3. (Caillteanais)/Ioncam Infheistíochta

2017
€000
2016
€000
Ús Ioncaim Glan 12,765 24,966
Caillteanas ar Infheistíochtaí (15,043) (7,791)
(2,278) 17,175

Leis an lagdú ar Ghlanioncam Úis léirítear sealúchais infheistíochtaí laghdaithe, agus torthaí níos ísle/diúltacha i réim ar bhannaí agus ar airgead tirim atá á sealbhú. Idirbheartaítear comhaontuithe díolacháin agus athcheannaigh idir an Ciste agus príomhdhéileálaithe sa mhargadh bannaí. Is faoi Ghlanioncam Úis a léirítear an t-ioncam nó an costas úis a eascraíonn as na hidirbhearta sin.

Nuair a chuirtear an méadú ar chaillteanas na n-infheistíochtaí in 2017 i gcomparáid le 2016, léirítear laghdú ar bhannaí le haibíochtaí gearra. Coinníodh na bannaí sin ag a gcostas bunaidh mar go n-áiríonn an Ciste a chuid gabháltas bannaí ar bhonn costais stairiúil agus ní aithníonn sé gnóthachain/caillteanais neamhréadaithe. Cé nach n-aithnítear gnóthachain/caillteanais neamhréadaithe ar an gCiste, déantar monatóireacht ar bhonn leanúnach ar fheidhmíocht an Chiste ar bhonn aischuir iomláin (i.e. lena n-áirítear gnóthachain/caillteanais neamhréadaithe).

< NÓTA 2

NÓTA 4 >