2 Bonn Ullmhúcháin

Ciste Bhanc Taisce an Phoist

Rinneadh na ráitis airgeadais a réiteach don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2015, agus rinneadh iad a ullmhú ar bonn fabhraithe faoi choinbhinsiún an chostais stairiúil ach amháin nuair a shonraítear a mhalairt.

2.1 Nósmhaireacht Tomhais

Is é an Euro an t-airgeadra tuairiscithe, a chuirtear in iúl leis an tsiombail €, arb é chomh maith airgeadra feidhmeach na Gníomhaireachta é. Rinneadh gach suim sna ráitis airgeadais a shlánú go dtí an míle is cóngaraí (a chuirtear in iúl le €’000) ach amháin má tá a mhalairt sonraithe.

2.2 Infheistíochtaí

Cuirtear na hinfheistíochtaí in iúl de réir costais.

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >