7. Costais Oibriúcháin

Ciste na gCuntas Díomhaoin

2015
€'000
2014
€'000
Táillí soláthraí seirbhíse (Pobal) 750 400

Faigheann Pobal táille bhliantúil seirbhíse as riar a dhéanamh ar thionscadail áirithe atá ag fáil eisíocaíochtaí ó Chiste na gCuntas Díomhaoin. Is í an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil a íocann an táille agus aisíoctar í ó Chiste na gCuntas Díomhaoin.

Costais Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

Faoi alt 45 (1)(c) den Acht um Chuntais Dhíomhaoine, 2001, arna leasú, ceanglaítear ar an nGníomhaireacht faisnéis shonraithe áirithe a thuairisciú, lena n-áirítear cuntas ar leith ar na speansais agus ar na táillí riaracháin a thabhaíonn an Ghníomhaireacht agus an Ciste á fheidhmiú aici. Sonraítear iad sin thíos:

2015
€'000
2014
€'000
Riarachán Ginearálta 4 150 150

4 Is meastachán é seo, a chuirtear san áireamh sna Nótaí leis na cuntais amháin, mar nár ghearr an Ghníomhaireacht na speansais sin ar Chiste na gCuntas Díomhaoin.

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >