4. Aistrithe chuig an gCuntas Cúlchiste

Faoi alt 17 (4) den Acht um Chuntais Dhíomhaoine, 2001, arna leasú, íocann Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta suim leis an gCuntas Cúlchiste, ó am go ham - suim a shocraíonn an Ghníomhaireacht í - le ceadú ón Aire Forbatha Tuaithe agus Pobail agus le toiliú ón Aire Airgeadais, chun aisíocaíochtaí a dhéanamh ón gCiste agus chun táillí agus speansais éagsúla a ghlanadh. Déanann an Ghníomhaireacht aistriú go tréimhsiúil chun iarmhéid sa Chuntas Chúlchiste a choinneáil ag 15 faoin gcéad, mar atá ceadaithe faoi láthair, de na cistí iomlána díomhaoine a fuair Ciste na gCuntas Díomhaoin agus nár athéilíodh go fóill. Féadfaidh an t-iarmhéid sa chuntas Cúlchiste imeacht ó 15 faoin gcéad san idirthréimhse idir na dátaí athchothromaithe tréimhsiúl.

< NÓTA 3

NÓTA 5 >