An Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta

Cuireann an GAFN seirbhísí comhairliúcháin airgeadais, soláthair agus tionscadail a chur i gcrích do údaráis Stáit ar thionscadal bonneagar poiblí.

CPPanna a Sheachadadh

€1.5bn

LUACH CAIPITIÚIL

Tá GAFN, i gcomhpháirt lena cliaint-Ranna agus gníomhaireachtaí ag tacú le tionscadail CPP oideachais, sláinte, ceartais agus tithíochta a sheachadadh, a bhfuil luach caipitiúil iomlán €1.5bn ag gabháil leo.

Ionaid Chúraim Phríomhúil
Tithe Cúirte
Tithíocht Shóisialta

Ag Soláthar Comhairle Airgeadais

€5.5bn

LUACH CAIPITIÚIL

Tá GAFN ag soláthar comhairle airgeadais ar thionscadail bonneagair, lena n-áirítear CPPanna, agus luach measta caipitiúil iomlán de €5.5bn.

NDFA Savings to the State
NDFA Housing
NDFA Gort to Tuam

Tá GBCN ainmnithe mar an Ghníomhaireacht Airgeadais d'Fhorbairt Náisiúnta (GAFN) le linn dó comhairle airgeadais a chur ar fáil d’údaráis Stáit a thugann faoi mhórthionscadail infheistíochta poiblí lena ngabhann luach caipitiúil de bhreis is €20m agus le tionscadail Comhpháirtíochta Poiblí Príobháidí (CPP) a sholáthar agus a sheachadadh in earnálacha lasmuigh d’iompar agus na húdaráis áitiúla.

TIONSCADAIL CPP A SHEACHADADH

Ba phríomhfhócas de ghníomhaíocht GAFN in 2017 tionscadail CPP cheadaithe a sholáthar agus a sheachadadh. Tá GAFN, i gcomhpháirt lena cliaint-Ranna agus gníomhaireachtaí freagrach as tionscadail CPP oideachais, sláinte, ceartais agus tithíochta a sheachadadh, a bhfuil luach caipitiúil iomlán €1.5bn ag gabháil leo. Feidhmíonn GAFN mar chomhairleoir airgeadais thar an gclár CPP iomlán.

Maidir le CPPanna a bhfuil freagracht ar GAFN iad a sheachadadh, bhí ceithre cinn ag céim na tógála nó gar de agus ceann ar céim an mhargaidh ag deireadh 2017. Cuireadh ceithre cinn den 14 ionad cúram sláinte faoi na hIonaid Chúraim Phríomhúil CPP i gcrích i rith 2017 agus táthar ag súil go gcuirfear an chuid eile i gcrích i lár na bliana 2018. I CPP na gCúirteanna, inar forbraíodh tithe cúirte nua agus inar athchóiríodh agus síneadh tithe cúirte atá ann cheana i seacht suíomh, cuireadh trí shuíomh i gcrích in 2017 agus táthar ag súil go gcuirfear an chuid eile i gcrích faoi R3 2018.

Cuireadh moill ar thógáil Chnuasach 5 de CPP Scoileanna, ag soláthar 4,870 áit do mhic léinn thar ceithre shuíomh, tar éis leachtú Carillion plc i mí Eanáir 2018. Tá an Chuideachta CPP agus maoinitheoirí an tionscadail ag obair trí phlean ceartúcháin i láthair na huaire chun an tionscadal a chur i gcrích chomh luath agus is féidir é.

Cuireadh tús in athuair leis an obair ar Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath i nGráinseach Ghormáin i rith 2017, i ndiaidh an bhreithiúnais i bhfabhar an Aire Oideachais agus Scileanna agus GBCN i mí Dheireadh Fómhair 2016 i gcás a thóg tairgeoir nár éirigh leis. Sroicheadh clabhsúr airgeadais i mí Márta 2018, agus tá sé i gceist an tionscadal a chur i mbun feidhme in 2020.

Cuireadh tús leis an gcomórtas tairisceana le haghaidh Chnuas 1 CPP i gcomhair Tithíocht Shóisialta, chun 534 aonad tithíochta a thógáil i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath, i R4 2017 agus tá obair ag leanúint ar aghaidh chun Cnuasaigh 2 agus 3 a ullmhú le cur ar an margadh. Samhlaítear leis an gclár iomlán go mbeidh 1,500 aonad tithíochta ar fud na tíre.

Lean an GAFN ag cur comhairle ar Bhonneagar Iompair Éireann maidir lena chlár CPP do bhóithre. Osclaíodh scéim CPP ón nGort go Tuaim (N17/N18), an ceann is mó sa chlár bóithre reatha CPP, i mí Mheán Fómhair 2017. Bhí siad chun tosaigh ar an sceideal.

Thug GAFN comhairle freisin do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath maidir le tionscadal CPP Dramhaíl go Fuinneamh ag an bPoll Beag, Baile Átha Cliath, a thosaigh ag obair i rith 2017. Athmhaoiníodh an tionscadal go rathúil freisin in 2017, ag cur os cionn €8m i gcoigilteas ar fáil don Stát.

I dtéarmaí tionscadal nua, d’oibrigh GAFN i ndlúthchomhar leis an tSeirbhís Chúirteanna, le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus leis an Roinn Oideachais agus Scileanna chun an chéad tráinse eile tionscadal a fhorbairt ina n-áirítear an chúirt Uachtarach agus cúirteanna dlí teaghlaigh, aonaid altranais pobail, agus institiúidí tríú leibhéal.

Suíomhanna Thionscadail GAFN

NDFA Project Locations Chart

DUL CHUN CINN AR THIONSCADAIL CPP GAFN AG DEIR 2017

Tionscadal Cur Síos Stádas
Tionscadail á Soláthar ag GAFN
Ionaid Cúraim Phríomhúil CPP Icon Ionaid Cúraim Phríomhúil CPP 14 ionad cúraim phríomhúil a fhorbairt ar fud na tíre, deartha chun seirbhísí cúraim sláinte agus sóisialta a sholáthar i bpobail áitiúla. Thosaigh ceithre shaoráid i mbun oibre in 2017 (Mainistir na Búille, Baile an Róba, Tuaim agus Cathair Luimnigh). Tá an chuid eile seo ceaptha a bheith críochnaithe i lár 2018.
Cnuasaigh Chúirte CPP Icon Cnuasaigh Chúirte CPP Forbairt tithe cúirte nua i nDroichead Átha, Leitir Ceanainn, Luimneach agus i Loch Garman agus freisin an t-athchóiriú agus na hoibreacha sínte ar thithe cúirte reatha i gCorcaigh, an Muileann gCearr agus i bPort Láirge. Thosaigh trí theacht cúirte i mbun oibre in 2017 (Droichead Átha, Leitir Ceanainn agus Loch Garman). Tá na ceithre cinn eile le cur i gcrích faoi R3 2018.
Cnuas 5 CPP Scoileanna Icon Cnuas 5 CPP Scoileanna Cúig scoil agus Institiúid Breisoideachais amháin ag soláthar 4,870 áit i gCeatharlach, an Mhí, Cill Mhantáin agus Loch Garman. Cuireadh moill ar a gcur i gcrích tar éis leachtú bhall den Chuideachta CPP (Carillion plc) i mí Eanáir 2018. Tá an Chuideachta CPP agus maoinitheoirí an tionscadail ag obair trí phlean ceartúcháin i láthair na huaire chun an tionscadal a chur i gcrích chomh luath agus is féidir é.
CPP Champas DIT ag Gráinseach Ghormáin Icon CPP Champas DIT ag Gráinseach Ghormáin Forbraíodh dhá fhoirgneamh chearnóige ag Campas nua DIT i nGráinseach Ghormáin, ag soláthar 10,000 áit staidéir in ealaíon fheidhmeach, eolaíochtaí agus innealtóireacht. Bronnadh an conradh agus cuireadh clabhsúr airgeadais i gcrích i mí Márta 2018. Tar éis tréimhse tógála dhá bhliain, táthar ag súil go mbeidh na foirgnimh i mbun oibre in 2020.
Tithíocht Shóisialta CPP Icon Tithíocht Shóisialta CPP Forbairt 1,500 aonad tithíochta sóisialta i dtrí chnuas. Cuireadh tús le comórtas tairisceana do Chnuas 1 in 2017 agus sroichfidh Cnuas 2 an margadh go luath in 2018.
Tionscadail inarb é GAFN an Comhairleoir Airgeadais
Mótarbhealach Limistéir Seirbhíse Icon Mótarbhealach Limistéir Seirbhíse Dearadh, tógáil, oibriú agus cothabháil dhá limistéar seirbhíse lonnaithe ar mótarbhealach M6 soir ó Bhaile Átha Luain agus ar mótarbhealach M9 ó dheas de Chill Chuillinn mar aon le feistiú, oibriú agus cothabháil tríú limistéar seirbhíse ar mótarbhealach M11 ó thuaidh de Ghuaire. Ag súil go sroichfidh sé clabhsúr airgeadais in 2018.
CPP N17/N18 Icon CPP N17/N18 Dearadh, tógáil, oibriú agus cothabháil 57km de stráice nua mótarbhealaigh i nGaillimh. Osclaíodh an scéim bóthair críochnaithe go hoifigiúil i mí Mheán Fómhair 2017.
CPP M11 (Guaire go hInis Córthaidh) Icon CPP M11 (Guaire go hInis Córthaidh) Dearadh, tógáil, oibriú agus cothabháil 38km de stráice nua mótarbhealaigh i Loch Garman. Tá an tógáil ar siúl, sceidealaithe lena críochnú in 2019.
CPP N25 Icon CPP N25 Dearadh, tógáil, oibriú agus cothabháil sheachbhóthar Ros Mhic Thriúin. Tá an tógáil ar siúl, sceidealaithe lena críochnú in 2019.
CPP Athnuachan Tithíochta Shráid Charlemont Icon CPP Athnuachan Tithíochta Shráid Charlemont Tionscadal CPP na malairte talún lena mbaineann soláthar 79 aonad tithíochta sóisialta agus áiseanna pobail i mBaile Átha Cliath. Tá an tógáil ar siúl, sceidealaithe lena críochnú in 2018.
CPP Dramhaíola ina Fhuinneamh Icon CPP Dramhaíola ina Fhuinneamh Dearadh, tógáil, oibriú agus cothabháil monarcha 600,000. Thosaigh an tionscadal i mbun oibre in 2017 agus athmhaoiníodh é i mí na Nollag 2017.

SOLÁTHAR COMHAIRLE AIRGEADAIS

Faoina sainordú reachtúil, cuireann GAFN comhairle airgeadais ar fáil d’údaráis Stáit atá ag tabhairt faoi mhórthionscadail infheistíochta poiblí. I rith 2017, thug an GAFN comhairle maidir le roinnt tionscadal tithíochta lena n-áirítear scéimeanna tithíochta sóisialta ar léas agus morgáiste ar cíos. Thug sé seirbhísí comhairleoireachta airgeadais freisin d’údaráis áitiúla maidir le húsáid a gcúlsoláthar talún chun dlús a chur faoi thithíocht shóisialta, inacmhainne agus phríobháideacht ag teacht le beartas an Rialtais.

I measc na dtionscadal eile ar ar thug an GAFN comhairle airgeadais in 2017 bhí an tSaotharlann Fóiréinseolaíochta, Seirbhísí Líonra Raidió Dhigitigh Bainistithe Slán, Ospidéal Seirbhísí Meabhairshláinte Fóiréinsí Náisiúnta agus Aonad Oinceolaíochta Radaíochta Chorcaí.

D’oibrigh GAFN freisin leis an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) ar sholáthar iasachta dírí €490m don Státchiste a tugadh chun críche i mí na Nollag 2017 le haghaidh thionscadal nua Ospidéal na Leanaí. Léiríonn sé sin an infheistíocht airgeadais is mó riamh ag BEI in Éirinn agus an infheistíocht cúram sláinte aonair is mó riamh i stair an Bhainc.

SEIRBHÍSÍ BAINISTÍOCHTA CONARTHA

Ar iarratas ón Roinn Oideachais agus Scileanna, ghlac GAFN freagracht as bainistíocht conartha gach scoile oibríochtúla CPP. Ag deireadh 2017 bhí GAFN ag bainistiú na gconarthaí le haghaidh cúig thionscadal scoile ag cumhdach 27 scoil. Ag obair faoi Chomhaontú Seirbhíse, baineann an tacaíocht a thugtar le monatóireacht ar na comhlachtaí bainteacha CPP i bhfeidhmiú a n-oibleagáidí faoin gconradh CPP, ag cinntiú go ngabhtar an luach fadtéarmach sna conarthaí seo. Soláthraíonn GAFN seirbhísí bainistíochta conartha freisin don Ionad Comhdhála, Baile Átha Cliath.