11. Dliteanas Teagmhasach an Státchiste

Ciste na gCuntas Díomhaoin

11.1

Mar thoradh ar eisíocaíochtaí carntha a rinneadh go dtí seo, tá glansócmhainní an Chiste níos lú ná na cistí díomhaoine a aistríodh agus nár athéilíodh go fóill. Léiríonn an difríocht sin dliteanas teagmhasach an Státchiste a mbeadh ar an bPríomh- Chiste é a íoc sa chás go ndéanfaí an t-airgead ar fad a aistríodh chuig Ciste na gCuntas Díomhaoin a athéileamh.

Amhail an 31 Nollaig 2015, meastar gurb é €238m (2014: €229m) dliteanas teagmhasach an státchiste don Státchiste. Déantar dliteanas teagmhasach an státchiste a mheas bunaithe ar an airgead glan a aistríodh isteach sa chiste nach bhfuil athéilithe fós. Níl aon soláthar ná aon mheastachán déanta i dtaca le hús a bhféadfadh sé é a bheith iníoctha ar athéilimh sa todhchaí don tréimhse ó dháta an aistrithe go dtí dáta an athéilimh. Tá anailís bhreise ar dhliteanas teagmhasach an státchiste leagtha amach in Nóta 11.2 thíos.

Faoi alt 17(7) den Acht um Chuntais Dhíomhaoine, 2001 (arna leasú) aon uair nach leor an t-airgead sa Chuntas Infheistíochta agus Eisíocaíochtaí chun an t-easnamh sa Chuntas Cúlchiste a íoc, is féidir íocaíocht a dhéanamh ón bPríomh-Chiste leis an gCuntas Cúlchiste de shuim nach sáraíonn an t-easnamh. Dá dtarlódh sé seo, d’aisíocfaí an t-airgead leis an bPríomh-Chiste, a luaithe ab fhéidir go praiticiúil, ó airgead barrachais atá sa Chiste i ndiaidh soláthar a dhéanamh d’aon dliteanais nó d’aon dliteanais theagmhasacha a bhaineann leis an gCiste.

11.2 Anailís ar Dhliteanas Teagmhasach an Státchiste:

1 Eanáir
2015
€'000
Gluaiseacht
le linn na bliana
€'000
31 Nollaig
2015
€'000
Glansócmhainní an Chiste 214,792 27,121 241,913
Cistí Díomhaoine a Aistríodh agus nár Athéilíodh (443,378) (36,525) (479,903)
Dliteanas teagmhasach (228,586) (9,404) (237,990)

11.3 Léirítear an ghluaiseacht i nDliteanas Teagmhasach an Státchiste iontu seo a leanas:

€'000
Ioncam Úis (Nóta 6) 468
Ús ar aisíocaíochtaí airgid a aistríodh chuig an gCiste (Nóta 3) (183)
Eisíocaíochtaí (Nóta 5) (8,939)
Costais oibriúcháin (Nóta 7) (750)
Gluaiseacht don bhliain (Nóta 11.2 thuas) (9,404)

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >