2. Bonn ullmhúchán

Baineann ráitis airgeadais GÉS le bainistiú a dhéanamh ar éilimh thar ceann Údaráis Stáit Tharmligthe a bhíonn faoi dhliteanas i leith éileamh agus óna bhfaigheann GÉS suimeanna aon dámhachtainí agus aon chostas gaolmhar. Tuairiscítear sna ráitis airgeadais na gníomhaíochtaí éileamh agus na hidirbhearta a phróiseáiltear tríd an GÉS sa bhliain agus, dá bhrí sin, ní thugtar aon suim i gcomhair luach na n-éileamh gan íoc. Níl measanú éileamh tabhaithe ach nár tuairisciú san áireamh sna ráitis airgeadis.

Úsáidtear bonn airgid na cuntasaíochta lena aithint go bhfuiltear tar éis idirbhearta a choigeartú le haghaidh fabhruithe maidir le costais soláthraithe seirbhíse conraithe tríú páirtí agus an gnóthú costas bainteach ón Údarás Stáit Tarmligthe.

Is é an euro an t-airgeadra tuairiscithe, a chuirtear in iúl leis an tsiombail €.

< NÓTA 1

NÓTA 3 >