3. Ioncam Infheistíochta

Ciste Bhanc Taisce an Phoist

2015
€'000
2014
€'000
Ús Glan a Fuarthas agus is Infhaighte 39,295 66,255
(Caillteanas)/Brabús ar Infheistíochtaí (30,054) 63,370
9,241 129,625

Idirbheartaítear comhaontuithe díolacháin agus athcheannaigh idir an Ciste agus príomhdhéileálaithe sa mhargadh bannaí. Is in Ús Glan a Fuarthas agus is Infhaighte a léirítear an t-ioncam nó an costas úis a eascraíonn as na hidirbhearta sin.

Léiríonn an laghdú ar ioncam infheistíochta in 2015 an laghdú ar ghabháltais bannaí le linn na bliana mar aon leis an laghdú ar thorthaí bannaí go dtí torthaí ísle stairiúla le linn 2015. Áiríonn an Ciste a chuid gabháltas bannaí ar bhonn costais stairiúil agus ní aithníonn sé aon ghnóthachan neamhréadaithe. Áiríodh leis an mbrabús comparáideach de €63.4m ar infheistíochtaí in 2014 gnóthachain aonuaire de €52.2m a d’eascair as an nGníomhaireacht a gabháltas de bhannaí amúchta níos fadreathaí a fuarthas le linn na géarchéime eacnamaíche a dhíol le torthaí a bhí i bhfad níos airde a fháil.

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >