1. Cúlra

Ciste Bhanc Taisce an Phoist

Ráthaíonn an tAire Airgeadais aisíocaíocht agus seirbhísiú airgead a infheistíonn taisceoirí i mBanc Taisce an Phoist. Tarchuireann an Post na glanfháltais chuig Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (“an Ghníomhaireacht”). Ní cuid den Státchiste é Ciste Bhanc Taisce an Phoist (“Ciste”).

Féadfaidh an tAire Airgeadais aon bharrachas carnach sa Chiste a leithreasú don Státchiste i ndiaidh soláthar oiriúnach a dhéanamh do dhímheas ar luach shócmhainní an Chiste chun na dliteanais do na taisceoirí a íoc (an tAcht Airgeadais, 1930, Alt 19(1)).

Le linn 2015, bhí na príomhchuspóirí seo a leanas ag an gCiste:

  • airgead a chuireann taisceoirí ar fáil a infheistiú, agus
  • gníomhú mar idirghabhálaí trínar féidir leis an nGníomhaireacht idirbhearta tráinse, cealaithe, díolacháin agus aischeannaigh (comhaontú athcheannaigh) agus trádáil margaidh thánaistigh a idirbheartú, agus
  • airgead a sholáthar faoi Sheirbhísí Lárnacha Cisteáin do Chomhlachtaí ainmnithe Stáit.

Ón 1 Eanáir 2016, níl an Ciste á úsáid níos mó mar idirghabhálaí chun críche eisiúna príomhúla lena n-áirítear tráinsiú, cealú agus díol na n-urrús a eisíonn an Ghníomhaireacht. Leasaíodh an tAcht Airgeadais, 1970 le hAlt 87 d’Acht Airgeadais 2015 leis an athrú seo a éascú i dtaca le cealú urrús agus is ceadmhach don Aire urrúis a cheannach arna gcruthú nó arna n-eisiúint aige nó faoi aon fhoráil eile d’Acht Oireachtais cibé uair agus a mhinice is a mheasann seisean is iomchuí agus ar chaoi ar bith, cibé acu sa mhargadh oscailte nó eile, agus cuirfear aon urrúis den sórt sin ceannaithe amhlaidh ar ceal.

< GACH NÓTAI

NÓTAÍ EILE >