1. Cúlra

Ciste na gCuntas Díomhaoin

Foráiltear leis an Acht um Chuntais Dhíomhaoine, 2001 (arna leasú), do scéim chun cistí díomhaoine i mbainc, i gcumainn tógála, sa Phost agus airgead iníoctha faoi pholasaithe árachais neamhéilithe, a aistriú faoi chúram an Stáit, agus ceart athéilimh na gcistí sin a ráthú san am céanna. Foráiltear leis freisin go dtabharfar isteach scéim, chun críocha carthanachta nó chun tairbhe don tsochaí nó don phobal, trína n-íocfar amach cistí nach dóigh go n-athéileofar iad.

Is éard atá i gCiste na gCuntas Díomhaoin Cuntas Cúlchiste óna n-íoctar athéilimh agus speansais éagsúla agus Cuntas Infheistíochta agus Eisíocaíochta óna ndéantar infheistíochtaí agus eisíocaíochtaí.

Tá an Ghníomhaireacht freagrach, faoi alt 17 agus faoi alt 18 d’Acht 2001, as Ciste na gCuntas Díomhaoin a bhunú, a bhainistiú agus a rialú agus tá na cumhachtaí riachtanacha ar fad aici chun a cuid feidhmeanna a chur i gcrích (lena n-áirítear an chumhacht chun táillí a ghearradh, atá iníoctha ón gCiste, i ndáil leis an gCiste a bhainistiú agus a rialú). Áirítear leis na feidhmeanna sin:

  • eisíocaíochtaí a dhéanamh de réir threoracha an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
  • cothabháil an Chuntais Cúlchiste
  • táillí, costais agus speansais shonraithe a thabhaítear a ghlanadh
  • luach saothair, táillí agus speansais na gcigirí údaraithe a ghlanadh
  • aisíocaíocht airgid a aistríodh chuig an gCiste
  • plean bliantúil infheistíochta a ullmhú, agus aird ar an bplean eisíocaíochta agus ar aon treoir ón Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil
  • infheistíocht aon airgead chun creidmheasa an Chiste nach dteastaíonn, de thuras na huaire, chun dliteanais an Chiste a íoc
  • taifid chuntasaíochta iomchuí a choinneáil den airgead ar fad a fhaigheann agus a chaitheann an Ghníomhaireacht
  • cuntais bhliantúla a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus cóip de na cuntais arna n-iniúchadh a chur i láthair an Aire Airgeadais agus an Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil

De réir an Achta um Chuntais Dhíomhaoine (Leasú) 2012, is é an tAire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil atá freagrach as riar a dhéanamh ar an bpróiseas trína gceadaíonn an Rialtas na tionscadail agus na cláir lenar féidir cistí ó Chiste na gCuntas Díomhaoin a íoc amach. De réir an Achta sin, cheadaigh an Rialtas Scéim Eisíocaíochta nua i mí na Nollag 2013 agus foilsíodh Plean Gníomhaíochta um Chuntais Dhíomhaoine do 2014. Leagtar amach sa phlean sin na tionscadail agus na cláir ar ar féidir cistí ó Chiste na gCuntas Díomhaoin a leithdháileadh.

< GACH NÓTAI

NÓTAÍ EILE >