12. Scéimeanna Coigilteas Stáit

2016
€m
2015
€m
Cairteacha Coigiltis 5,908 5,915
Bannaí Coigiltis 3,747 4,366
Bannaí Náisiúnta Dlúthpháirtíochta 4,149 3,445
Duaisbhannaí 2,892 2,481
Tráthchoigiltí 496 483
Stampaí Coigiltis 2 2
17,194 16,692

Tá na suimeanna a thaispeántar i leith Cairteacha Coigiltis, Bannaí Coigiltis, Bannaí Dlúthpháirtíochta, Duaisbhannaí agus Tráthchoigiltí, glan ar iarmhéideanna airgid de €5.7 milliún (2015: €0.3 milliún) atá á gcoimeád ag An Post, ag Permanent TSB Bank agus ag an gCuideachta Duaisbhannaí. Gníomhaíonn An Post agus an Chuideachta Duaisbhannaí mar chláraitheoirí do na scéimeanna faoi seach.

Ós rud é go réitítear na ráitis airgeadais seo ar bhonn airgid, ní áirítear sna dliteanais suim de €451 milliún (2015: €504 milliún), arb ionann í agus meastachán ar shuim an úis fhabhraithe amhail an 31 Nollaig 2016 i leith Cairteacha Coigiltis, Bannaí Coigiltis agus Tráthchoigiltí.

< NÓTA 11

NÓTA 13 >