2. Bonn Ullmhúcháin

Ciste na gCuntas Díomhaoin

Rinneadh na ráitis airgeadais a réiteach don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2015. Réitítear na ráitis airgeadais ar bhonn fabhruithe faoi choinbhinsiún an chostais stairiúil.

Tá sé de cheangal ar GBCN faoi alt 46(1) den Acht um Chuntais Dhíomhaoine, 2001, gach taifead cuntasaíochta iomchuí de shuimeanna a fuair nó a chaith an Ghníomhaireacht maidir leis an gCiste a choinneáil. Ullmhaíodh na ráitis airgeadais de réir alt 46(1) den Acht um Chuntais Dhíomhaoine 2001 agus iad i bhfoirm atá sonraithe ag an Aire Airgeadais.

Nósmhaireacht tomhais

Is é an Euro an t-airgeadra tuairiscithe, a chuirtear in iúl leis an tsiombail €, arb é chomh maith airgeadra feidhmeach na Gníomhaireachta é. Rinneadh gach suim sna ráitis airgeadais a shlánú go dtí an míle is cóngaraí (a chuirtear in iúl le €’000) ach amháin má tá a mhalairt sonraithe.

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >