Líonra Údaráis Stáit ar siúl in 2017. Tugadh aitheantas sna gradaim don obair a dhéanann comhlachtaí Stáit i réimse na bainistíochta riosca fi ontair agus moladh an próiseas leanúnach de fheabhas agus dul chun cinn leanúnach i mbainistiú riosca ar fud na hearnála Stáit.

Sheol GÉS an Córas Náisiúnta Bainistíochta Teagmhas (NIMS), an comharba ar an gcóras STARSWeb a bhí ann roimhe sin, i Meitheamh 2014. Is córas gréasán-bhunaithe an-slán, agus rúnda é an Córas seo. Is uirlis bainistíochta riosca ceann go ceann é a thugann deis do fhiontair teagmhais a bhainistiú ar feadh thimthriall na dteagmhas ar fad. Áirítear leis sin:

  • Teagmhais a thuairisciú (lena n-áirítear Imeachtaí Tromchúiseacha Intuairiscithe);
  • Imscrúduithe a bhainistiú;
  • Conclúidí imscrúduithe a thaifeadadh;
  • Moltaí a thaifeadadh;
  • Moltaí maidir le clabhsúr a rianú; agus
  • Anailís ar shonraí teagmhas, imscrúdaithe agus moltaí agus feidhmiúlacht eile.

Tugann NIMS anailís chasta ar shonraí teagmhas tromchúiseach do bhainisteoirí riosca na n-údarás Stáit agus do shaineolaithe riosca GÉS féin chun treochtaí, teophointí agus ceachtanna foghlamtha a shainaithint, rud lena gcumasófar freagraí bainistíochta riosca agus maolaithe a chinnteoidh sábháilteacht úsáideoirí seirbhíse, othar agus fostaithe Stáit agus a laghdóidh sa deireadh thiar costas na n-éileamh i gcoinne an Stáit sa todhchaí.

In 2017, lean GÉS ag forchéimniú NIMS in údaráis Stáit. I rith 2017, taifeadadh 173,000 teagmhas, ag léiriú méadú 8% ar an mbliain roimhe sin tráth ar mhéadaigh líon iomlán na n-úsáideoirí gníomhacha go dtí thart ar 2,000 ó 800 ag deireadh 2016. Forbraíodh céad tuarascáil lárnach faisnéise ón mbainistíocht le haghaidh údarás Stáit le riosca níos airde agus cuireadh feabhas suntasach ar NIMS féin.

In 2017, chuir GÉS Straitéis Iarchúraim NIMS ar fáil, agus é mar chuspóir tuairisciú teagmhas a mhéadú agus na buntáistí eile atá le tairiscint ag NIMS a aibhsiú. Ina measc bhí:

  • Féinseirbhís nua ‘Tuairisciú ar Chliceáil Cnaipe’;
  • Forbairt ar mhodúil ríomhfhoghlama NIMS;
  • Tuarascálacha ráithiúla saincheaptha le haghaidh gach Údarás Stáit lena n-áirítear KPIanna ar fheidhmíocht tuairiscithe;
  • Fócas sonrach ar thuairisciú teagmhas i rith iniúchtaí lena n-áirítear, más gá, oiliúint duine le duine le húsáideoirí NIMS; agus
  • Feabhsuithe ar mhodhanna tuairiscithe agus an córas NIMS.

Mar fhreagra ar iarratais úsáideoirí, leanann GÉS ag saibhriú na feidhmiúlachta atá ar fáil ar an gcóras lena n-áirítear athbhreithniú nua ar theagmhais agus scáileáin imscrúdaithe agus tuairisciú leictreonach ar an bpointe tarlaithe. Chuir GÉS tús freisin le mórthionscadal chun an córas a chuirfear i gcrích i lár 2018 a uasghrádú. Cuirfi dh sé sin buntáistí suntasacha ar fáil ó thaobh na cibearshlándála agus feidhmiúlacht fheabhsaithe don chéad ghlúin eile.