4. Aistrithe chuig an gCuntas Cúlchiste

Ciste na gCuntas Díomhaoin

Faoi alt 17 (4) den Acht um Chuntais Dhíomhaoine, 2001, arna leasú, íocann Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta suim leis an gCuntas Cúlchiste, ó am go ham - suim a shocraíonn an Ghníomhaireacht í - le ceadú ón Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil agus le toiliú ón Aire Airgeadais, chun aisíocaíochtaí a dhéanamh ón gCiste agus chun táillí agus speansais éagsúla a ghlanadh. Déanann an Ghníomhaireacht aistriú go tréimhsiúil chun iarmhéid sa Chuntas Chúlchiste a choinneáil ag 15 faoin gcéad, mar atá ceadaithe faoi láthair, de na cistí iomlána díomhaoine a fuair Ciste na gCuntas Díomhaoin agus nár athéilíodh go fóill. Féadfaidh an t-iarmhéid sa chuntas Cúlchiste imeacht ó 15 faoin gcéad san idirthréimhse idir na dátaí athchothromaithe tréimhsiúla.

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >